I nDIAIDH DUIT IARRATAS A CHUR ISTEACH / LAMHLEABHAR AN CAO 2027
Tabhair faoi deara: Ní féidir leat cúrsai sírianta a thabhairt isteach leis an tsaoráid Athrú Intinne (ach is féidir leat ord na gcúrsaí sírianta a bhí ar d'airratas cheana féin a athrú). Eisceacht: I gcás cúrsa sírianta ag a bhfuil nósanna imeachta measúnaithe atá díreach mar an gcéanna le cúrsa a ndearna tú iarratas air faoin 1 Feabhra 2027 ag 5pm, d'fhéadfadh sé go mbeadh cead agat an rogha sin a dhéanamh leis an tsaoráid ‘Athrú Intinne’. Ba chóir labhairt leis an Instit亢ú Ardoideachais cuí sula roghnaíonn tú cúrsa den saghas seo.
Is féidir le hiarratasóiri até ag cur isteach ar chúrsai srianta (m.sh., larratasóiri Lánfhásta) ord na gcúrsaí atá roghnaithe acu a athrú ag baint úsáid as an tsaoráid Athrú Intinne.
AG CUR NÓ AG ATHRÚ CÚRSAÍ (ATHRÚ INTINNE)
Má dhéanann tú Athrú Intinne, cealaíonn sé agus tagann sé in áit gach rogha cúrsa a rinne tú cheana in aon chatagóir ina ndéantar athruithe.
Is féidir athruithe a dhéanamh ar/ cur le do rogha cúrsaí suas go dtí 5pm ar an 1 Feabhra, gan aon táille bhreise. Ag tús mhí Feabhra, beidh saoráid chun roghanna cúrsaí a leasú ar fáil ar líne ar fháille €10. Féadfaidh iarratasóiri cláraithe an tsaoráid seo a úsáid chun aon chúrsaí srianta nach bhfuil liostaithe ar iarratas cheana féin a chur leis, nó iarratasóiri lánfhásta ar gá dóibh athruithe a dhéanamh ar a rogha cúrsaí, suas go dtí 5pm ar an 1 Márta, 2027.
ATHRÚ AR D'FHAISNÉIS PHEARSANTA AGUS SCRÚDAITHE
Féadfaidh tú roinnt de d'fhaisnéis phearsanta a athrú (e.g. seoladh poist, uimhir ghutháin agus seoladh róimhphoist) ar líne ach an tsaorád ‘M'larratas’ a úsáid. Chun sonraí maidir le d'ainm nó do dháta breithe a athrú nó chun catagóir scrúdaithe a chur le d'iarratas, caithfidh tú róimhphost a sheoladh chuig an CAO trí Rannán Comfhfreagrais do chuntais. Má athraíonn tú do shonraí pearsanta ar líne, seolfar admháil chuig do sheoladh róimhphoist (beidh fáil chomh maith ar chóip den róimhphost seo sa rannán Comfhfreagras ar do chuntas). Ba cheart duit am a thabhairt go dtí go mbeidh do chuid athruithe le feiceáil ar d'iarratas. Bain leas as an áis M'larratas lena chinntiú go bhfuil do rogha cúrsaí nuashonraithe i gceart nuair a iarrtar ort sin a dhéanamh. Ní mór duit déanamh amhlaidh 12 lá ar a laghad sula ndéantar babhta tairisceana a eisiúint. Má tá aon earráid ná easnamh ann, déan teagmháil leis an CAO láithreach.
Osclaítear an tsaoráid CAO ar líne ‘Athrú Intinne’ an 5 Bealtaine agus dúntar í ar an 1 lúil, ag 5pm – beidh sianta i bhfeidhm (féach ar leathanach 3). Is féidir leat an tsaoráid ‘Athrú Intinne’ ar líne a úsáid chomh minic agus is mian leat chun cur le do chúrsáí, iad a bhaint nó a chur in ord arís, gan dada a íoc suas go dtí 5pm ar an 1 lúil.
Chun roghanna cúrsaí a athrú, logáil isteach i do Chuntas CAO tríd an tsaoráid M'larratas agus cliceáil ar Cuir le/Athraigh Roghanna Cúrsaí Leibhéal 8 nó Cuir le/Athraigh Roghanna Cúrsaí Leibhéal 7/6. Ina dhiaidh sin, féadfaidh tú an liosta ‘Cúrsaí Nua’ a úsáid chun cúrsaí nua a chur isteach, neamhaird a dhéanamh ar rogha cúrsaí reatha, nó an rogha cúrsaí atá agat faoi láthair a chur in ord arís. Ní mór duit gach ceann de do chúrsaí a liostáil bunaithe ar do chuid roghanna ar an liosta nua. Má athraíonn tú cúrsaí ar líne, seolfar admháil chuig do sheoladh róimhphoist – seiceáil an róimhphost sin go cúramach agus cuir an CAO ar an eolas maidir le haon earráidí nó aon ní a fágadh ar lár. Ba chóir duit seiceáil freisin go bhfuil do chúrsaí nuashonraithe trí úsáid a bhaint as an tsaoráid ‘M'larratas’ faoi 5pm ar an 1 lúil. Tabhair faoi deara: Ní féidir leat cúrsaí srianta a thabhairt isteach leis an tsaoráid Athrú Intinne (ach is féidir leat ord na gcúrsaí srianta a bhí ar d'iarratas cheana féin a athrú). Eisceacht: I gcás cúrsa srianta ag a bhfuil nósanna imeachta measúnaithe atá díreach mar an gcéanna le cúrsa a ndearna tú iarratas air faoin 1 Feabhra 2027 ag 5pm, d'fhéadfadh sé go mbeadh cead agat an rogha sin a dhéanamh leis an tsaoráid ‘Athrú Intinne’. Ba chóir labhairt leis an Institiúid Ardoideachais cuí sula roghnaíonn tú cúrsa den saghas seo.
TÁBHACHTACH:
Má tá iarratas déanta agat ar aon chúrsa srianta agus/nó más iarratasóir lánfhásta thú agus má athraíonn tú do shonraí teagmhála, téigh i dteagmháil leis na hinstitiúidí ar chuir tú isteach orthu lena chinntiú go bhfuil do chuid sonraí is déanaí acu.
www.cao.ie/preference