IARRATAS A CHUR CHUIG AN CAO / LÁMHLEABHAR AN CAO 2027
Cad iad na doiciméid nach mór dom a leagan isteach?
Is GÁ dut cóipeanna de theastais/ráitis torthaí scrúduithe (seachas scrúduithe shamhradh 2027) a chur faoi bhráid an CAO láithreach. Ní mór do na boird scrúdaithe (ina bhfuil lógó den Bhord Scrúdaithe) deimhnithe nó ráitis torthaí a eisiúint. Ní leor doiciméid a chuirfdh scoileanna ar fáil.
Ní mór duit cóipeanna bunaidh de do thras-scríbhinní nó de do theastais a choinneáil mar d'fhéadfadh go n-iarrfáin órt iad a thóilacadh do HEIanna roimh an gclárú. Mura gcuirtear na doiciméid riachtanacha i láthair ar iarratas ó HEI, d'fhéadfadh an HEI tairiscint áit a tharraingt siar nó diúltú tú a chlárú mar mhac léinn.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi dhoiciméid a leagan isteach, téigh chuig leathanach 100 de Lámhleabhar an CAO. Is féidir doiciméid a uaslóádail chuig do chuntas nó a sheoladh sa phost chuig an CAO. Ná déan an dá rud.
Céard a tharlóidh má sheolaim an doiciméad mícheart isteach nó má dhéanaim dearmad doiciméad a sheoladh isteach?
Nuair a bheidh do chuid doiciméad tacaíocha againn, déanfaidh muid iad a sheiceáil in éadan an eolais a chuir tú ar fáil i d'iarratas ar líne. Mura gcuireann tú doiciméid ar fáil le tacú le d'iarratas, ní chuirfear torthaí a chuir tú in íul san áireamh chun críocha measúnaithe. Is tusa, an t-iarratasóir, atá freagrach as na doiciméid chearta a sheoladh.
NÓTAÍ:
Ní mór Boird seachas CCEA, CAIE (Cambridge), AQA, Pearson (Edexcel), OCR, WJEC, EDUQAS a chuir faoi Scrúduithe Fágála Scoile Eile. Ceanglaítear ar iarratasóiri ar Cháiliochtaí Breisithe Tionscadail bord, ionad agus uimhreacha iarratasóiri a chur isteach faoi GCE/GCSE. Ba cheart cóipeanna de na cáiliochtaí seo a sheoladh chuig oifigí CAO a luaithe a bheidh fáil orthu. Ba cheart Cambridge Pre-U ón mbliain roimhe sin a chur isteach faoi Chatagóir 4, Scrúduithe Fágála Scoile Eile.
Céard a tharlaíonn nuair a fhaighim mo thorthai ó scrúduithe samhraidh 2027?
Tá sé i gceist againn torthaí scrúduithe ‘A’ agus ‘AS’-Leibhéal Samhradh 2027 na Breataine agus Thuaisceart Éireann a bhailiú go leictreonach ó údaráin scrúdaithe i Mí Lúnasa. Chun seo a dhéanamh, is gá go mbeadh d'lonad ceart agus d'Uimhir cheart Iarratasóra againn. Nuair a eisítear na torthaí i mí Lúnasa seolfaidh muid róimhphost chugat le treoracha maidir le do chuntas a sheiceáil do thorthaí ‘GCSE’, ‘A’ agus ‘AS’ atá ar taifead ag an CAO. Is gá cóipeanna de thorthaí scrúdaithe nach bhfuil ag teacht anús i do chuntas a sheoladh chuig an CAO gan mhoill.
Moltar duit, má tá tú ag tabhairt faoi A-Leibhéil taobh amuigh den Ríocht Aontaithe, socruithe a dhéanamh le torthaí a sheoladh chuig an CAO a luaithe agus a bhíonn fáil agat orthu. Ní féidir an CAO gealladh go mbeadh rochtain leictreonach againn ar na torthaí seo.
Cathain a chuirfear mé ar an eolas maidir le tairiscint?
Meastar iarratasóirí a leag iarratas isteach ar bhonn cáilíochtaí GCE/GCSE do thairiscintí i mBabhta a hAon agus sna babhtaí ina dhiaidh sin.
Ceanglaítear ar iarratasóiri ar Cháiliochtaí Breisithe Tionscadail bord, ionad agus uimhreacha iarratasóiri a chur isteach faoi GCE/GCSE. Ba cheart cóipeanna de na cáilíochtaí seo a sheoladh chuig oifigí CAO a luaithe a bheidh fáil orthu. Ba cheart Cambridge Pre-U ón mbliain roimhe sin a chur isteach faoi Chatagóir 4, Scrúduithe Fágála Scoile Eile. Sci.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir le cáilióchtaí agus measúnuithe d'arratasóirí GCE, téigh chuig cao.ie/gce
!
TABHAIR FAOI DEARA: rachaidh muid i dteagmháil le hiarratasóiri tríd an rómhphost. Nuair a sheolann muid rómhphoist seolann muid iad chuig an seoladh rómhphoist a cláraíodh ar d'iarratas CAO. Cinntigh le do thoil go gcoimeádann tú súil ar an mbosca rómhphoist seo le haghaidh teachtaireachtaí ón CAO. D'fhéadfá a bheith siar go mór leis mura ndéanann tú amhlaidh.