IARRATAS A CHUR CHUIG AN CAO / LÁMHLEABHAR AN CAO 2027
TORTHAÍ SCRÚDUITHE SAMHRAIDH 2027
Má tá do shonrái scrúduithe cearta curtha ar fáil agat don CAO (nó d'uimhir PPS d'iarratasóiri ar QQI FET), faigheann an CAO na torthaí scrúdaithe seo a leanas go huathoibróich: An Ardteistiméireacht, QQI FET, CCEA (Tuaisceart Éireann) GCE, GCE na Breataine. Maidir le gach foras scrúdaithe eile, ní mór duit cóipeanna a sholáthar de thorthaí scrúduithe samhraidh 2027 don CAO, a luaithe atá siad ar fáil. Le gur féidir leat a bheith san iomaíocht le haghaidh áiteanna, ní mór go mbeadh na torthaí sin ag an CAO 12 lá ar a laghad roimh eisíúint thaíriscintí an bhabhta ábhartha. Féadfaidh sé go measfaidh Institiúidí Ardoideachais doiciméid a fhaightear i ndiaidh an dáta seo, ach tá baol ann nach measfar iad go dtí an chéad bhabhta eile.
AGALLAIMH AGUS MEASÚNUITHE
I gcás roinnt cúrsaí b'fhéidir go mbeadh gá duit measúnuithe breise a dhéanamh, faisnéis fhorlíontach a sholáthar (e.g. punann nó ráiteas), nó dul faoi agallamh. Beidh “(Srianta – féach ar leathanach 3)” marcálte ar chuid de na cúrsaí sin i Lámhleabhar an CAO, ach ba chóir duit féachaint ar láithreáin ghréasáin agus ar fhoilseacháin na nInstitiúidí Ardoideachais chun tuilleadh faisnéise a fháil.
GAMSAT agus HPAT
Moltar duit iarratas a dhéanamh ar líne, faoin 1 Feabhra ag 5pm, más gá duit iarratas a dhéanamh ar thástálacha GAMSAT nó HPAT 2027. Ní cheanglaítear ar iarratasóiri lánhhásta nach bhfuil iarratas á dhéanamh acu ach ar Míochaine do Chéimithe amháin an rannán ‘Lánfhásta’ a chomhlánú.
Seiceáil bosca isteach do róimhphoist go rialta mar go ndéanann an CAO cumarsáid le hiarratasóiri den sórt sin trí róimhphost.
lonas go guirfidh ACER do chuid torthaí GAMSAT ar aghaidh chuig an CAO, ní mór duit a thabhairt le fios ar aon cheann de do chlárúcháin GAMSAT reatha (Meán Fómhair 2024, Bealtaine/Meitheamh 2026, Meán Fómhair 2026, Márta 2027) gur iarratasóir thú ar chlár Éireannach. Ní bhreithneofar ach torthaí ó na suíonna sin amháin le haghaidh iontráil i Míochaine do Chéimithe 2027.
Cúrsai Leighis Fochéimí
Gheofar torthaí HPAT na bliana reatha go direach ó ACER. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, téigh chuig www.cao.ie/ugmed
Míochaine do Chéimithe
Déantar iarratasóiri cáilithe a rangú ar bhonn thortháin GAMSAT. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, téigh chuig www.cao.ie/gradmed
Beidh ar iarratasóiri ar Leigheas do Chéimithe in Ollscoil na Gaillimhe tabhairt faoi mheasúnú nó agallamh breise freisin mar chuid den phróiseas iarratais.
Níor chóir doiciméid a theastaíonn d'iarratais ar Leigheas do Chéimithe a uaslódáil. Caithfear iad seo a sheoladh tríd an bpost chuig an CAO. Le haghaidh faisnéis maidir leis na doiciméid a theastaíonn féach cao.ie/gradmed
Altranas/Cnáimhseachas Lánfhásta
Déantar iarratasóiri lánfhásta ar altranas/cnáimhseachas a rangú ar bhonn an scóir a fhaigheann siad i dtástáil mheasúnaithe a bhíonn de dhíth ar Bhord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann (NMBI). Maidir le hiontráil chuig cláir in 2027, foilseofar na sonraí iomlána maidir leis an measúnú ar láithreán gréasáin NMBI ar www.nmbi.ie. Táthar ag súil go mbeidh an scrúdú ar siúl i mí an Mhárta/mí Aibreáin 2027, ach d'fhéadfadh sé sin athrú. Seol róimhphost chuig careersinformation@nmbi.ie chun tuilleadh faisnéise a fháil.