Roimh dheireadh mhí na Bealtaine, seolfar róimhphost um Sheiceáil agus Dearbhaigh chugat. Is é is cuspóir leis an róimhphost sin a mholadh duit logáil isteach ar do Chuntas CAO lena dheimhniú go ndearnadh do chuid faisnéise go léir a thaifeadadh ina hiomláine agus i gceart ar do chuntas. Sa chás nach leanfá na treoracha sin láithreach, d'fhéadfadh sé go mbeadh impleachtaí antromchúiseach ar fad do d'iarratas.
Nuair a bheidh an róimhphost faighte agat, ní mór na céimeanna seo a leanas a dhéanamh:
4. Ní mór duit cliceáil ar an gcnaipe ‘Dearbhaím’ lena chur in iúl go bhfuil an fhaisnéis ar do chuntas seiceáilte agat agus go bhfuil sé suas chun dáta agus i gceart, agus gur lean tú na treoracha sa róimhphost Seiceáil agus Dearbhaigh agus na treoracha ar an leathanach Seiceáil agus Dearbhaigh ar www.cao.ie/confirm
Mura bhfaigheann tú an riomhphost Seiceáil agus Dearbhaigh roimh an 1 Meitheamh, ní mór duit teagmháil a dhéanamh leis an CAO láithreach. D'fhéadfá a bheith siar go mór leis mura ndéanann tú amhlaidh, mar shampla, d'fhéadfá gan aon tairiscint a fháil.
Beidh athruithe a dhéanfaidh tú tar éis duit do riomhphost Seiceáil agus Dearbhaigh a fháil le feiceáil ar do chuntas CAO ar líne. Féadfaidh sé suas le 4 seachtaine a thógáil chun do chuid sonraí scrúdaithe athraithe a thaispeáint i d'iarratas. Logáil isteach ar do chuntas CAO tríd an tsaoráid 'M'larratas' lena chinntiú go bhfuil d'fhaisnéis nuashonraithe cláraithe ina hiomláine agus i gceart roimh an dáta deiridh d'Athrú Intinne ar an 1 lúil, ag 5pm.
TREOIR MAIDIR LEIS AN bPRÓISEAS SEICEÁIL AGUS DEARBHAIGH