DOICIMÉID A UASLÓDÁIL
Logáil isteach i do chuntas CAO agus téigh chuig M'larratas
Oscail an rannán Cáilíochtaí agus Measúnuithe
Cliceáil ar Uaslódáil Doiciméid Tacaíocha, ansín roghnaigh nó tarraing anall do chuid comhad
Seiceáil le haghaidh teachtaireacht earráide ar bith (m.sh. an fhomáid nó méid mhíchart)
Cliceáil ar Athnuaigh Leathanach chun d'uaslódáil a dhearbhú
Is féidir leat comhaid a scriosadh ó do chuntas CAO ar feadh suas le 8 n-uair an chloig i ndiaidh duit iad a uaslódaíl.
Gheobhaidh tú róimhphost a luaithe agus a bheidh do chuid doiciméad uaslódálte.
Tá teorainn leis an líon doiciméad is féidir leat a uaslóádil. Má sháraíonn tú an teorainn sin, ní mór aon doiciméid bhreise a sheoladh sa phost chuig an CAO.
Tabhair faoi deara:
Níor chóir duit na nithe seo a leanas a uaslódáil:
Doiciméid scéimeanna HEAR nó DARE
Fianaise ar mhíchumas
Tras-scríbhinní bunaidh don Leigheas do Chéimithe
Ní shíltear asphrionta scoile de chálíochtaí a bheith ina fhianaise shásúil ar thorthaí.
Ní mór na doiciméid seo a chur isteach chuig an CAO tríd an bpost roimh na spriocdhátaí a luaitear i lámhleabhar an CAO nó ar shuíomh gréasáin an CAO.
Téigh chuig www.cao.ie/upload le haghaidh tuilleadh treoracha
DOICIMÉID A SHEOLADH CHUIG AN CAO
Nuair atá doiciméid tacaíochaí á seoladh chuig an CAO agat:
Cuir uimhir agus dáta ar bharr gach leathanaigh.
Scríobh d'uimhir iarratais CAO ar bharr gach leathanaigh.
Cuir do dhoiciméid i gclúdach litreach agus cinntigh nach bhfuil sa chlúdach litreach ach doiciméid tacaíocha do d'iarratas CAO.
Más mian leat deimhniú a fháil ón CAO go bhfuarthas do chuid doiciméad, ní mór duit cárta poist atá stampáilte agus ar a bhfuil do sheoladh féin a chur i do chlúdach litreach (ní bheidh stampa ag teastáil ar an gcárta poist más tá tú i do chónái lasmuigh de Phoblacht na hÉireann).
Séalaigh an clúdach litreach agus cuir do sheoladh poist ar chúl an chlúdaigh.
Is gá na doiciméid ar fad a sheoladh chuig: CAO, Teach an Túir, Sráid Eglinton, Gaillimh, H91 X25V, Éire. 7. Ba chóir duit deimhniú postála a fháil ó Oifig an Phoist. Ná cláraigh do phost; is leor Deimhniú Postála.
Ba chóir duit deimhniú postála a fháil ó Oifig an Phoist. Ná cláraigh do phost; is leor Deimhniú Postála.
Cruthúnas Postála
Tabhair faoi deara má chuirtear aon mhoill ar rudaí sa phost nó má théann aon rud amú sa phost caithfear cruthúnas postála a sholáthar don CAO, m.sh., Deimhniú Postála.
Cinntigh go mbíonn an dáta agus oifig eisithe soiléir agus inléite. Caithfidh tú a thabhairt le fios céard a seoladh chuig an CAO a bhaineann leis an Teastas Postála ar leith, e.g. foirm iarratais, Athrú Intinne, doiciméid bhreise, doiciméid DARE, doiciméid HEAR.
Ba chóir duit Deimhniú Postála atá deimhnithe ag Oifig an Phoist a fháil gach uair a sheolann tú aon rud chuig an CAO.
Ná cláraigh do phost; is leor Deimhniú Postála ó Oifig an Phoist.