Cad iad na doiciméid tacaíocha na chó mórdom a leagan isteach?

Is gá duit cóipeanna A4 de theastais a sheoladh isteach mar thaca le haon cháilíochtaí a luaitear sa rannán seo.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi dhoiciméid a leagan isteach, téigh chuig leathanaigh 99 & 100 de Lámhleabhar an CAO. Is féidir doiciméid a uaslódáil chuig do chuntas nó a sheoladh sa phost chuig an CAO. ná déan an dá rud.

Céard é an spriocdháta le mo chuid doiciméad a leagan isteach?

Moltar duit do dhoiciméid thacaíocha ta leagan isteach chuig an CAO a luaithe agus is féidir. Maidir le scrúduithe a rinneadh cheana féin, ba cheart cruthúnas a chur chuig an CAO taobh istigh de 10 lá ó chláraigh tú leis an CAO. Is gá cruthúnas a bhaineann le torthaí scrúduithe a bheidh á ndéanamh sa bhliain reatha a chur chuig an CAO a luaithe agus a bhíonn siad ar fáil, agus is gá go mbeidh siad ag an CAO 12 lá ar a laghad roimh an mbabhta ábhartha tairiscintí.

!

Cén chaoí a ndéanfar mo chuid cáilíochtaí a mheas?

Déanann na hInstitiúidí Ardoideachais cáilíochtaí Breisoideachais Eile a mheas. Beidh ort teagmháil a dhéanamh le hOifígí lontrála na nInstitiúidí Ardoideachais éagsúla chun eolas a fháil ar an gcaoi a ndéanfar do cháilíochtaí a mheas. Tiocfaidh tú ar shonraí teagmhála na nInstitiúidí Ardoideachais ag an nasc thíos:

TABHAIR FAOI DEARA: rachaidh muid i dteagmháil le hiarratasóiri tríd an rómhphost. Nuair a sheolann muid rómhphoist, seolann muid iad chuig an seoladh rómhphoist a cláraíodh ar d'iarratas CAO. Cinntigh le do thoil go gcoimeádann tú súil ar an mbosca rómhphoist seo le haghaidh teachtaireachtaí ón CAO. D'fhéadfá a bheith siar go mór leis mura ndéanann tú amhlaidh. Is féidir cóip de gach rómhphost a seoladh ón CAO a fheiceáil sa rannán Comfhfreagrais i do chuntas CAO.