Cláraigh leis an CAO faoi 5pm, an 1ú Feabhra.
Déan eagarthóireacht ar d'iarratas ag baint úsáid as
‘M'larratas’ seirbhís, ar líne.
Cuir faisnéis chomhlántach ar fáil, chomh maith le doiciméid ar bith a theastaíonn, faoi na spriocdhátaí a shonraítear sa lámhleabhar seo agus/nó ar an bhfoirm iarratais ar líne.
Ná déan dearmad do rogha cúrsai a chur i bhfior-ord do rogha féin. 01
Tabhair isteach do chúrsáí Leibhéal 8 agus Leibhéal 7/6 ag baint úsáid as ‘M’larratas’ roimh an 1 Feabhra ag 5pm chun srianta a sheachaint.
Úsáid an tsaorád Athrú Intinne saor in aisce idir an 5 Bealtaine agus an 1 lúil ag 5pm chun athruithe a dhéanamh ar d'iarratas – beidh srianta i bhfeidhm.
Seiceáil an róimhphost Seiceáil agus Dearbhaigh go cúramach nuair a chuirfear chugat i mí na Bealtaine é agus cuir earrádí nó easnaimh ar bith in iúl don CAO láithreach.
Eisítear Tairiscintí Bhabhta a hAon an tseachtain i ndiaidh eisiúint thorthai na hArdteistiméireachta. Má tá tairiscint á glacadh agat ní mór duit é sin a dhéanamh roimh an ‘Dáta Freagartha’ ar an bhfógra tairisceana. D’fhéadfadh catagóiri eile iarratasóiri fógraí tairisceana eile a fháil roimhe sin.
Tar éis eisiúint na dtairiscintí ó Bhabhta a hAon: aon iarratasóir nár éirigh leis nó léi tairiscint a fháil i mBabhta A, i mBabhta a Náid, ná i mBabhta a hAon, gheobhaidh sé nó sí Seiceáil agus Dearbhaigh i riomhphost agus tabharfar treoir dó nó di sa riomhphost céanna chun a chuntas nó a cuntas CAO a sheiceáil agus oifígí CAO a chur ar an eolas láithreach má tharlaíonn go bhfuil aon earráid nó easnamh ann.
Eisítear tairiscintí chuig iarratasóirí incháilithe go dtí go dtagann an séasúr tairiscintí chun deiridh, nó go dtí go bhfuil gach ceann de na háiteanna líonta, cibé acu is luaithe.
Tá an chairt seo á soláthar mar threoir tagartha amháin. Ní mór do gach iarratasoir lámhleabhar seo an CAO a léamh go cúramach, agus ina iomláine.