Ba cheart duit na doiciméid seo a leanas a chur isteach:
Cruthúnas d'aon cháilíochtaí a luadh ar an bhFoirm
Iarratais d'Iarratasóiri Lánfhásta (laistigh de 10 lá ó cláraíodh leis an CAO)
Faisnéis fhorliontach nach raibh tú in ann a chur isteach sa spás a cuireadh ar fáil
Doiciméid ar bith atá ag teastáil ó gach ceann de na hinstitiúidí a bhfuil tú ag cur isteach orthu
Murab é an Béarla do chéad teanga, ní mór duit cumas sa Bhéarla a léiriú.
Le haghaidh breis eolais, déan teagmháil le hOifig
lonrála na hinstitiúide/n-institiúidí ar mhaith leat iarratas
a chur isteach uirthi/orthu.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi
dhoiciméid a leagan isteach, téigh chuig
leathanaigh 99 & 100 de Lámhleabhar an
CAO. Is féidir doiciméid a uaslóádail chuig
do chuntas nó a sheoladh sa phost chuig
an CAO. ná déan an dá rud.
Ní mór duit do dhoiciméid thacaíochta a leagan isteach chuig an CAO laistigh de 10 lá ón am a cláraíodh ar líne leis an CAO.
!
Déanann na hInstitiúidí Ardoideachais féin larratasóiri
Lánfhásta atá ag cur iarratas isteach ar bhonn aibóchta
a mheas. Beidh ort teagmháil a dhéanamh le hOifígí
lonrála na nInstitiúidí Ardoideachais éagsúla chun eolas
a fháil ar an gcaoi a ndéanfar do cháilíochtaí a mheas.
I gcásanna áirithe, d'fhéadfadh Institiuídí Ardoideachais na nithe seo a leanas a chur san áireamh freisin
Aitheantas Réamhfhoghlama (RPL). Moltar d'iarratasóiri teagmháil a dhéanamh lena rogha Institiúid
Ardoideachais féin lena dheimhniú má tá RPL ar fáil agus chun na riachtanais faoi leith a bhaineann leis a thuiscent. Tiocfaidh tú ar shonraí teagmhála na nInstitiúidí Ardoideachais ag an nasc thíos:
Cuirfear iarratasóiri atá á meas ar bhonn aibóchta san áireamh do thairiscintí i mBabhta A, a bhíonn ar siúl go luath i mí lúil de ghnáth. D'fhéadfaí roinnt tairiscintí breise a eisiúint d'iarratasóiri lánfhásta i mBabhta a Náid (go luath i mí Lúnasa).
Meastar ar iarratasóiri lánfhásta atá san iomaíocht ar bhonn cáilíochtaí fágála scoile (mar shampla, torthaí na hArdteistiméireachta) i mBabhta a hAon.
TABHAIR FAOI DEARA: rachaidh muid i dteagmháil le hiarratasóiri tríd an rómhphost. Nuair a sheolann muid rómhphoist, seolann muid iad chuig an seoladh rómhphoist a cláraíodh ar d'iarratas CAO. Cinntigh le do thoil go gcoimeádann tú súil ar an mbosca rómhphoist seo le haghaidh teachtaireachtaí ón CAO. D'fhéadfá a bheith siar go mór leis mura ndéanann tú amhlaidh. Is féidir cóip de gach rómhphost a seoladh ón CAO a fheiceáil sa rannán Comhfhreagrais i do chuntas CAO.