Má ghlacaim le tairiscint de rogha níos ísle, an
gcuirfear san áireamh mé fós le haghaidh
tairiscintí ina dhaidh sin?
Ní chuirfidh glacadh le tairiscint de rogha níos ísle
cosc ort tuilleadh tairiscintí a fháil i mbabhta níos
déanaí má bhíonn áit ar fáil agus tú incháilithe.
Ghlac mé le tairiscint de chúrsa de rogha níos ísle, cad a tharlóidh má fhaighim tairiscint de rogha níos airde i mbabhta níos déanaí? Má fhaigheann tú tairiscint níos déanaí (agus gur ghlac tú cheana le tairiscint níos luaithe de rogha níos ísle), is féidir leat an tairiscint nua a ghlacadh nó neamhaird a dhéanamh air. Glacadh leis an tairiscint nua cuirfidh sé do ghlacadh níos luaithe ar ceal go huathoibríoch. Mura dtugann tú aird ar an tairiscint nua, fanfaidh do ghlacadh bunaidh i bhfeidhm.
Má fhaigheann tú tairiscint agus má bheartaíonn tú glacadh léi, ní mór duit glacadh léi ar líne faoin dáta a luaitear sa róimhphost Tairisceana. Má fhaigheann tú tairiscint ón dá liosta, caithfidh tú ceann amháin a roghnú. Ní féidir leat ach glacadh le tairiscint amháin, i mbabhta amháin ar bith, ó liosta Leibhéal 8 nó ó liosta Leibhéal 7/6.
Fuair mé mo dara rogha cúrsa, ach b'fhearr liom mo tríú rogha, cad is féidir liom a dhéanamh?
Ní féidir leat bogadh síos in ord do rogha agus ní féidir leat d'ord tosaíocha a athrú anois (ach amháin má bhíonn áit ar fáil i gcéann de na cúrsaí a theastaíonn uait, féach an rannán Áiteanna atá Ar Fáil ar shuíomh gréasáin CAO).
Má ghlacann tú le do thairiscint ar líne, gheobhaidh tú ríomhphost admhála agus féadfaidh tú a sheiceáil tríd an tsaoráid ‘M’larratas’ go ndearnadh an tairiscint ar ghlac tú léi a thaifeadadh ar líne ag www.cao.ie.
Is féidir leat glacadh le do thairiscint reatha agus déanfar tú a mheas i gcónaí do do chúrsai de rogha níos airde sna babhtaí tairiscintí níos déanaí (má bhíonn áit ar fáil agus tú incháilithe), ach ní thabharfar aird ort a thuilleadh do do thríú rogha nó do chúrsaí níos ísle.
Is éard atá i gceist le háiteanna ar fáil ná áiteanna ar chúrsáin
áirithe nach bhfuil líonta tar éis na tairiscintí go léir a
thabhairt agus tar éis liostaí feithimh a ídiú. Agus tú ag cur
isteach ar chúrsaí Áiteanna atá ar Fáil, ba chóir duit
neamhaird a dhéanamh de phointí a foilsíodh roimhe seo i
mbabhtaí tairisceana níos luaithe. Caithfidh tú a sheiceáil go
gcomhlionann tú na híosriachtanais iontrála a bhíonn ann
de ghnáth i gcás an chúrsa/na gcúrsaí i gceist.
Ní féidir leat bogadh síos in ord do rogha agus ní féidir leat d'ord tosaíocha a athrú anois (ach amháin má bhíonn áit ar fáil i gceann de na cúrsaí a theastaíonn uait, féach an rannán Áiteanna atá Ar Fáil ar shuíomh gréasáin CAO www.cao.ie/ap ).
Fógraítear cúrsai in a bhfuil Áiteanna atá ar Fáil ar láithreán gréasáin an CAO tar éis tairiscintí Bhabhta a hAon a eisiúint i mí Lúnasa – téigh chuig www.cao.ie/ap agus cliceáil ar an táb ‘Na hÁiteanna atá ar Fáil’. Tá an tsaoráid seo oscailte d'iarratasóiri nua ar tháille €50, agus tá sé saor in aisce d'iarratasóiri atá ann cheana. Téigh chuig láithreán gréasáin an CAO ag www.cao.ie. chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin tsaoráid ‘Na hÁiteanna atá ar Fáil’.
TREOIR MAIDIR LEIS AN TSAORÁID 'NA HÁITEANNA ATÁ AR FÁIL'