IARRATAS A CHUR CHUIG AN CAO / LÁMHLEABHAR AN CAO 2027
7. Iarratasóiri Lánfhásta
TÁBHACHTACH: Is gá d'iarratasóiri a bhfuil larratas d'larratasóirií Lánfhásta á dhéanamh acu an méid seo a leanas a léamh go cúramach agus ina iomláine. Ba cheart d'iarratasóiri féachaint freisin ar cao.ie/mature chun tuilleadh eolais a fháil.
Céard is larratasóir Lánfhásta ann?
Go hiondúil, ba cheart d'iarratasóiri lánfhásta a bheith 23 bliana d'aois ar an 1 Eanaír nó roimhe sa bhliain iontrála.
Cathain is ceart d'larratasóir Lánfhásta cur isteach ar an CAO?
Tá sé fiorthábhachtach go mbeadh larratasóiri Lánfhásta cláraithe ar chóras an CAO faoin 1 Feabhra ag 5pm. Ní mheasfaidh formhór na nInstitiúidí Ardoideachais iarratasóiri atá ag cur iarratas isteach ar bhonn aibóchta agus a dhéanann iarratas i ndiaidh 1 Feabhra. Ní mór an Fhoirm d'Iarratasóiri Lánfhásta (cuid den fhoirm iarratais CAO) a chomhlánú faoin 1 Márta 2027, ag 5pm (léigh na treoracha ar www.cao.ie/mature sula gcomhlánaíonn tú an rannán seo.)
Tabhair faoi deara: Tá rialacha difriúla ag roinnt institiúidí ardoideachais maidir le haois iarratasóiri agus freisin maidir leis an tslí inadtugann siad sainmhíniú ar ‘iarratasóiri láinfhásta’, etc., agus glacann cuid acu le hiarratais a thagann chucu tar éis an 1 Feabhra.
Céard iad na riachtanais ionrála d'iarratasóiri lánfhásta?
Sula guireann tú tús le d'iarratas CAO ba cheart duit roinnt ama a ghlacadh le hathbhreithniú a dhéanamh ar réamheolairí agus láithreáin ghréasáin na n-institiúidí a bhfuil spéis agat cur isteach orthu le tuilleadh eolais a fháil. Má tá ceisteanna agat, déan teagmháil le hOifigigh lontrála na n-institiúidí éagsúla agus iarr orthu na riachtanais iontrála a mhíniú agus a chur in íul má tá cuóta áiteanna i gceist.
Féach rannán Iarratais Dhíreacha Lámhleabhar an CAO (leathanach 32) le comhairle maidir le cé cu ar choir iarratas a dhéanamh tríd an CAO nó go díreach.
Cén fhaisnéis a theastaíonn ar an bhFoirm larratais d'larratasóiri Lánfhásta?
Teastaíonn ó na hinstitiúidí ardoideachais iarratais ó iarratasóiri lánfhásta a mheas go han-chúramach agus, mar sin, caithfear faisnéis ar leith a chur ar fáil leis an bhFoirm Iarratais d'Iarratasóiri Lánfhásta (féach www.cao.ie/mature chun níos mó eolais a fháil maidir le rannáin 1-11 a chomhlánú):
An Cháilíocht is Airde go dtí seo.
Staidéar Reatha
Oideachas lar-bhunoideachais
Oideachas Dara Leibhéal
Cúrsai Neamhtheastais
Fostaíocht nó Obair Dheonach
Cumas sa Bhéarla (má bhaineann sé le hábhar)
Teistiméireachtaí
Ráiteas Spéise
Caitheamh Aimsire/Suimeanna
Faisnéis Bhreise
Tabhair faoi deara: Cuirtear scrúduithe fágála scoile agus torthaí QQI FET/FETAC a chuireann iarratasóiri lánfhásta ar fáil san áireamh sa ghnáthiomáiocht d'áiteanna. Is gá duit a chinntiú go gcuireann tú seo in iúl trí thic a chur sna ranná(i)n c(h)uí in Achoimre na gCáilíochtaí agus na Measúnuithe agus an t-eolas atá ag teastáil sna rannáin sin a chur ar fáil.
larratasóiri lánfhásta ar:
Altranas/Cnáimhseachas
Bunmhúinteoireacht
Cúrsai iontrála do chéimithe
ní gá duit Rannáin 1-11 d'larratasóiri Lánfhásta a chomhlánú ACH AMHÁIN má tá tú ag cur isteach ar chúrsáin eile agus más mian leat a bheith san áireamh ar bhonn lánfhásta do na cúrsaí sin. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi chláir altranais/ chnáimhseachais/ chéimithe, téigh chuig rannán Agallamh agus Measúnuithe de Lámhleabhar an CAO (leathanach 23).
Má tá iarratas á dhéanamh agat ar iontráil mar iarratasóir lánfhásta chuig bunmhúinteoireacht in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Institióid Oideachais Marino, Coláiste Mhuire Gan Smál, Luimneach nó Ollscoil Mhá Nuad, ní mór duit iarratas a dhéanamh ar an CAO faoin 1 Feabhra, ag 5pm. I mí an Mhárta, gheobhaidh na daoine a chomhlíonann na critéir cháilitheachta ríomhphost (chuig an gcuntas róimhphoist atá cláraithe lena gcuntas CAO) le treoracha maidir leis an bhfoirm fhorlíontach a chomhlánú agus a chur isteach.