CÉIM NA TAIRISCEANA

Tá trí phríomhbhabhta tairiscintí ann: Babhta A, Babhta a Náid agus Babhta a hAon. Tar éis an dáta freagartha le haghaidh Bhabhta a hAon, eisíonn an CAO tairiscintí Bhabhta a Dó le haghaidh na n-áiteanna atá fágtha. Eísíonn an CAO tairiscintí ina dhiaidh sin, de réir mar is gá, chun aon fholúntais a d'fhéadfadh teacht aníos a líonadh.

NA BABHTÁI TAIRISCEANA

Tábla 1.5 Na Babhtaí Tairisceana

BabhtaCatagóir larratasóra
Babhta A (go luath i mí lúil)Iarratasóiri a chuir cúrsaí siar; iarratasóiri lánfhásta; iarratasóiri lánfhásta d'altranas/chnáimhseachas; iarratasóiri arb hféidir go mbeadh orthu socruithe víosa a dhéanamh; iarratasóiri a bhfuil cúrsa Rochtana déanta acu.
Babhta a Náid (go luath i mí Lúnasa)Iarratasóiri Míochaine ar iontráil do chéimithe; iarratasóiri lánfhásta, iarratasóiri a chuir cúrsaí siar agus iarratasóiri Rochtana; agus iarratasóiri atá ag cur QQI FET/FETAC i láthair lena gcur san áireamh le haghaidh iontráil i gcúrsaí a bhfuil cuótaí i gceist iontu d'iarratasóiri QQI FET/FETAC (le seiceál an cúrsa a bhfuil cuóta i gceist leis atá ann, téigh chuig www.cao.ie/qqisearch)
Babhta a hAon (Le dearbhú)Gach iarratasóiri a bhfuil iarratas á dhéanamh acu ar bhonn torthaí scrúduithe fágála scoile (m.sh., an Ardteistiméireacht, GCE/GCSE agus iarratasóiri Fágála Scoile Eile), in ainneoin bhliain a gcríochnaithe; iarratasóiri FET QQI a rinne iarratas ar chúrsa i gcás nach bhfuil aon chuóta d'iarratasóiri FET QQI; agus iarratasóiri lánfhásta breise.
Babhta a Dó agus tairiscintí ina dhiaidh sin (go mall i mí Lúnasa go deireadh mhí Mheán Fómhair)Eisítear tairiscintí go dtí go dtagann an séasúr tairiscintí chun deiridh nó go dtí go bhfuil gach ceann de na háiteanna líonta, cibé acu is luaithe.

Chun an fhaisnéis is nuaí a fháil maidir le dátaí Tairisceana agus Glactha, tabhair cuairt ar an rannán Dátaí Tábhachtacha ar www.cao.ie

Ní bhíonn cuótta maidir le líon na n-áiteanna atá curtha ar leataobh d'iarratasóiri QQI i gceist le roinnt cúrsaí. Sa chás seo, déantar an t-iarratasóir a mheas den chéad uair i mBabhta a hAon, bunaithe ar na torthaí is airde a fuair sé/sí in aon iarracht amháin, is é sin, a t[h]orthaí QQI nó cáilíochtaí eile má tá torthaí eile á gcur ar fáil aige/aici, torthaí scrúduithe na hArdteistiméireachta, mar shampla.

TREOIR MAIDIR LE PRÓISEAS TAIRISCEANA AGUS GLACTHA AN CAO

Braitheann amanna tairiscintí d'arratasóiri até ag déanamh iarratais ar bhonn thorthai QQI FET/FETAC Leibhéal 5/6 ar an gcúrsa/na cúrsaí a bhfuil na hiarratasóiri ag cur isteach air/orthu. Bíonn cuóta do líon na n-áiteanna atá curtha ar leataobh d'arratasóiri QQI i gceist le roinnt cúrsaí. Sa chás seo déanfar iarratasóiri a mheas i mBabhta a Náid (go luath i mí Lúnasa) bunaithe ar a dtorthai QQI. Mura bhfaigheann an t-iarratasóiri tairiscint sa bhabhta tairisceana seo, agus má líontar cuóta na n-áiteanna atá ar fáil d'arratasóiri QQI FET/FETAC, is féidir é/í a mheas i mBabhta a hAon agus sna babhtaí ina dhiaidh sin bunaithe ar a t[h]orthaí Ardteistiméireachta nó ar cháilíochtaí fágála scoile eile. Ní bhíonn cuóta maidir le líon na n-áiteanna atá curtha ar leataobh d'arratasóiri QQI i gceist le roinnt cúrsaí. Sa chás seo, déantar an t-iarratasóiri a mheas den chéad uair i mBabhta a hAon, bunaithe ar na torthaí is airde a fuair sé/sí in aon iarracht amháin, is é sin, a t[h]orthaí QQI nó cáilíochtaí eile má tá torthaí eile á gcur ar fáil aige/aici, torthaí scrúduithe na hArdteistiméireachta, mar shampla.

Gach iarratasóir a bhfuil iarratas á dhéanamh acu ar bhonn torthaí/gráid scrúduithe fágála scoile, in ainneoin bhliain a gcríochnaithe, cuirfear in iomaíocht a chéile iad i leith tairiscint i mBabhta a hAon.

Tar éis eisiúint na dtairiscintí ó Bhabhta a hAon: aon iarratasóir nár éirigh leis nó léi tairiscint a fháil i mBabhta A, i mBabhta a Náid, ná i mBabhta a hAon, gheobhaidh sé nó sí riomhphost Seiceáil agus Dearbhaigh agus tabharfar treoir dó nó di sa riomhphost céanna chun a chuntas nó a cuntas CAO a sheiceáil agus oifigí CAO a chur ar an eolas láithreach má tharlaíonn go bhfuil aon earráin nó easnamh ann.