Cumarsáid thábhachtach ón CAO:

Ba cheart duit breathnú ar do róimhphoist go rialta mar d’fhéadfaimis cumarsáid thábhachtach a dhéanamh leat tríd an róimhphost maidir le d’iarratas.

Gheobhaidh gach iarratasóir róimhphost Seiceáil agus Dearbhaigh ón CAO í mí Bealtaine.

I mí an Mheithimh, gheobhaidh gach iarratasóir a chuir QQI FET agus FETAC in iúl riomhphost ón CAO maidir lena dtortháin QQI.

Cathain a chuirfear mé ar an eolas maidir le tairiscint?

Braitheann amanna tairiscintí d'iarratasóiri atá ag déanamh iarratais ar bhonn thorthai QQI FET/FETAC Leibhéal 5/6 ar an gcúrsa/na cúrsaí a bhfuil an t-iarratasóir ag cur isteach air/orthu.

Bíonn cuóta do líon na n-áiteanna atá curtha ar leataobh d'iarratasóiri QQI i gceist le roinnt cúrsaí. Sa chás seo, déanfar tú a mheas i mBabhta a Náid (go luath i mí Lúnasa) bunaithe ar do thorthaí QQI. Mura bhfaigheann tú tairiscint sa bhabhta tairisceana seo, agus má líontar cuóta na n-áiteanna atá ar fáil d'iarratasóiri QQI FET/FETAC, is féidir tú a mheas i mBabhta a hAon agus sna babhtaí ina dhiaidh sin bunaithe, mar shampla, ar do thorthaí Ardteistiméireachta nó ar cháilíochtaí fágála scoile eile.

Ní bhíonn cuótta maidir le líon na n-áiteanna atá curtha ar leataobh d'iarratasóiri QQI i gceist le roinnt cúrsaí. Sa chás seo, déanfar tú a mheas den chéad uair i mBabhta a hAon, bunaithe ar na torthaí is airde a fuair tú in aon iarracht amháin, is é sin, do thorthaí QQI nó cáilíochtaí eile má tá torthaí eile á gcur ar fáil agat, torthaí scrúduithe na hArdteistiméireachta, mar shampla.

Céard is Cúrsa a bhfuil/nach bhfuil Cuóta i gceist leis ann?

Bíonn cuóta do líon na n-áiteanna atá curtha ar leataobh d'iarratasóiri QQI i gceist le roinnt cúrsaí. Déanfar iarratais ar chúrsaí QQI a bhfuil cuóta ag baint leo a mheas i mBabhta a Náid (go luath i mí Lúnasa). Déanfar iarratais ar chúrsaí nach bhfuil cuóta ag baint leo a mheas den chéad uair i mBabhta a hAon, in éineacht le fágálaithe scoile eile.

Is féidir leat seiceáil an mbaineann cuóta QQI leis na cúrsaí a bhfuil tú ag cur isteach orthu ag baint úsáid as an nasc thíos:

www.cao.ie/qqisearch

Cuir isteach cód cuí an chúrsa agus brúigh ar Lean ar Aghaidh.

!

Tiocfaidh leathanach aníos ansin ina leagtar amach na Mordhámhachtaini agus aon dámhachtaini comhpháirte riachtanacha a theastaíonn le go ndéanfar tú a mheas don chúrsa. Sa cholún deireanach a bhfuil ‘Nótaí’ mar theideal air, beidh cóid a léiríonn más cúrsa a bhfuil nó nach bhfuil cuóta i gceist atá ann (Beidh cóid ann freisin a bhaineann le cur le chéile dámhachtaini comhpháirte ó níos mó ná bliain acadúil amháin ar mhaithe le cuspóiri scórála):

Std - An scór a úsáidtear le hiarratasóiri a rangú i measc fágálaithe scoile agus an dream a bhfuil QQI FET/FETAC á chur i láthair acu.

Qta - An scór a úsáidtear le hiarratasóiri QQI FET/FETAC a rangú lena gcur san áireamh le haghaidh iontráil i gcúrsaí a bhfuil cuótaí i gceist iontu d'iarratasóiri QQI FET/FETAC.

One - Úsáidtear an scór is fearr i seisiún amháin measúnaithe QQI FET/FETAC ar mhaithe le cuspóiri rangaithe.

Cmb - Úsáidtear an scór is fearr i meascán ar bith de sheisiúin mheasúnaithe QQI FET/FETAC ar mhaithe le cuspóiri rangaithe.

Art - Comhcheanglófar an measúnú QQI FET/FETAC le measúnú a chuir an Institiúid Ardoideachais a bhfuil an cúrsa á chur ar fáil aici i gcrích (m.sh., measúnú punann ealaíne nó éisteacht).

TABHAIR FAOI DEARA: rachaidh muid i dteagmháil le hiarratasóiri tríd an rómhphost. Nuair a sheolann muid rómhphoist, seolann muid iad chuig an seoladh rómhphoist a cláraíodh ar d'iarratas CAO. Cinntigh le do thoil go gcoimeádann tú súil ar an mbosca rómhphoist seo le haghaidh teachtaireachtaí ón CAO. D'fhéadfá a bheith siar go mór leis mura ndéanann tú amhlaidh.