Measfar iarratais de réir na faisnéise ar fad a chuirtear ar fáil iontu. Ní bheidh an CAO ná na hInstitiúidí Ardoideachais freagrach má theipeann ar iarratasóir cibé faisnéis a iarrtar a chur ar fáil laistigh den am atá leagtha síos.
Úsáideann DARE/HEAR próiseas Athbhreithnithe agus Achomharc lena chinntiú go gcaitear go cóir le gach iarratas DARE/HEAR agus cuireadh na critéir mheasúnaithe i bhfeidhm go comhsheasmhach. Tá an próiseas seo oscalite d'iarratasóirí a bhfuil iarratas bailí déanta acu ar DARE/HEAR agus a fuair toradh measúnaithe neamh-incháilithe. Caithfear iarratais Athbhreithnithe agus Achomhairc a dhéanamh ar líne trí shaoráid ‘M’Iarratas’ CAO faoi na spriocdhátaí foilsithe. Tá sonraí ar an bpróiseas Athbhreithnithe agus Achomharc, lena n-áirítear sonraí maidir le hiarratas ar Athbhreithniú agus Achomharc a dhéanamh, spriocdhátaí agus forais d'Athbhreithniú agus Achomharc, ar fáil ar www.cao.ie agus www.accesscollege.ie
Tá Coimisiún Neamhspleách Achomharc (IAC) ag an CAO agus is féidir leo siúd a mheasann nach bhfuair siad cothrom na féinne ón CAO, agus nach bhfuil na gearáin sin réitithe cheana féin ag an CAO, a gcuid gearán a chur faoi bhráid an Choimisiúin.
Is é ról an Choimisiúin Achomharc a dhearbhú cé acu a chaith nó nár chaith an CAO go héagothrom le hiarratasóir. Déanann IAC an CAO achomhairc a mheas ar bhealach leanúnach faoi réir na scrúduithe seo a leanas:
Níl aon chostas ar an tseirbhís áirithe seo. Má tá tú míshásta le toradh d'achomhairc, féadfaidh tú gearán a chur faoi bhráid Oifig an Ombudsman.
Tabhair faoi deara: Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Oifig ó 10:00 go dtí 13:00 agus ó 14:00 go dtí 17:00 ó Luan go hAoine. Is é an bealach is fearr agus is éifeachtáin le teagmháil a dhéanamh leis an CAO ná tríd an bhfoirm ‘Teagmháil’ ar ár láithreán gréasáin ag www.cao.ie/contact
Má tá uimhir iarratais CAO agat, luaigh í i ngach comfhfreagras – cuirfidh sé sin ar ár gcumas breathnú ar d'iarratas agus freagra a thabhairt ar do cheist, laistigh de lá oibre amháin de ghnáth. Nuair atá tú logáilte isteach i do chuntas CAO féadfaidh tú róimhphost a sheoladh ón rannán Comfhfreagrais. Tá taifead sa rannán Comfhfreagrais ar an gcomfhfreagras ar líne ar fad atá nasachta le do chuntas.
Ní mór gach achomharc a dhéanamh i scribhinn ag baint úsáid as an bhFoirn Achomharc agus a chur chuig an CAO tríd an bpost. Íoslódáil agus priontáil an fhoirm achomhairc ó www.cao.ie/appeal. Caithfidh an fhoirm achomhairc seo bheith comhlánaithe agus sínithe ag an iarratasóir agus ní mór dó/dia lua léi cén fáth a meastar nár léiriodh cothrom na féinne. Caithfear doiciméid tacaíocha chuí triú páirtí a sholáthar in éineacht leis an achomharc. Scríobh d'Ainm, Seoladh, Uimhir Iarratais CAO, Dáta Breithe agus Seoladh Ríomhphoist ar an bhFoirn Achomhairc. Seolfar ar ais doiciméid achomhairc mura bhfuil foirm Achomhairc comhlánaithe in éineacht leo. Tá tuilleadh eolais agus treoracha maidir le hachomharc a chur isteach ar fáil ar www.cao.ie/darehearappeals
Agus míreanna a phostáil agat chuig CAO, ba chóir duit deimhniú postála a fháil ó oifig an phoist. Más mian leat deimhniú a fháil ón CAO go bhfuarthas do chuid doiciméad, ní mór duit cárta poist atá stampáilte agus ar a bhfuil do sheoladh féin a áireamh (ní bheidh stampa ag teastáil ar an gcárta poist más tá tú i do chóaió lasmuigh de Phoblacht na hÉireann). Seolfaidh an CAO an cárta poist ar ais chugat má fuarthas do chuid doiciméad.
Seoladh: An Lár-Oifig Iontrála, Teach an Túir, Sráid Eglinton, Gaillimh, H91 X25V, Éire
Guthán +353-(0)91-509800
Maidir le hachomhairc a bhaineann le spriocdhátaí d'iarratais an 1 Márta agus an 10 Márta de chuid DARE agus HEAR (i.e. achomhairc a bhaineann le hiarratas bailí a dhéanamh) caithfear iad a chur díreach chuig Coimisiún Neamhspleách Achomharc an CAO mar atá thuas. Tá tuilleadh faisnéis faoi achomhairc maidir le spriocdhátaí iarratais DARE HEAR a shárú ar fáil ar www.cao.ie/darehearappeals agus www.accesscollege.ie.
Má bhaineann do cheist le hincháilitheacht, le diolúintí, le srianta nó le riachtanais a bhaineann le cúrsa, ba chóir duit teagmháil dhíreach a dhéanamh leis na hlnstitiúidí Ardoideachais: www.cao.ie/hei