IARRATAS AR HEAR AGUS DARE

Tabhair le fios más mian leat go mbreithneofał thú don Bhealach Rochtana ar Ardoideachas (HEAR) agus iarratas a dhéanamh ar HEAR

Tábla 1.3 Institiúidí Ardoideachais atá rannpháirteach sa scéim HEAR

Institiúidí Ardoideachais atá rannpháirteach sa scéim HEAR

Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne

Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath Coláiste Náisiúnta na hÉireann Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan NCAD Coláiste na hOllscoile Corcaigh

Institiúid Ealaíne, Deartha & Teicneolaíochta Dhún Laoghaire Ollscoil Mhíochaine & Eolaíochtaí Sláinte, Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Institiúid Oideachais Marino Ollscoil Phontaifiúil Naomh Pádraig Ollscoil na Gaillimhe

Coláiste Mhuire Gan Smál Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt Ollscoil Luimnigh

Ollscoil Mhá Nuad Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath

Is éard atá sa Bhealach Rochtana ar Ardoideachas (HEAR) ná scéim iontrála tríú leibhéal mhalartach do lucht fágála scoile a bhfuil cónaí orthu i bPoblacht na hÉireann agus atá faoi ghannionadaíocht san Ardoideachas mar gheall ar a gcúlra socheacnamáioch. Sula gcuirtear iarratas HEAR ar líne isteach, ba chóir duit an leabhrán HEAR atá ar fáil ar láithreán gréasáin an CAO a léamh agus an t-ábhar a phlé le do thuismitheoirí, le do chaomhnóiri nó le do threoirchomhairleoir. Tá bealaí iontrála eile ann d'iarratasóiri lánfhásta agus QQI FET/FETAC Leibhéal 5/6; tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar láithreáin gréasáin na nInstitiúidí Ardoideachas.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi HEAR téigh chuig www.accesscollege.ie agus/nó tabhair cuairt ar láithreáin gréasáin Oifigí Rochtana na n-institiúidí rannpháirteacha. Is féidir treoracha a fháil maidir le hiarratas DARE nó HEAR a chur isteach sa Lámhleabhar Iarratais HEAR ar www.accesscollege.ie agus www.cao/hear.

Tabhair faoi deara: Ní mór iarratas ar leithligh i gcomhair cúnaimh airgeadais a dhéanamh trí www.susi.ie.

Cáilitheacht HEAR a thabhairt ar aghaidh

Má measadh go raibh tú incháilithe i gcomhair HEAR in 2026, téann sé ar aghaidh ar feadh bliana ar an gcoinníoll go gcuireann tú iarratas faoi bhráid an CAO faoin 1 Feabhra 2027 ag 5pm agus go dtugann tú le fios gur mian leat iarratas a dhéanamh ar HEAR. Ní mór duit d'uimhir iarratais CAO 2026 cheart a chur i gCuid 7 d'fhoirm iarratais ar líne HEAR faoi 5pm an 1 Márta 2027. Iarrtar ort i gcónaí gach rannán ábhartha d'fhoirm iarratais ar líne HEAR 2027 a chomhlánú, ach mar sin féin ní gá duit doiciméid tacaíocha ta thabhairt mar chuid de d'iarratas. Ní mór duit a bheith faoi bhun 23 bliain d'aois amhail an 1 Eanair 2027 chun d'incháilitheacht HEAR a thabhairt ar aghaidh ó 2026 go 2027.

  1. Ní mór d'iarratasóiri atá ag déanamh iarratais ar HEAR: 1. A bheith faoi bhun 23 bliain d'aois amhail an 1 Eanáir 2027. 2. Iarratas ar líne a chur faoi bhráid an CAO faoi 5pm ar an 1 Feabhra, 2027.
  2. Tráth nach déanaí ná 5pm ar an 1 Márta 2027, ní mór duit a léiriú ar d'arratas CAO gur mian leat iarratas a dhéanamh ar HEAR agus ní mór duit gach gné den fhoirm HEAR a chomhlánú go hiomlán agus i gceart (cuid de d'fhoirm iarratais CAO is ea an fhoirm HEAR).
  3. Lean na treoracha ar fhoirm iarratais HEAR go cúramach don mheasúnú ar chritéir ioncaim agus leasa shóisialaigh HEAR.
  4. Nuair a cheanglaítear a leithéid, ní mór d'iarratasóiri Grúpa Tosaíochta a gcuid doiciméad tacaíochta a chur sa phost ionas go bhfaighidh foireann CAO iad tráth nach déanaí ná 5pm ar an 10 Márta, 2027. Ná dean iarracht cáipéisíocht ar bith a uaslódáil le haghaidh HEAR. Ní mór doiciméid HEAR ar bith a iarrtar ort a chur ar fáil a sheoladh tríd an bpost chuig an CAO. Lean na treoracha ar fhoirm iarratais HEAR go cúramach don mheasúnú ar chritéir ioncaim agus leasa shóisialaigh HEAR. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi HEAR téigh chuig www.accesscollege.ie agus/nó tabhair cuairt ar láithreáin gréasáin Oifigí Rochtana na n-institiúidí rannpháirteacha. Is féidir treoracha a fháil maidir le hiarratas DARE nó HEAR a chur isteach sa Lámhleabhar Iarratais HEAR ar www.accesscollege.ie agus www.cao/hear.

NOD: Tá na treoracha maidir le doiciméid tacaíochta a chur faoi bhráid an CAO ar fáil sa Lámhleabhar HEAR agus ar leathanach 99 an lámhleabhair seo.