Ní mór duit cóipeanna bunaidh de do thras-scríbhinní nó de do theastais a choinneáil mar d'fhéadfadh go n-iarrfáirt iad a thíolacadh do HEIanna roimh an gclárú. Mura gcuirtear na doiciméid riachtanacha i láthair ar iarratas ó HEI, d'fhéadfadh an HEI tairiscint áit a tharraingt siar nó diúltú tú a chlárú mar mhac léinn.
Chun tuilleadh treoracha a fháil maidir le doiciméid a sheoladh, téigh chuig www.cao.ie/faq
Mar chuid de d'iarratas, féadfaidh sé go mbeidh ort tuilleadh cáipéisíochta a chur ar fáil – féach leathanaigh 6-18 den lámhleabhar seo chun tuilleadh treoracha a fháil. Ní mór go sroichfeadh na doiciméid sin an CAO laistigh de 10 lá ón am ar cláraíodh leis an CAO (ach amháin i gcás na n-iarratasóiri sin a bhfuil torthaí a fuarthas in 2027 á léiriú acu – féach ar leathanach 24).
Caithfear doiciméid a uaslódálte chuig do chuntas nó
seolta sa phost chuig an seoladh thíos. Ná deán an dá rud.
Ní dhéanann an CAO na doiciméid
a sheiceáil lena chinntiú go
gcomhlíonann siad na coinníollacha atá
leagtha síos ag na hinstitiúidí.
Maidir le scrúduithe atá críochnaithe agat cheana, caithfidh tú teastais a sholáthar don CAO maidir le gach cáilíocht atá luaite agat ar d'fhoirn iarratais:
Ba chóir d'iarratasóiri DARE agus/nó HEAR leathanaigh 21-23 den lámhleabhar seo agus den Lámhleabhar DARE agus/nó den Lámhleabhar HEAR a léamh chun treoracha a fháil maidir le doiciméid tacaíocha a chur isteach chuig an CAO faoi 5pm, ar an 10 Márta. Ní ghlacfar le doiciméid DARE agus/nó HEAR trí uaslódáil ná róimhphost; ní mór cóipeanna crua a chur sa phost chuig an CAO.
Is gá teastais/tras-scríbhinní a chur ar fáil sa teanga bhunaidh agus is ceart go mbeadh dátaí, ábhair, agus torthaí ar na teastais sin.
NÍOR CHÓIR doiciméid bhunaidh a sholáthar (ach amháin i gcás Míochaine do Chéimithe nuair is gá tras-scríbhinní bunaidh de na torthaí i ngach bliain a sholáthar); ba chóir cóipeanna A4 a sholáthar. (Ní chuirfdh an CAO doiciméid bhunaidh ar ais chugat).
Is gá aistriúchán deimhnithe Béarla a chuir soláthraí
gairmiúil seirbhíse aistriúcháin ar fáil a sholáthar i gcás
cáilíochtaí nár eisíodh i mBéarla nó i nGaeilge, chomh
maith le cóipeanna A4 de na doiciméid iad féin.
Má tá do dhoiciméid in ainm eile seachas an t-ainm a chuir tú ar d'iarratas, ní mór cóip de do dhoiciméad inar athraigh tú d'ainm go hoifigiúil a chur ar fáil freisin.
Murab é an Béarla do chéad teanga, ní mór duit fianaise
ar chumas sa Bhéarla a léiriú agus sonrá faoin gCáilíocht
/ faoi na Cáilíochtaí Béarla atá agat – déan teagmháil
dhíreach leis na hInstitiúidí Ardoideachais maidir leis na
riachtanais.
Más rud é gur chuir tú iarratas faoi bhráin an CAO i mbliain eile roimhe seo, ní féidir doiciméid ó iarratas CAO roimhe seo a aistriú chuig iarratas nua CAO.
- Ní mór duit cóipeanna bunaidh de do thras-scríbhinní nó de do theastais a choinneáil mar d'fhéadfadh go n-iarrfáin ót iad a thóiacadh do HEIanna roimh an gclárú. Mura gcuirtear na doiciméid riachtanacha i láthair ar iarratas ó HEI, d'fhéadfadh an HEI tairiscint áit a tharraingt siar nó diúltú tú a chlárú mar mhac léinn.
Doiciméid do Léann an Leighis do Chéimithe
Níor cheart na doiciméid atá ag teastáil le haghaidh iarratais ar Léann an Leighis do Chéimithe a uaslódáil. Ní mór iad seo a sheoladh sa phost chuig an CAO. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na doiciméid atá ag teastáil, féach ar cao.ie/gradmed.