DOICIMÉID A UASLÓDÁIL

  • Logáil isteach i do chuntas CAO agus téigh chuig M'larratas
  • Oscail an rannán Cáilíochtaí agus Measúnuithe
  • Cliceáil ar Uaslódáil Doiciméid Tacaíocha, ansín roghnaigh nó tarraing anall do chuid comhad
  • Seiceáil le haghaidh teachtaireacht earráide ar bith (m.sh. an fhomáid nó méid mhíchart)
  • Cliceáil ar Athnuaigh Leathanach chun d'uaslódáil a dhearbhú

Is féidir leat comhaid a scriosadh ó do chuntas CAO ar feadh suas le 8 n-uair an chloig i ndiaidh duit iad a uaslódaíl.

Gheobhaidh tú róimhphost a luaithe agus a bheidh do chuid doiciméad uaslódálte.

Tá teorainn leis an líon doiciméad is féidir leat a uaslóádil. Má sháraíonn tú an teorainn sin, ní mór aon doiciméid bhreise a sheoladh sa phost chuig an CAO.

Tabhair faoi deara:

Níor chóir duit na nithe seo a leanas a uaslódáil:

  • Doiciméid scéimeanna HEAR nó DARE
  • Fianaise ar mhíchumas
  • Tras-scríbhinní bunaidh don Leigheas do Chéimithe
  • Ní shíltear asphrionta scoile de chálíochtaí a bheith ina fhianaise shásúil ar thorthaí.

Ní mór na doiciméid seo a chur isteach chuig an CAO tríd an bpost roimh na spriocdhátaí a luaitear i lámhleabhar an CAO nó ar shuíomh gréasáin an CAO.

Téigh chuig www.cao.ie/upload le haghaidh tuilleadh treoracha

DOICIMÉID A SHEOLADH CHUIG AN CAO

Nuair atá doiciméid tacaíochaí á seoladh chuig an CAO agat:

  1. Cuir uimhir agus dáta ar bharr gach leathanaigh.
  2. Scríobh d'uimhir iarratais CAO ar bharr gach leathanaigh.
  3. Cuir do dhoiciméid i gclúdach litreach agus cinntigh nach bhfuil sa chlúdach litreach ach doiciméid tacaíocha do d'iarratas CAO.
  4. Más mian leat deimhniú a fháil ón CAO go bhfuarthas do chuid doiciméad, ní mór duit cárta poist atá stampáilte agus ar a bhfuil do sheoladh féin a chur i do chlúdach litreach (ní bheidh stampa ag teastáil ar an gcárta poist más tá tú i do chónái lasmuigh de Phoblacht na hÉireann).
  5. Séalaigh an clúdach litreach agus cuir do sheoladh poist ar chúl an chlúdaigh.
  6. Is gá na doiciméid ar fad a sheoladh chuig: CAO, Teach an Túir, Sráid Eglinton, Gaillimh, H91 X25V, Éire. 7. Ba chóir duit deimhniú postála a fháil ó Oifig an Phoist. Ná cláraigh do phost; is leor Deimhniú Postála.
  7. Ba chóir duit deimhniú postála a fháil ó Oifig an Phoist. Ná cláraigh do phost; is leor Deimhniú Postála.

Cruthúnas Postála

Tabhair faoi deara má chuirtear aon mhoill ar rudaí sa phost nó má théann aon rud amú sa phost caithfear cruthúnas postála a sholáthar don CAO, m.sh., Deimhniú Postála.

Cinntigh go mbíonn an dáta agus oifig eisithe soiléir agus inléite. Caithfidh tú a thabhairt le fios céard a seoladh chuig an CAO a bhaineann leis an Teastas Postála ar leith, e.g. foirm iarratais, Athrú Intinne, doiciméid bhreise, doiciméid DARE, doiciméid HEAR.

Ba chóir duit Deimhniú Postála atá deimhnithe ag Oifig an Phoist a fháil gach uair a sheolann tú aon rud chuig an CAO.

Ná cláraigh do phost; is leor Deimhniú Postála ó Oifig an Phoist.