4. Iarratasóiri Fágála Scoile Eile

TÁBHACHTACH: Is gá d'iarratasóiri a bhfuil Scrúduithe Fágála Scoile Eile á leagan isteach acu an méid seo a leanas a léamh go cúramach agus ina iomláine.

Céard iad Scrúduithe Fágála Scoile Eile?

Áirítear sa chatagóir Scrúduithe Fágála Scoile Eile an méid seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dó:

  • Scruduithe Fágala Scoile lasmuigh den Ríocht Aontaithe & d'Éirinn
  • Baccalaureate
  • Scrúduithe Albanacha
  • Ardteistiméireacht na hÉireann a rinneadh roimh 1985
  • GCE/GCSEenna na Ríochta Aontaithe a rinneadh roimh 2006
  • Scrudú na hArdteistiméireachta Feidhmi
  • BTEC Leibhéal 1-3
  • GNVQanna
  • VC Enna
  • Scréduithe Máithreánacha na hÉireann
  • ICCE, FSMQ, agus Dámhachtaini Teicniúla Cambridge
  • Scruduithe Máithreánacha Choláiste na Tríonóide ón mBliain Roimhe Seo
  • Pre-U nach mbaineann leis an mbliain reatha
  • Cáilíochtaí nach bhfuil san áireamh cheana féin faoi chatagóiri 1, 2, 3, 5, 6, nó 7

Cén t-eolas is gá dom a chur isteach ar fhoirm irratais an CAO?

Tabhair sonraí le do thoil faoi Scrúduithe Fágála Scoile eile agus na blianta ar cuireadh i gcrích iad i rannán Cáilíochtaí agus Measúnuithe d'iarratas CAO. Déan cur síos gearr ar na scrúduithe, lena n-airítear sonraí maidir leis an leibhéal creatlaí Náisiúnta nó Eorpaí nuair is iomchuí.

Cad iad na doiciméid tacaíocha na chó mó r dom a leagan isteach?

Ceanglaítear ar iarratasóiri Scoile Deiridh a dtortháin scrúduithe deiridh, aistriúcháin a ghabhann leo (más gá), agus fianaise ar inniúlacht sa Bhéarla (más gá) a chur isteach.

Féach Critéir Riachtanas Iontrála d'iarratasóiri

AE/EFTA/Ríocht Aontaithe le haghaidh riachtanais shonracha do do thír: www.cao.ie/euefta.

! NÁ cuir isteach giáid tuartha nó ráiteas pearsanta. Ní leor ach teastais/ráiteas torthaí ó údarás scrúdaithe.

Ní mór duit cóipeanna bunaidh de do thras-scríbhinní nó de do theastais a choinneáil mar d'fhéadfadh go n-iarrfáin ót iad a thíolacadh do HEIanna roimh an gclárú. Mura gcuirtear na doiciméid riachtanacha i láthair ar iarratas ó HEI, d'fhéadfadh an HEI tairiscint áit a tharraingt siar nó diúltú tú a chlárú mar mhac léinn.

Más iarratasóir IB Bhealtaine 2027 thú:

Iarr ar Chomhordaitheoir IB do scoile “An Lár-Oifig lontrála (CAO)” a chur le liosta na n-instititiúidí a mbeidh cead acu rochtain a fháil ar do chuid torthaí.

Beidh ort d'Uimhir Iarratasóra IB (3 litir + 3 uimhir) a chur ar fáil freisin ionas gur féidir leis an CAO do thorthaí a mheaitseáil i gcceart.

Má rinne tú an IB roimh Bhealtaine 2027:

Ní mór duit fianaise oifigiúil de do thorthai IB a uaslódáil (nó a chur sa phost) díreach ar d'iarratas CAO. Is féidir teacht ar threoracha ar cao.ie/upload (nó má tá na doiciméid á gcur sa phost agat, féach ar cao.ie/post).

Céard is aistriúchán oifigiúil ann?

Is ionann aistriúchán oifigiúil agus aistriúchán a chuir soláthraí gairmiúil seirbhíse aistriúcháin ar fáil.