IARRATAS A CHUR CHUIG AN CAO / LÁMHLEABHAR AN CAO 2027
1. Scrudú na hArdteistiméireachta i bPoblacht na hÉireann (1985-2027)
TÁBHACHTACH: Is gá d'iarratasóiri a bhfuil Scrúduithe na hArdteistiméireachta (1985-2027) á gcur in iúl acu an méid seo a leanas a léamh go cúramach agus ina iomláine.
larratas a leagan isteach chuig an CAO ar bhonn Scrúduithe Ardteistiméireachta na hÉireann (1985-2027):
Is gá duit, má tá Scrúduithe na hArdteistiméireachta (1985-2027) á gcur i láthair agat, tic a chur le Catagóir 1 in Achoimre na gCáilíochtaí agus na Measúnuithe.
Is gá duit ainm do scoile, seoladh do scoile, agus an bhliain ar thosaigh agus ar chróchnaigh tú do scolaíocht a chur in iúl i rannán Meánscoileanna ar Freastalaíodh orthu den iarratas ar líne.
Tabhair faoi deara: Ba cheart Scrúduithe na hArdteistiméireachta Feidhmi nó scrúduithe na hArdteistiméireachta roimh 1985 a thaifeadadh faoi chatagóir 4 ‘Scrúduithe Fágála Scoile Eile’.
Is iarratasóir Ardteistiméireachta na bliana reatha mé – cén chaoí ar féidir liom m'uimhir scrúdaithe a chur ar fáil?
Más iarrthóir Ardteistiméireachta reatha thú, ní mór duit tic a chur sa bhosca atá tugtha le cur in iúl go mbeidh an Ardteistiméireacht á déanamh agat i mbliana ag an am seo.
I mí an Mhárta, cuirfidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit sonraí iarratasóiri Ardteistiméireachta 2027 ar fáil don CAO, agus ar dháta ina dhiaidh sin iarrfar ort d'uimhir scrúdaithe Ardteistiméireachta a dheimhniú ar an riomhphost Seiceáil agus Dearbhaigh a gheobhaidh tú i mí na Bealtaine.
I roinnt cásanna, rachaidh muid i dteagmháil leat trí róimhphost i mí an Mhárta agus i mí Aibreáin le hiarraidh ort d'uimhir scrúdaithe a chur isteach i do chuntas CAO de láimh – go hiondúil mar gheall nárbh fhéidir linn d'iarratas CAO a mheaitseáil le hUimhir Scrúdaithe Ardteistiméireachta a chuir Coimisiún na Scrúduithe Stáit ar fáil don CAO. Seiceáil an rannán Comhfhreagrais de d'iarratas go cúramach le haghaidh comhfhreagrais ón CAO.
Rinne mé an Ardteistiméireacht roimh an mbliain seo – cén chaoí ar féidir liom m'uimhir scrúdaithe a chur ar fáil?
Má rinne tú an Ardteistiméireacht cheana ní mór duit d'uimhir/uimhreacha scrúdaithe agus an bhliain/na blianta ar shuigh tú do scrúdú/scrúduithe a thabhairt sa spás a chuirtear ar fáil sa rannán Cáilíochtaí agus Measúnuithe. Mura bhfuil d'uimhir scrúdaithe Ardteistiméireachta ar eolas agat, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le do scoil nó le Coimisiún na Scrúduithe Stáit chun rochtain a fháil ar do chuid sonraí.
Cén chaoian a bhfaigheann an CAO torthaí Scrúduithe na hArdteistiméireachta?
Úsáidfdih an CAO an uimhir scrúdaithe a chuir tú ar fáil/a dhearbhaigh tú le rochtain a fháil ar do thorthaí Ardteistiméireachta.
Ní mór duit bliain cheart agus uimhir cheart scrúduithe na hArdteistiméireachta a chur isteach ar d'iarratas ar líne.
Cén chaoì a ndéanfar mo chuid torthaí Ardteistiméireachta a mheas?
Is féidir leat breathnú ar scéim scórála na hArdteistiméireachta ag cao.ie/lcscore
Má tá do chuid torthaí agat cheana féin, is féidir leat an t-áireamhán pointí ar ár láithreán gréasáin a úsáid le do scór a sheiceáil: cao.ie/calc
Meastar torthaí scrúduithe na
hArdteistiméireachta do thairiscintí i mBabhta a hAon agus sna babhtaí ina dhiaidh sin.
TABHAIR FAOI DEARA: rachaidh muid i dteagmháil le hiarratasóiri tríd an rómhphost. Nuair a sheolann muid rómhphoist, seolann muid iad chuig an seoladh rómhphoist a cláraíodh ar d'iarratas CAO. Cinntigh le do thoil go gcoimeádann tú súil ar an mbosca rómhphoist seo le haghaidh teachtaireachtaí ón CAO. D'fhéadfá a bheith siar go mór leis mura ndéanann tú amhlaidh. Is féidir cóip de gach rómhphost a seoladh ón CAO a fheiceáil sa rannán Comfhfreagrais i do chuntas CAO.