TÁBHACHTACH: Is gá d'iarratasóiri a bhfuil cáilíochtaí Ardoideachais Triú Leibhéal á leagan isteach acu an méid seo a leanas a léamh go cúramach agus ina iomláine.
Ba cheart duit an chatagóir seo a roghnú má d'fhreastail tú ar institiúid ardoideachais ag am ar bith, in áit ar bith, agus ar feadh tréimhse ar bith ama. Is gá an chatagóir seo a roghnú is cuma ar éirigh leat nó nár éirigh leat sna scrúduithe a rinne tú nó mura ndearna tú na scrúduithe. Mura guireann tú an fhaisnéis chuí ar fáil, d'fhéadfaí d'iarratas a chur ar ceal. Déantar rudai a sheiceáil lena chinntiú nach bhfuil an fhaisnéis sin fángtha ar lár.
Moltar duit do dhoiciméid thacaíochta a leagan isteach chuig an CAO a luaithe agus is féidir. Maidir le scrúduithe a rinneadh cheana féin, ba cheart cruthúnas a chur chuig an CAO taobh istigh de 10 lá ó chláraigh tú leis an CAO. Is gá cruthúnas a bhaineann le torthaí scrúduithe a bheidh á ndéanamh sa bhliain reatha a chur chuig an CAO a luaithe agus a bhíonn siad ar fáil, agus is gá go mbeidh siad ag an CAO 12 lá ar a laghad roimh an mbabhta ábhartha tairiscintí.
Má tá cúrsa críochnaithe agat, ansin ba chóir duit cóip de thuairisc acadúil a sholáthar.
Má tharraing tú amach as cúrsa sula raibh sé
críochnaithe agat, ansin ba cheart duit teastas tinrimh a sholáthar a thaispeánann na dátaí a thosaigh agus a tharraing tú amach as an gcúrsa.
Má tá tú fós ag freastal ar institiúid ardoideachais, tabhair sonraí iomlána (ar an bhfoirm ar líne) maidir leis an institiúid/na hinstitiúidí, cúrsa(í) a rinneadh, na dátaí freastail, stádas faoi láthair, agus torthaí a fuarthas (agus an t-iarratas á dhéanamh agat). Cuir cóipeanna de thorthaí scrúduithe atá faighte agat go dtí seo (más ann dóibh) ar fáil. Ní gá duit na doiciméid atá luaite i bpointí 1 agus 2 thuas a sholáthar.
Déanann na hInstitiúidí Ardoideachais cáiliúchtaí Ardoideachais Tríú Leibhéal a mheas. Beidh ort teagmháil a dhéanamh le hOifigí lontrála na nInstitiúidí Ardoideachais éagsúla chun eolas a fháilar an gcaoi a ndéanfar do cháilióchtaí a mheas. Tiocfaidh tú ar shonraí teagmhála na nInstitiúidí Ardoideachais ag an nasc thíos:
cao.ie/hei
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi dhoiciméid a leagan isteach, téigh chuig leathanaigh 99 & 100 de Lámhleabhar an CAO. Is féidir doiciméid a uaslóádail chuig do chuntas nó a sheoladh sa phost chuig an CAO. ná déan an dá rud.
TABHAIR FAOI DEARA: rachaidh muid i dteagmháil le hiarratasóiri tríd an rómhphost. Nuair a sheolann muid rómhphoist, seolann muid iad chuig an seoladh rómhphoist a cláraíodh ar d'iarratas CAO. Cinntigh le do thoil go gcoimeádann tú súil ar an mbosca rómhphoist seo le haghaidh teachtaireachtaí ón CAO. D'fhéadfá a bheith siar go mór leis mura ndéanann tú amhlaidh. Is féidir cóip de gach rómhphost a seoladh ón CAO a fheiceáil sa rannán Comfhfreagrais i do chuntas CAO.