Tá roinnt cúrsaí atá liostaithe sa lámhleabhar seo agus tugann siad chomh fada le dámhachtaini nach mórdhámhachtaini iad thú. Beidh siad seo liostaithe mar is cuí mar Theastais (CT) nó mar Theastais Bunsraithe (FC) ag Leibhéal 6 NFQ agus mar Dhioplómaí (DP) ag Leibhéal 7 NFQ.
Tugann an tábla thíos faisnéis maidir leis na Leibhéil NFQ agus na Cineálacha Dámhachtaini á úsáidtear le rangú a dhéanamh ar na cúrsaí sa lámhleabhar seo:
Tábla 1.2 Leibhéil NFQ agus Cineálacha Dámhachtaini
| Leibhéil NFQ | Cineál Mórdhámhachtana |
|---|---|
| Leibhéal 8 | Céim Onóracha Bhaitsiléara |
| Leibhéal 7 | Gnáthchéim Bhaitsiléara |
| Leibhéal 6 | Ardteastas |
Is ortsa atá an fhreagracht a chinntiú go gcomhlíonann tú na coinníollacha agus na riachtanais íosta iontrála maidir le gach cúrsa a roghnaítear. Ní hionann iarratas a phróiseáil agus ará go nglactar leis go bhfuil na Riachtanais Íosta lonrála comhlíonta agat.
Chun do roghanna cúrsáí a chur isteach níl le déanamh agat ach logáil isteach ar an tsaoráid ‘M’larratas’ agus cliceáil ar ‘Cuir roghanna cúrsaí Leibhéal 8 leis’ nó ‘Cuir roghanna cúrsaí Leibhéal 7/6 leis’. Tugtar rogha duit 10 gcinn de roghanna cúrsaí a thabhairt isteach ar gach liosta, agus ní bheidh tionchar ag na roghanna a dhéanann tú ar liosta amháin ar na roghanna ar an liosta eile – an t-aon am a chaithfidh tú rogha a dhéanamh idir na liostaí is ea nuair a fhaigheann tú tairiscint ar chúrsa ón dá liosta.
Gheobhaidh tú deiseanna athruithe a dhéanamh ar do chuid liostaí de rogha cúrsaí ag úsáid na saoráide ‘Athrú Intinne’ – beidh srianta i bhfeidhm (féach ar leathanach 3). Chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir le roghanna cúrsaí a athrú, téigh chuig leathanach 26 an lámhleabhair seo agus téigh chuig www.cao.ie/com
Cathain a bheidh mé in ann mo chúrsáin a athrú/cúrsaí a chur le m'iarratas?
| 5 Samhain – 1 Feabhra ag 5pm | Saor in aisce |
|---|---|
| 5 Feabhra – 1 Márta ag 5pm* | Táille €10 |
| 5 Bealtaine – 1 lúil ag 5pm | Saor in aisce |
*Féadfaidh iarratasóiri lánfhásta nó iad siúd ar mhaith leo cúrsa srianta a chur lena n-iarratas úsáid a bhaint as an tréimhse oscailte seo chun cúrsaí a athrú/a chur lena n-iarratas. Murar iarratasóir lánfhásta thú nó murar cúrsaí srianta iad na cúrsaí ar mhaith leat a chur le d'iarratas, is féidir leat fanacht go dtí mí na Bealtaine nó mí an Mheithimh chun athruithe a dhéanamh.
www.cao.ie/courses
Nuair a bhíonn tú ag cur isteach do roghanna cúrsaí tá sé thar a bheith tábhachtach go dtugann tú liosta de do chuid cúrsaí bunaithe ar do roghanna pearsanta i ndáiríre agus ní ar thuairimí maidir le conas a éireoidh leat sna scrúduithe nó na pointí a cheapann tú a theastóidh le haghaidh cúrsa.
Ag an gcéim thairisceana gheobhaidh tú tairiscint ar an gcúrsa is airde ar do liosta de roghanna cúrsaí a meastar tú a bheith incháilithe ina leith, más ann dóibh. Mar shampla, má fhaigheann tú do chúrsa céadrogha Leibhéal 8 i mBabhta a hAon ní bhfaighidh tú tairiscint ar chúrsa Leibhéal 8 faoi sin i mbabhtaí ina dhiaidh sin. Má fhaigheann tú tairiscint ar an tríú cúrsa a roghnaigh tú d'fhéadfá fós tairiscint a fháil ar an gcéad nó ar an dara cúrsa a roghnaigh tú i mbabhta tairisceana ina dhiaidh sin, ach ní bhfaighidh tú tairiscint ar an gcéathrú cúrsa a roghnaigh tú ná ar aon chúrsa faoi sin.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi conas a eisítear tairiscintí agus faoi ord tosaíocha, féach ar threoracha fése an CAO ag www.cao.ie/video agus téigh chuig www.cao.ie/preference