IARRATAS A CHUR CHUIG AN CAO / LAMHLEABHAR AN CAO 2027
Céim 7
Tabhair le fios más mian leat Míchumas a chur in iúl agus iarratas a dhéanamh ar an mBealach Rochtana ar Oideachas do Dhaoine faoi Mhíchumas (DARE)
Tábla 1.4 Institiúidí Ardoideachais atá rannpháirteach i scéim DARE
Institiúidí Ardoideachais até rannpháirteach i scéim DARE
Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath Coláiste Náisiúnta na hÉireann Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan NCAD Coláiste na hOllscoile Corcaigh
Institiúid Ealaíne, Deartha & Teicneolaíochta Dhún Laoghaire Ollscoil Mhíochaine & Eolaíochtaí Sláinte, Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath
Institiúid Oideachais Marino Ollscoil Phontaifiúil Naomh Pádraig Ollscoil na Gaillimhe
Coláiste Mhuire Gan Smál Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt Ollscoil Luimnigh
Ollscoil Mhá Nuad Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne
Más mian leat míchumas a chur in iúl, cliceáil ar an gcnaipe ‘Modnnaigh Stádas Míchumais’ (agus an larratais DARE) ar an bhfoirm iarratais ar líne agus lean na treoracha atá tugtha – i gcás fhormhór na n-institiúidí, ní mór duit an chuid sin de d’fhoirm iarratais a chomhlánú faoin 1 Márta, ag 5pm. Más mian leat tuilleadh faisnéise a thabhairt faoi do Mhíchumas, comhlánaigh le do thoil an Fhoirm um Fhaisnéis Fhorlíontach (SIF) faoin 1 Márta, ag 5pm. Tabharfaidh sé sin deis do na hInstitiúidí Ardoideachais breithniú a dhéanamh i dtaobh aon riachtanais shonracha a d’fhéadfadh a bheith agat in institiúid ardoideachais. Tabharfar treoir duit an fhoirm SIF a chomhlánú nuair a roghnaíonn tú ‘Modnnaigh Stádas Míchumais’ ar an bhfoirm iarratais ar líne. Tá na treoracha maidir leis an bhfoirm a chomhlánú agus doiciméid a chur isteach san áireamh ar an bhfoirm ar líne.
Ní mór d'iarratasóiri até ag deanamh iarratais ar DARE:
A bheith faoi bhun 23 bliain d'aois amhail an 1 Eanair 2027.
Cuir iarratas faoi bhráid an CAO faoi 5pm, an 1 Feabhra 2027.
Tráth nach déanaí ná 5pm ar an 1 Márta 2027, ní mór duit an míchumas a thabhairt i d'iarratas CAO, agus ní mór duit Rannán A den Fhoirm um Fhaisnéis Fhorlíontach (SIF) a chomhlánú (is cuid de d'iarratas CAO an SIF). Más mian leat a bheith san áireamh le haghaidh DARE, ní mór duit 'tá' a roghnú i gceist 1, Rannán A, den SIF atá comhlánaithe ina iomláine faoi 5pm, an 1 Márta 2027.
คริสต์ 4. ไฮล์ดา โรค Bien Bien SIF (Räiteas ar Thionchar Oideachasúil), iarr ar do scoil é a chomhlánú duit agus seol ar ais chuig an CAO sa phost é ionas go mbeidh sé faighte ag foireann CAO faoi 5pm, an 10 Márta 2027. Ní cheadaítear duit do chuid doiciméad tacaíocha DARE a uaslódáil.
Déanann roinnt Institiuídí Ardoideachais tionchar an mhíchumais ar d'fheidhmíocht oideachais a chur san áireamh. Má tá iarratasóiri incháilithe do DARE, d'fhéadfadh go bhfaighidís laghdú sa líon pointí le dul isteach in Institiúídí Ardoideachais rannpháirteacha. Le bheith san áireamh le hiontráil i gcúrsa, caithfidh iarratasóiri na híosriachtanais mháithreánaigh/iontrála agus na híosriachtanais maidir le hábhair a shásamh. Tá na sonraí iomlána maidir leis an mBealach Rochtana Míchumais ar Oideachas (DARE) agus na treoracha chun iarratas DARE a chur isteach le fáil i Lámhleabhar Iarratais DARE, ar www.accesscollege.ie agus ar www.cao/dare.
Ioslodáil Rannán C den SIF (Fianaise ar Mhíchumas), iarrar ghairmi míochaine cuí é a chomhlánú (ná déan é seo ach amháin mura bhfuil tuairisc agat cheana ina indeimhnítear do mhíchumas) agus seol ar ais chuig an CAO sa phost é ionas go mbeidh sé faighte ag foireann CAO faoi 5pm, an 10 Márta 2027. In ionad Rannán C, iarrtar ar iarratasóiri a bhfuil Disléicse/ Deacrachtaí Sonracha Litearthachta nó Dioscalcúile/ Deacrachtaí Sonracha Uimhearthachta acu Measúnacht lomlán Shíceolaíoch a sholáthar, a chuir síceolaí atá cáilithe go cuí i gcrích. Nuair nach bhfuil Measúnacht lomlán Shíceolaíoch agat agus tú ag leagan iarratais isteach faoin gcatagóir Disléicse/Deacrachtaí Sonracha Litearthachta, ba cheart duit Rannán D (Ráiteas Scoile) a íoslódáil ina ionad sin, agus iarraidh ar do scoil an ráiteas seo a chomhlánú agus a sheoladh chuig an CAO sa phost le go mbeidh sé acu faoi 5pm, an 10 Márta 2027.
Tá bealaí iontrála eile ann d'airratasóiri lánfhásta agus QQI FET/FETAC Leibhéal 5/6; tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar láithreáin grhéasáin na nInstitiúidí Ardoideachais. Ní mór d'airratasóiri atá ag déanamh iarratais ar DARE: