DOICIMÉID TACAÍOCHTA

Cad iad na doiciméid nach mór dom a sholáthair?

  • Ní mór duit cóipeanna bunaidh de do thras-scríbhinní nó de do theastais a choinneáil mar d'fhéadfadh go n-iarrfáirt iad a thíolacadh do HEIanna roimh an gclárú. Mura gcuirtear na doiciméid riachtanacha i láthair ar iarratas ó HEI, d'fhéadfadh an HEI tairiscint áit a tharraingt siar nó diúltú tú a chlárú mar mhac léinn.

Chun tuilleadh treoracha a fháil maidir le doiciméid a sheoladh, téigh chuig www.cao.ie/faq

Mar chuid de d'iarratas, féadfaidh sé go mbeidh ort tuilleadh cáipéisíochta a chur ar fáil – féach leathanaigh 6-18 den lámhleabhar seo chun tuilleadh treoracha a fháil. Ní mór go sroichfeadh na doiciméid sin an CAO laistigh de 10 lá ón am ar cláraíodh leis an CAO (ach amháin i gcás na n-iarratasóirí sin a bhfuil torthaí a fuarthas in 2027 á léiriú acu – féach ar leathanach 24).

Caithfear doiciméid a uaslódálte chuig do chuntas nó seolta sa phost chuig an seoladh thíos. Ná deán an dá rud.

Ní dhéanann an CAO na doiciméid a sheiceáil lena chinntiú go gcomhlíonann siad na coinníollacha atá leagtha síos ag na hinstitiúidí.

Maidir le scrúduithe atá críochnaithe agat cheana, caithfidh tú teastais a sholáthar don CAO maidir le gach cáilíocht atá luaite agat ar d'fhoirn iarratais:

Ba chóir d'iarratasóiri DARE agus/nó HEAR leathanaigh 21-23 den lámhleabhar seo agus den Lámhleabhar DARE agus/nó den Lámhleabhar HEAR a léamh chun treoracha a fháil maidir le doiciméid tacaíocha a chur isteach chuig an CAO faoi 5pm, ar an 10 Márta. Ní ghlacfar le doiciméid DARE agus/nó HEAR trí uaslódáil ná róimhphost; ní mór cóipeanna crua a chur sa phost chuig an CAO.

  • Is gá teastais/tras-scríbhinní a chur ar fáil sa teanga bhunaidh agus is ceart go mbeadh dátaí, ábhair, agus torthaí ar na teastais sin.
  • NÍOR CHÓIR doiciméid bhunaidh a sholáthar (ach amháin i gcás Míochaine do Chéimithe nuair is gá tras-scríbhinní bunaidh de na torthaí i ngach bliain a sholáthar); ba chóir cóipeanna A4 a sholáthar. (Ní chuirfdh an CAO doiciméid bhunaidh ar ais chugat).
  • Is gá aistriúchán deimhnithe Béarla a chuir soláthraí gairmiúil seirbhíse aistriúcháin ar fáil a sholáthar i gcás cáilíochtaí nár eisíodh i mBéarla nó i nGaeilge, chomh maith le cóipeanna A4 de na doiciméid iad féin.
  • Má tá do dhoiciméid in ainm eile seachas an t-ainm a chuir tú ar d'iarratas, ní mór cóip de do dhoiciméad inar athraigh tú d'ainm go hoifigiúil a chur ar fáil freisin.
  • Murab é an Béarla do chéad teanga, ní mór duit fianaise ar chumas sa Bhéarla a léiriú agus sonrá faoin gCáilíocht / faoi na Cáilíochtaí Béarla atá agat – déan teagmháil dhíreach leis na hInstitiúidí Ardoideachais maidir leis na riachtanais.
  • Más rud é gur chuir tú iarratas faoi bhráin an CAO i mbliain eile roimhe seo, ní féidir doiciméid ó iarratas CAO roimhe seo a aistriú chuig iarratas nua CAO. - Ní mór duit cóipeanna bunaidh de do thras-scríbhinní nó de do theastais a choinneáil mar d'fhéadfadh go n-iarrfáin ót iad a thóiacadh do HEIanna roimh an gclárú. Mura gcuirtear na doiciméid riachtanacha i láthair ar iarratas ó HEI, d'fhéadfadh an HEI tairiscint áit a tharraingt siar nó diúltú tú a chlárú mar mhac léinn.

Doiciméid do Léann an Leighis do Chéimithe

Níor cheart na doiciméid atá ag teastáil le haghaidh iarratais ar Léann an Leighis do Chéimithe a uaslódáil. Ní mór iad seo a sheoladh sa phost chuig an CAO. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na doiciméid atá ag teastáil, féach ar cao.ie/gradmed.