Tábla 1.1 Dátaí deireanacha le haghaidh iarratais agus táilli
| CINEÁL IARRATAIS | TÁILLE | DÁTA DEIREANACH |
|---|
| larratas luath ar líne (ar lascaine) | €35 | 20 Eanaír 2027, ag 5pm |
| Gnáthiarratas ar líne | €50 | 1 Feabhra 2027, ag 5pm |
| larratas déanach ar líne – srianta i bhfeidhm (féach ar leathanach 3) | €65 | 1 Bealtaine 2027, ag 5pm |
| Athrú Intinne – srianta i bhfeidhm (féach ar leathanach 3) | Dada | 1 lúil 2027, ag 5pm |
Bí cinnte go ndéantar aon ghníomh i bhfad roimh na dátaí deiridh. Ba chóir duit a chinntiú nach ndéanann tú iarratas ró-ghar don dáta deiridh atá leagtha síos. Ní cheadófar aon síneadh ar na dátaí deiridh agus ní aísíocfar aon cheann de na táillí iarratais.
Is iarratais dhéanacha iad aon iarratas a fhaightear tar éis 5pm, ar an 1 Feabhra 2027. Is é 1 Bealtaine 2027, ag 5pm, an dáta deiridh le haghaidh iarratais dhéanacha, faoi réir na srianta a liostaítear ar leathanach 3 den lámhleabhar seo. Osclóidh an tsaoráid ar líne d'iarratais dhéanacha ar an 5 Márta 2027 ag 12:00 meán lae – tá táille €65 i gceist.
Más rud é gur chuir tú iarratas faoi bhráin an CAO i mbliain eile roimhe seo agus más maith leat iarratas a dhéanamh arís don bhliain 2027, ní mór duit iarratas nua a dhéanamh i.e. caithfidh tú an fhoirm iarratais a chomhlánú, an táille iarratais a íoc, agus aon eolas /cháipéisíocht bhreise atá ag teastáil a chur ar fáil. De ghnáth, ní bheidh do sheanuimhir iarratais CAO de dhíth ort toisc go dtabharfar uimhir CAO nua duit nuair a dhéanann tú iarratas. I gcás iarratasóiri atá ag tabhairt incháilitheacht DARE agus/nó HEAR ar aghaidh ón mbliain 2026, mura bhfuil tú in ann teacht ar d'uimhir iarratais CAO 2026 cuir róimhphost le do thoil chuig an CAO trí an tsaoráid don Teagmháil.
Téigh chuig www.cao.ie agus cliceáil ar ‘M’larratas’.
D’fhonn logáil isteach iarrfar ort d’uimhir iarratais CAO a chur isteach, do dháta breithe agus an pasfhocal a chruthaigh tú nuair a rinne tú an t-iarratas. Nuair a logálann tú isteach ar dtús iarrfar ort an cuntas rómhphoist a thug tú nuair a chláraigh tú a dheimhniú, tabharfar chuig an scáileán ‘Cáilíochtaí agus Measúnuithe’ ansin thú áit a n-iarrfar ort tuilleadh faisnéise a thabhairt faoin rannán/faoi na rannáin ‘Cáilíochtaí agus Measúnuithe’ a roghnaigh tú nuair a chláraigh tú ar chóras an CAO.
Féadfaidh roinnt iarratasóiri ceann amháin nó níos mó de na catagóiri thíos a roghnú, agus tá sé tábhachtach go gcuireann iarratasóiri an CAO ar an eolas faoi na cáillóchtaí go léir ionas go bhfaighidh siad creidiúint astu ag céim na dtairiscintí. Lean na treoracha le do thoil maidir leis na rannáin a bhaineann leatsa.
1 Scrudú na hArdteistiméireachta (1985–2027): féach leathanach 7
2 Scréduithe QQI FET/FETAC Leibhéal 5/6 (2002–2027): féach leathanaigh 8-9
3 A/AS-Leibhéil GCE / an GCSE (2006–2027): féach leathanaigh 10-11
4 Scruduithe Fágala Scoile Eile: féach leathanaigh 12-13
5 Breisoideachas eile: féach leathanaigh 14-15
6 Ardoideachas Triú Leibhéal: féach leathanach 16
7 larratasóir lánfhásta: féach leathanaigh 17-18