RÉAMHRÁ
Tá sé mar aidhm ag an Lár-Oifig Iontrála (CAO) déileáil le hiarratais go lárnach le haghaidh cúrsaí fochéime in Institiúidí Ardoideachais na hÉireann, agus féachaint chuige go ndéantar é seo go héifeachtúil agus go cothrom. Tá sé de cheart ag na hInstitiúidí Ardoideachais ar fad atá páirteach sa chóras cinneadh a dhéanamh maidir le hiarratais.
Ullmhaíodh an lámhleabhar seo chun faisnéis a thabhairt faoi phróiseas iarratais an CAO. Má léann tú an lámhleabhar seo go cúramach
gheobhaidh tú an fhaisnéis a theastaíonn uaith chun cuidiú leat le d'iarratas.
Is iomaí bealach a bheidh le hiniúchadh agat nuair a shocraíonn tú tabhairt faoin ardoideachas; i gcás fhomhór daoine, beidh iarratas CAO le déanamh ar an turas sin. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara, áfach, go bhfuil bealaí rochtana eile ann chuig an ardoideachas, agus go bhfuil institiúidí eile ag tairiscint breisoideachais agus ardoideachais, agus tá cáanna ann ina mbeidh ort iarratas a dhéanamh díreach chuig institiúid tú féin.
Ba chóir duit dóthain ama a thabhairt chun
taighde cúramach a dhéanamh ar do rogha
cúrsaí agus leas á bhaint agat as láithreáin
gréasáin agus foilseacháin na nInstitiúidí
Ardoideachais, agus na riachtanais maidir le
máithreánach agus na híosriachtanais iontrála a
sheiceáil – ní bhfaighidh tú tairiscint ar áit ar do
chúrsa roghnaithe mura gcomhlíonann tú na
híosriachtanais iontrála. Gheobhaidh tú tuilleadh
faisnéise ó fhoilseacháin agus ó láithreáin
gréasáin na n-institiúidí, ar Laethanta Oscailte,
agus ó do Threoirchomhairleoir.
D’fhéadfadh go mbeadh táillí nó
ranníocaíocht mic léinn le híoc. Ba chóir
duit tagairt do láithreán gréasáin na
hlístitiúide Ardoideachais chun faisnéis a fháil faoi na táillí agus téigh chuig
www.studentfinance.ie nó www.susi.ie chun faisnéis a fháil faoi airgead agus deontais.
Má tá ceisteanna agat don CAO nach bhfuil freagraí le fáil orthu in ábhar léitheoireachta an CAO ná ar láithreán gréasáin an CAO, nó má tá aon treoir nach dtuigeann tú, téigh i dteagmháil linn le do thoil leis an bhfoirm 'Teagmháil' ar an láithreán gréasáin www.cao.ie.