TÁBHACHTACH: Is gá d'iarratasóiri a bhfuil Breisoideachas Eile á chur in íul acu an méid seo a leanas a léamh go cúramach agus ina iomláine.
Ba cheart duit Breisoideachas Eile a roghnú má tá cálíochtaí nó dámhachtaini agat nach glúdaítear faoi chatagóiri 1-4, mar shampla:
Dámhachtaini City & Guilds
Dámhachtaini SOLAS/FÁS
BTEC Leibhéal 4 nó níos aird
Cúrsai iar-Ardteistiméireachta (seachas cúrsai QQI
Leibhéal 5 agus 6 a chlúdaítear i gcatagóir 2)
FETAC Leibhéal 5/6 (NVCA Leibhéal 2/3) a rinneadh roimh 2002.
Cláir Rochtana Ardoideachais
BBa cheart duit cur síos gearr a dhéanamh ar aon
taithí speisialta nó ar aon chálílochtaí atá luaite i
bhfoilseacháin na n-institiúidí ardoideachais mar
cháilíochtaí atá ábhartha agus tú ag déanamh
iarratais. Má bhaineann sé leat, cuir na dátaí, ionaid,
na hábhair agus na torthaí (más eol duit iad) isteach.
Ba cheart duit aan chálíochtaí Breisoideachais/Oiliúna
eile a mheasann tú a bheith ábhartha a lua. Déan
cinnte NACH luann tú aon rud nach bhfuil baint
dhíreach aige le d'iarratas mar go bhféadfadh sé seo
moill a chur ar d'iarratas.
Ba cheart d'iarratasóiri até ag leagan FETAC Leibhéal
5/6 (NCVA Leibhéal 2/3) ó 2002 nó níos luaithe
isteach a bheith ar an eolas maidir leis an méid seo a
leanas:
Luaigh aon scrúduithe a rinne tú roimh 2002 atá curtha i gcriích go hiomlán, agus an bhliain a ndearnadh an cháilíocht a dheimhniú.
Cuir tic i gcatagóir 2 má tá dámhachtain leibhéal
5 nó 6 QQI/FETAC a chuir tú i gcrích ó 2002 agat
nó má tá sí á cur i gcrích agat faoi láthair.
Más mian leat go ndéanfai scrúduithe FETAC
Leibhéal 5/6 a rinne tú roimhe seo a chónascadh le do scrúduithe QQI FET/FETAC Leibhéal 5/6 don bhliain reatha, ba chóir duit dul i dteagmháil le QQI lena chinntiú go bhfaigheann an CAO na comhthorthai i gcomhad torthaí scrúduithe na bliana seo. D'fhéadfadh sé go mbeadh dámhachtaini QQI FET/FETAC Leibhéal 5/6 ar leith riachtanach le háit a fháil ar chúrsai áirithe. Féach ar fhoilseacháin na hinstitiúide ardoideachais cuí lena chinntiú go bhfuil glacadh le do chúrsa FETAC Leibhéal 5/6 sa chéad áit agus téigh chuig www.cao.ie/qqi chun breis eolais a fháil. Tá Dámhachtain iomlán QQI FET/FETAC Leibhéal 5/6 riachtanach; NÍ leor Taifead Gaiscí QQI FET/FETAC Leibhéal 5/6.