IARRATAS AR DHEONTAS TÁILLE COTHABHÁLA (SUSI)
Más tá iarratas déanta agat ar dheontas SUSI, nó má tá sé i gceist agat sin a dhéanamh, tig leat é seo a chur in iúl ar d'iarratas CAO ar líne. Tabharfaidh an CAO do shonraí aitheantais, teagmhála agus tairisceana/glactha don údarás deontais (SUSI). Díreach toisc go guireann tú tic sa rannán seo den fhoirm CAO ní chiallaíonn sé sin go ndearna tú iarratas ar SUSI mar sin déan cinnte go dtabharfaidh tú cuairt ar www.studentfinance.ie nó www.susi.ie chun na céimeanna riachtanacha a chur i gcrích. Seachas na sonraí seo a chur ar fáil don údarás deontais, níl ról ar bith ag an CAO in iarratais ar dheontais a phróiseáil.
Más mian leat diolúine a fháil ó na riachtanais íosta iontrála (e.g. diolúine ón nGaeilge nó ó riachtanais teanga chomhaimseartha) ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le hOifígí lontrála na nInstitiúidí Ardoideachais chun níos mó eolais a fháil (i gcás Institiúidí Ollscoil na hÉireann, féach ar www.nui.ie le haghaidh tuilleadh sonraí). Beidh diolúintí Ollscoil na hÉireann, nuair a dhéanann Ollscoil na hÉireann iad a phróiseáil, le feiceáil i rannán Cáilíochtaí agus Measúnuithe de chuntais iarratasóiri ó go luath i mí an Mhárta.
I mí Bealtaine, gheobhaidh tú róimhphost Seiceáil agus Dearbhaigh a thabharfaidh treoir duit logáil isteach ar chuntas CAO le seiceáil go bhfuil an t-eolas cuntais agus scrúdaithe ar fad comhlánaithe agus i gceart. Le seiceáil go ndearnadh taifeadadh ar do dhíolúine Ollscoil na hÉireann nó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath nó Ollscoil Luimnigh, téigh chuig rannán Cáilíochtaí agus Measúnuithe d'iarratais. Má tá taifeadadh ann de dhíolúine, beidh sé le feiceáil ansín.
Má deonaíodh díolúine duit ag NUI, TCD agus/nó UL agus nach bhfuil tagairt dó i do chuntas nuair a eisítear an róimhphost Seiceáil agus Dearbhaigh, ní mór duit fógra a thabhairt don institúid a dheonaigh an díolúine láithreach.
Má deonaíodh díolúine duit ag NUI, TCD agus/nó UL agus nach bhfuil tagairt dó i do chuntas nuair a eisítear an róimhphost Seiceáil agus Dearbhaigh, ní mór duit fógra a thabhairt don institúid a dheonaigh an díolúine láithreach.
NOD:
Tá tuilleadh faisnéise
maidir le diolúintí
ar fáil sa rannán
‘larratasóiri’ ar
www.cao.ie
cao.ie/exemptions
Cuir isteach do roghanna maidir le cúrsai
Leibhéal 8 agus Leibhéal 7/6 faoin 1
Feabhra le srianta a sheachaint
Tá na cúrsai atá liostaithe sa Lámhleabhar seo rangaithe
laistigh den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí (NFQ). Liostaítear
cúrsai de réir an Leibhéal Gnóthachtála Foghlama NFQ is féidir a bhaint amach, mar shampla, Leibhéal 6, 7 nó 8 NFQ agus de réir an chineáil Dámhachtana NFQ is féidir a shroicheadh e.g. Céim Onóracha Bhaitsiléara.