Eisítear tairiscintí Bhabhta a hAon a luaithe is féidir tar éis torthaí scrúduithe na hArdteistiméireachta don bhliain reatha a chur ar fáil. Cuirtear na torthaí isteach i gcóras an CAO agus le haghaidh gach cúrsa a ndearna tú iarratas air, seiceálfaidh córas an CAO ar dtús go gcomhlíonann tú na híosriachtanais iontrála.
Má chomhlíonann tú na critéir incháilitheachta le haghaidh an chúrsa/na gcúrsaí ar a ndearna tú iarratas, róimhfaidh an córas scór pointí ach Scála Comhchoiteann Pointí* na nInstitiúidí Ardoideachais a úsáid:
Scála Comhchoiteann Pointí na nInstitiúidí Ardoideachais
Tábla 1.6 Scála Comhchoiteann Pointí na nlnstitiúidí Ardoideachais
| Ard-Leibhéal Grád | Pointí | Gnáth-Leibhéal Grád | Pointí |
|---|
| H1 (90 – 100) | 100 | | |
|---|
| H2 (80 < 90) | 88 | | |
|---|
| H3 (70 < 80) | 77 | | |
|---|
| H4 (60 < 70) | 66 | | |
|---|
| H5 (50 < 60) | 56 | O1 (90 – 100) | 56 |
|---|
| H6 (40 < 50) | 46 | O2 (80 < 90) | 46 |
|---|
| H7 (30 < 40) | 37 | O3 (70 < 80) | 37 |
|---|
| H8 (0 < 30) | 0 | O4 (60 < 70) | 28 |
|---|
| | O5 (50 < 60) | 20 |
|---|
| | O6 (40 < 50) | 12 |
|---|
| | O7 (30 < 40) | 0 |
|---|
| | O8 (0 < 30) | 0 |
|---|
Bronnfar 25 pointe bónais don Mhata Ardleibhéal ar ghráid A6 agus níos airde. Mar shampla, má fhaigheann iarratasóir grád A6, cuirfear 25 pointe breise leis an 46 pointe a bronnadh cheana ar ghrád A6 i.e. tá scór 71 pointe ag gabháil do Mhata Ardleibhéal ag an iarratasóir seo.
Pointí LCVP*
Pointí i gcomhair Matamaitic Bhonnleibhéil*
| Grád LCVP | Pointí LCVP |
|---|
| Gradam | 66 |
|---|
| Fiúntas | 46 |
|---|
| Pas | 28 |
|---|
| Grád Mhatamaitic Bhonnleibhéil | Pointí Mhatamaitic Bhonnleibhéil |
|---|
| F1 | 20 |
| F2 | 12 |