D'fhéadfadh sé go n-iarrfáí ar iarratasóiri chomh maith cruthúnas a chur ar fáil ar inniúlacht sa Bhéarla. Le haghaidh breis eolais maidir le hinniúlacht sa Bhéarla féach le do thoil an cháipéis atá ar fáil ag an nasc thíos nó téigh i dteagmháil le hOifig lontrála na hinstitiúide ar mhaith leat iarratas a chur isteach uirthi:
cao.ie/euefta
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi dhoiciméid a leagan isteach, téigh chuig leathanaigh 99 & 100 de Lámhleabhar an CAO. Is féidir doiciméid a uaslódáil chuig do chuntas nó a sheoladh sa phost chuig an CAO. ná déan an dá rud.
Meastar iarratasóirí a leag iarratas isteach ar bhonn cáilíochtaí Fágála Scoile Eile (in ainneoin bhliain a gcríochnaithe) do thairiscintí i mBabhta a hAon agus sna babhtaí ina dhiaidh sin.
Moltar duit do dhoiciméid thacaíochta a leagan isteach chuig an CAO a luaithe agus is féidir. Maidir le scrúduithe a rinneadh cheana féin, ba cheart cruthúnas a chur chuig an CAO taobh istigh de 10 lá ó chláraigh tú leis an CAO. Is gá cruthúnas a bhaineann le torthaí scrúduithe a bheidh á ndéanamh sa bhliain reatha a chur chuig an CAO a luaithe agus a bhíonn siad ar fáil, agus is gá go mbeidh siad ag an CAO 12 lá ar a laghad roimh an mbabhta ábhartha tairiscintí. Féadfaidh sé go measfaidh Institiúidí Ardoideachais doiciméid a fhaightear i ndiaidh an dáta seo, ach tá baol ann nach measfar iad go dtí an chéad bhabhta eile.
Déanann na hInstitiúidí Ardoideachais cáillóchtaí Fágála Scoile Eile a mheas. Beidh ort teagmháil a dhéanamh le hOifígí lontrála na nInstitiúidí Ardoideachais éagsúla chun eolas a fháil ar an gcaoi a ndéanfar do cháilíochtaí a mheas.
Tiocfaidh tú ar shonraí teagmhála na nInstitiúidí Ardoideachais ag an nasc thíos:
Is féidir teacht ar eolas maidir leis an gcaoi a dtugann Institiúidí Ardoideachais faoin a measúnú agus scóráil sa cháipéis atá ag an nasc thíos:
Tabhair faoi deara: I gcás iarrthóiir a rugadh lasmuigh de Phoblacht na hÉireann, a fuair a gcuid scolaíochta iomláine lasmuigh de Phoblacht na hÉireann, agus a bhfuil cáilíochtaí seachas an Ardteistiméireacht á gcur isteach acu chun máithreánú, déantar iad sin a dhíolmhú go huathoibríoch ó Ghaeilge agus ní gá dóibh iarratas a dhéanamh ar Ollscoil na hÉireann.
TABHAIR FAOI DEARA: rachaidh muid i dteagmháil le hiarratasóiri tríd an rómhphost. Nuair a sheolann muid rómhphoist, seolann muid iad chuig an seoladh rómhphoist a cláraíodh ar d'iarratas CAO. Cinntigh le do thoil go gcoimeádann tú súil ar an mbosca rómhphoist seo le haghaidh teachtaireachtaí ón CAO. D'fhéadfá a bheith siar go mór leis mura ndéanann tú amhlaidh. Is féidir cóip de gach rómhphost a seoladh ón CAO a fheiceáil sa rannán Comfhfreagrais i do chuntas CAO.