Seo a leanas sample ina ríomhtar pointí, lena n-áirítear pointí bónais le haghaidh Matamaitic Ardleibhéil:
Tar éis na pointí a riomh, cuirtear iarratasóiri ar liosta in ord fiúntais le haghaidh gach cúrsa a bhfuil siad incháilithe ina leith. Mar shampla, más rud é go bhfuil an scór pointí is airde agat, beidh tú ar bharr an liosta agus beidh an t-iarratasóir ag a bhfuil an dara scór is airde sa dara háit ar an liosta, agus mar sin de.
Tugann na hInstitiúidí Ardoideachais treoir don CAO ansin maidir leis an líon tairiscintí ba chóir di a thabhairt le haghaidh gach cúrsa. Más rud é gur sa 20ú háit le haghaidh cúrsa roghnaithe atá tú agus go dtugann an institiúid treoir don CAO 25 áit a thairiscint, gheobhaidh tú tairiscint d'áit ar an gcúrsa sin mura bhfuil tairiscint faighte agat ar chúrsa atá níos airde i liosta na gcúrsaí atá roghnaithe agat. Ní thairgfear cúrsa atá níos ísle in ord na gcúrsaí atá roghnaithe agat duit má fhaiqheann tú tairiscint le haghaidh cúrsa atá níos airde i liosta na gcúrsaí atá roghnaithe agat.
D'fhéadfaí roghnú uimhreach randamaí a úsáid i roinnt cáanna. Sanntar uimhir randamach d'iarratasóiri sula gcuirtear iad ar an liosta Ord Fiúntais le haghaidh cúrsa. Tugtar uimhir randamach éagsúil le haghaidh gach cúrsa atá roghnaithe. Más rud é go bhfuil cuígear iarratasóiri ag a bhfuil an scór pointí céanna ag dul san iomaíocht le haghaidh áit amháin atá fágtha, cuirfear roghnú uimhreach randamaí i bhfeidhm agus tairgfear an áit don iarratasóiri ag a bhfuil an uimhir randamach is airde.
Tábla 1.7 Sample de róimh na bpointí a fuarthas Tá na seacht dtoradh a leanas faighte ag iarratasóir in 2027:
| Ábhar | Leibhéal | Grád | Scór |
|---|---|---|---|
| Gaeilge | Ard | H2 | 88 |
| Béarla | Gnáth | O2 | 46 |
| Matamaitic | Ard | H5 | 56 + 25 = 81 |
| Fraincis | Ard | H6 | 46 |
| Bitheolaócht | Ard | H3 | 77 |
| Tíreolaócht | Gnáth | O3 | 37 |
| Stair | Ard | H5 | 56 |
| Suimigh na sé scór is fear, mar atá léirithe i gcló trom. | Pointí = 394 | ||
Mura bhfaigheann iarratasóir tairiscint sa chéad bhabhta tairiscintí, féadfaidh sé/sí tairiscint a fháil i mbabhtaí inadhiaidh sin.
Tabhair faoi deara: Ní thugann an Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha aon phointí i gcás scrúdú na hArdteistiméireachta ná scrúduithe eile i gcás a gcúrsaí srianta. Tá tuilleadh sonraí i bhfoilseacháin an Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha. Ba chóir d'iarratasóiri ar chúrsaí leighis fochéimí www.cao.ie/ugmed a sheiceáil.
Bronnfaidh gach Institiúid Ardoideachais pointí do nasc-mhodúil LCVP amhail is dá mbeadh an séú hábhar agat is crúdú na hArdteistiméireachta. Ach ní mheasann gach Institiúid Ardoideachais gurb ionann LCVP agus comhlíonadh na gceanglas cáilitheachta i dtaca le pas a fháil in ábhair áirithe. Ba chóir d'iarratasóiri foilseacháin na hInstitiúide Ardoideachais cuí a léamh chun na mionsonraí a fháil.