TÁBHACHTACH: Is gá d'iarratasóiri a bhfuil Scrúduithe na hArdteistiméireachta (1985-2027) á gcur in iúl acu an méid seo a leanas a léamh go cúramach agus ina iomláine.
Is gá duit, má tá Scrúduithe na hArdteistiméireachta (1985-2027) á gcur i láthair agat, tic a chur le Catagóir 1 in Achoimre na gCáilíochtaí agus na Measúnuithe.
Is gá duit ainm do scoile, seoladh do scoile, agus an bhliain ar thosaigh agus ar chróchnaigh tú do scolaíocht a chur in iúl i rannán Meánscoileanna ar Freastalaíodh orthu den iarratas ar líne.
Tabhair faoi deara: Ba cheart Scrúduithe na hArdteistiméireachta Feidhmi nó scrúduithe na hArdteistiméireachta roimh 1985 a thaifeadadh faoi chatagóir 4 ‘Scrúduithe Fágála Scoile Eile’.
Más iarrthóir Ardteistiméireachta reatha thú, ní mór duit tic a chur sa bhosca atá tugtha le cur in iúl go mbeidh an Ardteistiméireacht á déanamh agat i mbliana ag an am seo.
I mí an Mhárta, cuirfidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit sonraí iarratasóiri Ardteistiméireachta 2027 ar fáil don CAO, agus ar dháta ina dhiaidh sin iarrfar ort d'uimhir scrúdaithe Ardteistiméireachta a dheimhniú ar an riomhphost Seiceáil agus Dearbhaigh a gheobhaidh tú i mí na Bealtaine.
I roinnt cásanna, rachaidh muid i dteagmháil leat trí róimhphost i mí an Mhárta agus i mí Aibreáin le hiarraidh ort d'uimhir scrúdaithe a chur isteach i do chuntas CAO de láimh – go hiondúil mar gheall nárbh fhéidir linn d'iarratas CAO a mheaitseáil le hUimhir Scrúdaithe Ardteistiméireachta a chuir Coimisiún na Scrúduithe Stáit ar fáil don CAO. Seiceáil an rannán Comhfhreagrais de d'iarratas go cúramach le haghaidh comhfhreagrais ón CAO.
Má rinne tú an Ardteistiméireacht cheana ní mór duit d'uimhir/uimhreacha scrúdaithe agus an bhliain/na blianta ar shuigh tú do scrúdú/scrúduithe a thabhairt sa spás a chuirtear ar fáil sa rannán Cáilíochtaí agus Measúnuithe. Mura bhfuil d'uimhir scrúdaithe Ardteistiméireachta ar eolas agat, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le do scoil nó le Coimisiún na Scrúduithe Stáit chun rochtain a fháil ar do chuid sonraí.
Úsáidfdih an CAO an uimhir scrúdaithe a chuir tú ar fáil/a dhearbhaigh tú le rochtain a fháil ar do thorthaí Ardteistiméireachta.
Ní mór duit bliain cheart agus uimhir cheart scrúduithe na hArdteistiméireachta a chur isteach ar d'iarratas ar líne.
Is féidir leat breathnú ar scéim scórála na hArdteistiméireachta ag cao.ie/lcscore
Má tá do chuid torthaí agat cheana féin, is féidir leat an t-áireamhán pointí ar ár láithreán gréasáin a úsáid le do scór a sheiceáil: cao.ie/calc
hArdteistiméireachta do thairiscintí i mBabhta a hAon agus sna babhtaí ina dhiaidh sin.
TABHAIR FAOI DEARA: rachaidh muid i dteagmháil le hiarratasóiri tríd an rómhphost. Nuair a sheolann muid rómhphoist, seolann muid iad chuig an seoladh rómhphoist a cláraíodh ar d'iarratas CAO. Cinntigh le do thoil go gcoimeádann tú súil ar an mbosca rómhphoist seo le haghaidh teachtaireachtaí ón CAO. D'fhéadfá a bheith siar go mór leis mura ndéanann tú amhlaidh. Is féidir cóip de gach rómhphost a seoladh ón CAO a fheiceáil sa rannán Comfhfreagrais i do chuntas CAO.