Sula ndéanann tú iarratas chuig an CAO ní mór duit aird a bheith agat ar an bhfaisnéis seo a leanas:
Is ort féin, an t-iarratasóir, atá an cúram a chinntiú go bhfuil d'fhoirm iarratais comhláaiithe go hiomlán agus i gceart agus in am.
Tá tú ag cur isteach ar chomórtas iontrála ardoideachais.
Ní féidir le hiarratasóiri ach foirm iarratais amháin a sheoladh isteach in aon bhliain amháin. Ní féidir iarratas a aistriú chuig duine eile nó bliain eile.
Ní mór duit scrúdú cúramach a dhéanamh ar an ábhar atá sa lámhleabhar seo.
Tá tú freagrach as slándáil na sonraí
pearsanta a bhféadfadh rochtain a bheith agat orthu (mar shampla, a fhaigheann tú sa phost, a scríobhann tú síos, a stórálann tú, a phriontálann tú, a n-amharcann tú orthu i mbrabhsálaí, a íoslódálann tú etc.). Ní mór duit a áirithiú i gcónaí go bhfuil do phasfhocal do do chuntas CAO agus do do chuntas rómhphoist sábháilte, agus a bheith cinnte go bhfuil tú logáilte amach tar éis duit do chuntais a úsáid. Chun tuilleadh faisnéise faoi chosaint sonráí a fháil, téigh chuig an rannán 'Cosaint Sonraí' ag www.cao.ie.
- Is gá duit seoladh bailí rómhphoist a chur ar fáil agus a chinntiú go bhfuil rómhphoist an CAO ag teacht chuig an seoladh seo, mar shampla, nuair a dhéanann tú iarratas, an rómhphost Seiceáil agus Dearbhaigh i mí Bealtaine, agus rómhphoist eile a sheolann muid chugat (féach ar leathanach 5 freisin).
Is gá duit seoladh bailí róimhphoist a chur ar fáil agus a chinntiú go bhfuil róimhphoist an CAO ag teacht chuig an seoladh seo, mar shampla, nuair a dhéanann tú iarratas, an róimhphost Seiceáil agus Dearbhaigh i mí Bealtaine, agus róimhphoist eile a sheolann muid chugat (féach ar leathanach 5 freisin).
Tá taifead sa rannán Comhfhreagrais de do chuntas de gach róimhphost a sheolann tú chuig an CAO, agus aon cheisteanna ar líne a chuir tú faoi bhráid an CAO nuair a bhí tú logáilte isteach i d'iarratas. Déan cinnte go seiceálfaidh tú an rannán Comhfhreagrais go rialta le haghaidh róimhphoist nua ón CAO ina mbeadh faisnéis agus treoracha tábhachtacha.
Ní mór bun-áiseanna áirithe róimhaireachta a bheith agat chun iarratas ar líne a dhéanamh (e.g. an leagan is déanaí de Mozilla Firefox agus Google Chrome) agus molaimid d'iarratasóiri róimhaire pearsanta a úsáid nuair a bhíonn iarratas á chur isteach chuig an CAO chun earrádí óin iarratasóir a sheachaint.
Ní bheidh an CAO freagrach as aon rud a tharlaíonn de bhri nár cheartaigh iarratasóir botúin nó sonraí a bhí micheart.
Ní mór duit na táillí agus/nó an ranníocaíocht mac léinn a sheiceáil do gach ceann de na cúrsaí a bhfuil tú ag déanamh iarratais orthu.