CÉIM NA TAIRISCEANA
Tá trí phríomhbhabhta tairiscintí ann: Babhta A, Babhta a Náid agus Babhta a hAon. Tar éis an dáta freagartha le haghaidh Bhabhta a hAon, eisíonn an CAO tairiscintí Bhabhta a Dó le haghaidh na n-áiteanna atá fágtha. Eísíonn an CAO tairiscintí ina dhiaidh sin, de réir mar is gá, chun aon fholúntais a d'fhéadfadh teacht aníos a líonadh.
Tábla 1.5 Na Babhtaí Tairisceana
| Babhta | Catagóir larratasóra |
|---|
| Babhta A
(go luath i mí lúil) | Iarratasóiri a chuir cúrsaí siar; iarratasóiri lánfhásta; iarratasóiri lánfhásta
d'altranas/chnáimhseachas; iarratasóiri arb hféidir go mbeadh orthu socruithe víosa a dhéanamh; iarratasóiri a bhfuil cúrsa Rochtana déanta acu. |
| Babhta a Náid
(go luath i mí Lúnasa) | Iarratasóiri Míochaine ar iontráil do chéimithe; iarratasóiri lánfhásta, iarratasóiri a chuir cúrsaí siar agus iarratasóiri Rochtana; agus iarratasóiri atá ag cur QQI FET/FETAC i láthair lena gcur san áireamh le haghaidh iontráil i gcúrsaí a bhfuil cuótaí i gceist iontu d'iarratasóiri QQI FET/FETAC (le seiceál an cúrsa a bhfuil cuóta i gceist leis atá ann, téigh chuig www.cao.ie/qqisearch) |
| Babhta a hAon
(Le dearbhú) | Gach iarratasóiri a bhfuil iarratas á dhéanamh acu ar bhonn torthaí scrúduithe fágála scoile (m.sh., an Ardteistiméireacht, GCE/GCSE agus iarratasóiri Fágála Scoile Eile), in ainneoin bhliain a gcríochnaithe; iarratasóiri FET QQI a rinne iarratas ar chúrsa i gcás nach bhfuil aon chuóta d'iarratasóiri FET QQI; agus iarratasóiri lánfhásta breise. |
| Babhta a Dó agus tairiscintí ina dhiaidh sin (go mall i mí Lúnasa go deireadh mhí Mheán Fómhair) | Eisítear tairiscintí go dtí go dtagann an séasúr tairiscintí chun deiridh nó go dtí go bhfuil gach ceann de na háiteanna líonta, cibé acu is luaithe. |
Chun an fhaisnéis is nuaí a fháil maidir le dátaí Tairisceana agus Glactha, tabhair cuairt ar an rannán Dátaí Tábhachtacha ar www.cao.ie
Ní bhíonn cuótta maidir le líon na n-áiteanna atá curtha ar
leataobh d'iarratasóiri QQI i gceist le roinnt cúrsaí. Sa chás
seo, déantar an t-iarratasóir a mheas den chéad uair i
mBabhta a hAon, bunaithe ar na torthaí is airde a fuair sé/sí
in aon iarracht amháin, is é sin, a t[h]orthaí QQI nó
cáilíochtaí eile má tá torthaí eile á gcur ar fáil aige/aici,
torthaí scrúduithe na hArdteistiméireachta, mar shampla.
Braitheann amanna tairiscintí d'arratasóiri até ag déanamh iarratais ar bhonn thorthai QQI FET/FETAC Leibhéal 5/6 ar an gcúrsa/na cúrsaí a bhfuil na hiarratasóiri ag cur isteach air/orthu. Bíonn cuóta do líon na n-áiteanna atá curtha ar leataobh d'arratasóiri QQI i gceist le roinnt cúrsaí. Sa chás seo déanfar iarratasóiri a mheas i mBabhta a Náid (go luath i mí Lúnasa) bunaithe ar a dtorthai QQI. Mura bhfaigheann an t-iarratasóiri tairiscint sa bhabhta tairisceana seo, agus má líontar cuóta na n-áiteanna atá ar fáil d'arratasóiri QQI FET/FETAC, is féidir é/í a mheas i mBabhta a hAon agus sna babhtaí ina dhiaidh sin bunaithe ar a t[h]orthaí Ardteistiméireachta nó ar cháilíochtaí fágála scoile eile. Ní bhíonn cuóta maidir le líon na n-áiteanna atá curtha ar leataobh d'arratasóiri QQI i gceist le roinnt cúrsaí. Sa chás seo, déantar an t-iarratasóiri a mheas den chéad uair i mBabhta a hAon, bunaithe ar na torthaí is airde a fuair sé/sí in aon iarracht amháin, is é sin, a t[h]orthaí QQI nó cáilíochtaí eile má tá torthaí eile á gcur ar fáil aige/aici, torthaí scrúduithe na hArdteistiméireachta, mar shampla.
Gach iarratasóir a bhfuil iarratas á dhéanamh acu ar bhonn torthaí/gráid scrúduithe fágála scoile, in ainneoin bhliain a gcríochnaithe, cuirfear in iomaíocht a chéile iad i leith tairiscint i mBabhta a hAon.
Tar éis eisiúint na dtairiscintí ó Bhabhta a hAon: aon
iarratasóir nár éirigh leis nó léi tairiscint a fháil i mBabhta A, i mBabhta a Náid, ná i mBabhta a hAon, gheobhaidh sé nó sí riomhphost Seiceáil agus Dearbhaigh agus tabharfar treoir dó nó di sa riomhphost céanna chun a chuntas nó a cuntas CAO a sheiceáil agus oifigí CAO a chur ar an eolas láithreach má tharlaíonn go bhfuil aon earráin nó easnamh ann.