I nDIAIDH DUIT IARRATAS A CHUR ISTEACH / LÁMHLEABHAR AN CAO 2027
SEICEÁIL AGUS DEARBHAIGH
Roimh dheireadh mhí na Bealtaine, seolfar róimhphost um Sheiceáil agus Dearbhaigh chugat. Is é is cuspóir leis an róimhphost sin a mholadh duit logáil isteach ar do Chuntas CAO lena dheimhniú go ndearnadh do chuid faisnéise go léir a thaifeadadh ina hiomláine agus i gceart ar do chuntas. Sa chás nach leanfá na treoracha sin láithreach, d'fhéadfadh sé go mbeadh impleachtaí antromchúiseach ar fad do d'iarratas.
Nuair a bheidh an róimhphost faighte agat, ní mór na céimeanna seo a leanas a dhéanamh:
An leathanach maidir le Seiceáil agus Dearbhaigh ar www.cao.ie/confirm a léamh
Logáil isteach ar do Chuntas CAO tríd an tsaoráid M'larratas le d'fhaisnéis chuntais a sheiceáil agus a dhearbhú, lena n-áirítear do shonraí pearsanta, an rannán cáiliochtaí agus measúnuithe (faisnéis maidir le scrúdú agus diolúintí) agus do roghanna cúrsaí. Déan deifir.
Má tá aon earráid ná easnamh ann, cuir é sin in íul don CAO láithreach (lean na treoracha sa róimhphost a cuireadh chugat). Sa chás nach ndéantar aon earráid ná easnamh a chur ina ceart nó ina cheart ag an gcéim seo, d'fhéadfadh sé go mbeadh impleachtaí an-tromchúiseach ar fad i gceist, rud a d'fhágfadh go bhféadfaí áit ar chúrsa a chailleadh.
Seiceáil do shonraí scrúdaithe go cúramach. Ná glac leis go bhfuil d'uimhir/eolas scrúdaithe i gceart.
4. Ní mór duit cliceáil ar an gcnaipe ‘Dearbhaím’ lena chur in iúl go bhfuil an fhaisnéis ar do chuntas seiceáilte agat agus go bhfuil sé suas chun dáta agus i gceart, agus gur lean tú na treoracha sa róimhphost Seiceáil agus Dearbhaigh agus na treoracha ar an leathanach Seiceáil agus Dearbhaigh ar www.cao.ie/confirm
Mura bhfaigheann tú an riomhphost Seiceáil agus Dearbhaigh roimh an 1 Meitheamh, ní mór duit teagmháil a dhéanamh leis an CAO láithreach. D'fhéadfá a bheith siar go mór leis mura ndéanann tú amhlaidh, mar shampla, d'fhéadfá gan aon tairiscint a fháil.
Beidh athruithe a dhéanfaidh tú tar éis duit do riomhphost Seiceáil agus Dearbhaigh a fháil le feiceáil ar do chuntas CAO ar líne. Féadfaidh sé suas le 4 seachtaine a thógáil chun do chuid sonraí scrúdaithe athraithe a thaispeáint i d'iarratas. Logáil isteach ar do chuntas CAO tríd an tsaoráid 'M'larratas' lena chinntiú go bhfuil d'fhaisnéis nuashonraithe cláraithe ina hiomláine agus i gceart roimh an dáta deiridh d'Athrú Intinne ar an 1 lúil, ag 5pm.
TREOIR MAIDIR LEIS AN bPRÓISEAS SEICEÁIL AGUS DEARBHAIGH