Mar iarratasóir CAO d'fhéadfadh ceann amháin nó níos mó de na srianta seo a leanas a bheith ort ag brath ar na roghanna cúrsaí a dhéanann tú, ar do chatagóir iarratais, nó ar na srianta a shocraíonn na hInstitiúidí Ardoideachais ar mian leat iarratas a dhéanamh orthu. Léigh na rannáin seo a leanas go cúramach:
1. Iarratas déanach a dhéanamh – D'fhéadfadh sé go mbeadh breis srianta ag Institiúidí Ardoideachais áirithe i gcás na n-iarratas déanach – mar shampla, b'fhéidir nach nglacfadh institiúidí áirithe le hiarratais
dhéanacha ó iarratasóiri a bhaineann le ranna ar leith. Ba chóir d'iarratasóiri lánfhásta, agus iad siúd atá ag cur cáilíochtaí ar fáil seachas scrúduithe AE ar fhágáil na scoile a rinneadh le gairid, breathnú ar láithreán gréasáin na hInstitiúide Ardoideachais iomchuí sula ndéanfaidh siad aon iarratas déanach.
2. Athruithe a dhéanamh ar do rogha cúrsai – tá tréimhísé éagsúla ann inar féidir leat athruithe a dhéanamh ar d'iarratas CAO. Mar sin féin, má tá iarratas á dhéanamh agat ar chúrsa srianta, nó más iarratasóir lánfhásta thú, tá seans nach mbeidh tú in ann an tsaoráid ‘Athrú Intinne’ saor in aisce a úsáid,
saoráid a osclaíonn i mí na Bealtaine agus a dhúnann an 1 lúil ag 5pm. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi athruithe a dhéanamh ar d'iarratas téigh chuig leathanach 27.
3. Iarratas ar chúrsa srianta – ní mór duit iarratas a chur faoi bhráid an CAO faoi 5pm, an 1 Feabhra, 2027, más mian leat iarratas a dhéanamh ar chúrsa srianta. Ní mór an cúrsa srianta a bheith áirithe ar do liosta de rogha cúrsaí faoin dáta sin, nó curtha le d'iarratas ag úsáid na saoráide ‘Athrú ar Rogha Cúrsaí’ ar tháille €10 faoin 1 Márta, ag 5pm.
De ghnáth bíonn nósanna imeachta measúnaithe breise ag teastáil i gcás cúrsaí srianta, e.g. punann a sheoladh isteach, measúnú nó agallamh ó bhéal, nó measúnú scríofa. Tá cúrsaí srianta aitheanta sa lámhleabhar leis na na cúrsaí srianta aitheanta sa lámhleabhar leis na focail "(Srianta – féach ar leathanach 3)" ar an líne chéanna le teideal an chúrsa shrianta. Déan cinnte le do thoil go dtéann tú i gcleachtadh ar na ceanglais bhreise, más ann dóibh, maidir leis an gcúrsa nó na cúrsaí srianta a bhfuil iarratas déanta agat orthu agus téigh chuig leathanach 24 chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi agallaimh agus faoi mheasúnachtaí.
leathanach 3)" ar an líne chéanna le teideal an chúrsa shrianta. Déan cinnte le do thoil go dtéann tú i gcleachtadh ar na ceanglais bhreise, más ann dóibh, maidir leis an gcúrsa nó na cúrsaí srianta a bhfuil iarratas déanta agat orthu agus téigh chuig leathanach 24 chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi agallaimh agus faoi mheasúnachtaí.
Eisceacht: Más ionann na nósanna imeachta measúnaithe do chúrsa srianta agus cúrsa a ndearna tú iarratas air faoin 1 Feabhra 2027, b'fhéidir go bhféadfa an cúrsa srianta a thabhairt isteach ach leas a bhaint as an tsaoráin 'Athrú Intinne'. Ba chóir labhairt leis an Institiuíd Ardoideachais cuí sula roghnaíonn tú cúrsa den saghas seo.
4. Iarratasóiri Lánfhásta – iarrfaidh formhór na nInstitiúidí Ardoideachais ar iarratasóiri lánfhásta, ar mian leo go ndéanfaí measúnú orthu ar bhonn lánfhásta, iarratas a chur faoi bhráid an CAO faoin 1 Feabhra 2027, ag 5pm, agus roghanna cúrsaí a áireamh faoin dáta sin nó iad a chur leis tríd an tsaoráid chun rogha cúrsaí a athrú nó chun cur leis a úsáid ar tháille €10 faoin 1 Márta, 5pm. (Ní bheidh feidhm leis an srian seo más mian leis an iarratasóir go measfar é ar bhonn cáilióchtaí fágála scoile amháin.) Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi iarratas a dhéanamh chuig an CAO ar bhonn aibóchta téigh chuig www.cao.ie/mature
5. Iarratas a dhéanamh ar DARE agus/nó HEAR – le bheith san áireamh do DARE agus/nó HEAR, ní mórd'iarratasóiri clárú ar chóras an CAO faoin 1 Feabhra 2027, ag 5pm. Chun iarratas a dhéanamh ar DARE, ní mór duit YES a fhreagairt ar Cheist 1 ('Do you wish to be considered for DARE?') ar Rannán A den Fhoirm um Fhaisnéis Fhorlíontach (SIF) a bheidh comhlánaithe ina hiomláine agat faoi 5pm, an 1 Márta 2027.
Chun iarratas a dhéanamh ar HEAR, ní mór duit a thabhairt le fios ar d'iarratas CAO gur mian leat iarratas a dhéanamh ar HEAR agus gach gné d'fhoirm ar líne HEAR a chomhlánú go hiomlán agus i gceart faoi 5pm, an 1 Márta 2027.
Caithfear doiciméid tacaíochaí i gcomhair DARE agus/nó HEAR a sheoladh sa phost chuig oifígí an CAO faoi 5pm, an 10 2027.