TUILLEADH FAISNÉISE / LAMHLEABHAR AN CAO 2027
TUILLEADH FAISNÉISE
TUILLEADH FAISNÉISE
PRIONSABAIL GHINEARÁLTA
Tá roinnt acmhainní luachmhara ar fáil ar láithreán gréasáin an CAO, lena n-áirítear foirm iarratais shamplach ar líne, saoráid chuardaigh cúrsaí, treoracha físeáin, sceidil, faisnéis faoin gcóras scórála pointí, agus freagraí ar cheisteanna coitianta. Is é an leathanach ‘larratasóiri’ an rannán atá tiomanta d'iarratasóiri. Tá cuid freisin do scoileanna, agus do thuismitheoirí agus caomhnóiri. Tapaigh an deis le héiri cleachta ar an láithreán gréasáin agus na hacmhainní a chuirtear ar fáil.
Déanfar irratais ar iontráil i bhFómhar 2027 a phróiseáil de réir na rialachán, na nósanna imeachta agus an amchlair a leagtar amach i Lámhleabhar an CAO, 2027 ('an Lámhleabhar'), i bhFóirm Iarratais CAO, 2027 ('an Fhoirm') agus sna doiciméid eile a luaitear sa lámhleabhar. Tá faisnéis maidir le coinníollacha breise agus maidir leis an bpróiseas a bhaineann le hiarratas a dhéanamh ar líne, le hathrú intinne agus le glacadh le tairiscintí le fáil ar láithreán gréasáin an CAO.
Tá an fhaisnéis sa lámhleabhar seo ceart agus é á chur i gcló.
Is é atá beartaithe ná gur féidir cothrom na Féinne a thabhairt do gach iarratasóir agus go laghdófar na costais ag an am céanna d'iarratasóiri. Saoráin riaracháin amháin é an CAO agus ní thacaíonn an CAO le haon chúrsa ar leith ná ní mholann an CAO aon chúrsa ar leith. Is ortsa atá an fhreagracht stádas agus oiriúnacht aon chúrsa a roghnaítear a chinneadh. Tá sé tábhachtach cuimhneamh gur gá duit féachaint ar fhoilseacháin na nInstitiúidí Ardoideachais éagsúla nó dul i gcomhairle lena láithreán gréasáin mar nach bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil sa Lámhleabhar seo. Is i bhfoilseacháin oifiigúla na nInstitiúidí Ardoideachais amháin a gheobhaidh tú an fhaisnéis riachtanach maidir le hábhar na gcúrsaí, íosriachtanais iontrála, fad na gcúrsaí, agus cibé seansanna gairme atá amach romhat, etc.
FOIRMEACHA IARRATAIS AR PHÁIPÉAR
Más mian leat irratas a dhéanamh chuig an CAO ach úsáid a bhaint as an bhfoirm irratais ar pháipéar, déan teagmháil leis an CAO tamall maith roimh an dáta deiridh agus seolfar cóip den irratas ar pháipéar chugat sa phost. Is ionann agus €50 an táille irratais le haghaidh irratas ar pháipéar a fhaigntear faoi 5pm ar an 1 Feabhra ag 5pm, nó is ionann agus €95 an táille le haghaidh irratas ar pháipéar a fhaigntear faoi 5pm ar an 1 Bealtaine, mar atá irratas a fhaigntear tar éis an spriocdháta den 1 Feabhra. Tabhair faoi deara le do thoil nach mór chuid seoladh bailí rómhphoist a bheith agat chun d'iarratas a chomhlánú agus chun comfhfreagras tábhachtach a fháil ón CAO, fógraí maidir le tairiscintí mar shampla.
Tá an CAO ina gníomhaire do na hInstitiúidí Ardoideachais atá rannpháirteach sa chóras iarratais. Aontaíonn na hinstitiúidí seo na rialacháin, nósanna imeachta agus amchláir d'iarratais gach bliain. Ní féidir leis an CAO iad seo a athrú chun caitheamh go speisialta le hiarratasóir amháin le hais iarratasóir eile ná chun áit a bhaint d'iarratasóir amháin chun í a thabhairt do dhuine eile.
COSAINT SONRAÍ
Urramaíonn an CAO prióbháideacht do chuid sonrái pearsanta. Tar éis iarratas a dhéanamh chuig an CAO, déanfar do chuid sonrái a chur ar fáil do na hInstitiúidí Ardoideachais a bhfuil iarratas déanta agat orthu. Ina theannta sin, úsáidfear sonrái san iarratas chun sonrái scrúduithe a fháil ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit, ó QQI FET/FETAC agus ó údaráis scrúduithe sa Bhreatain agus i dTuaisceart Éireann ar mhaithe leis na sonrái sin a fhiorú. Féach ar an rannán Data Privacy ar shuíomh gréasáin an CAO chun eolas iomlán a fháil.
Má dhéanann iarratasóir nó duine/daoine ar bith ag gníomhú thar ceann an iarratasóra iarracht, bíodh sé go díreach nó go hindíreach trí chumarsáide scríofa nó eile, canbhásáil a dhéanamh nó tionchar ar bith eile a imirt le leas an iarratasóra, nó chun bac a chur ar iarratasóir eile, is féidir go ndéanfar an t-iarratasóir a dhícháiliú ón gcomórtas.
Coinnítear iarratais ar pháipéar agus doiciméid tacaíochta eile d'iarratais le linn bhliain an iarratais agus an bhliain dár gcionn agus ansin scriostar iad faoi rún. Coinnítear sonraí leictreonacha ar feadh tréimhse seacht mbliana. Ní sheolfar aon doiciméid ar ais chuig iarratasóiri.
FOLÁIREAMH: Tá sé de cheart ag na hInstitiúidí
Ardoideachais ar fad atá páirteach i gcóras an CAO iarratais nó tairiscintí a chur ar ceal sa chás nach gcuirtear an fhaisnéis ar fad atá iarrtha ar fáil, nó sa chás go bhfuil an fhaisnéis a chuirtear ar fáil bréagach nó míchruinn. Is féidir go dteastóidh ó Institiúid Ardoideachais breathnú ar do bhundoiciméid sular féidir clárú a thabhairt chun críche.
Tháinig Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí an AE (Uimhir 2016/679) i bhfeidhm an 25 Bealtaine 2018. Féach le do thoil ar láithreán gréasáin an CAO le haghaidh faisnéis maidir le cosaint sonraí.