4 Astaíochtaí CO2 – Sprioc (kgCO2)
4.1 CO2-Sprioc laghduithe
Faoin Sainordú na hEarnála Pobail um Ghníomhú ar son na hAeráide, ceanglaítear ar BOO Chathair Bhaile Átha Cliath, faoin mbliain 2030, ár gcuid Astaíochtaí CO2 a laghdú 51% ó bhunlíne sheasta dár meánastaíochtaí CO2 bliantúla do na blianta 2016-2018. Ní mór an sprioc seo a bhaint amach i gcomhthéacs na huaillmhéine níos fadtéarmaí maidir le stoc dícharbónaithe foirgnimh a bhaint amach faoi 2050.
Ó na sonraí is déanaí atá againn óin mbliain 2022, baineann thart ar 99% de na hastaíochtaí CO2 seo go díreach lenár bhfoirgnimh agus leis an mbealach a ndéanaimid na foirgnimh seo a théamh agus a chumhachtú chun tacú le raon leathan seirbhísí agus iad a sheachadadh. Baineann an 1% eile d'astaíochtaí CO2 tuairiscithe le hiompar a tuairisciódh, mar a cheanglaítear leis an mbunachar sonraí M&T den chéad uair in 2022.
Is iad na hastaíochtaí bonnlíne CO2 ó BOO Chathair Bhaile Átha Cliath ná ár meánastaíochtaí bliantúla do na blianta 2016 go 2018. Is bonnlíne sheasta é óna gcaithfear laghdú 51% a bhaint amach faoi 2030 gan beann ar conas a bhféadfaidh an eagraíocht fás agus forbairt sna blianta amach romhainn.
Tá ár mbunlíne agus ár sprioc uimhreacha astaíochtaí CO2 leagtha amach thíos a thaispeánann deighilt ar a dtugtar astaíochtaí Raon Feidhme 1 (iontaise/iompar ar an láthair) agus raon feidhme 2 (leictreachas eangaí) mar aon le hiomlán comhfhreagrach.
Sprioc-Astaíochaí
Astaíochtaí Bunlíne (meán do na blianta 2016-2018)
CineálFoinsekg CO2
Astaíochtaí RAON FEIDHME 1Teirmeach & lompar Ar An Láithreán (iontaise)2,274,827
Astaíochtaí RAON FEIDHME 2Leictreachas Eangaí3,283,690
(Laghdú 51% faoi 2030)
kgCO2
1,114,665
1,609,008
IOMLÁNA 5,558,517
2,723,673
4.1.1 Astaíochtaí Raon Feidhme 1 & Raon Feidhme 2
Déanann Raon feidhme 1 tagairt d'astaíochtaí CO2 a tharlaíonn go díreach ar an láthair agus iompar, (i.e. tithe coire nó feithiclí iompair).
Bíonn astaóchtaí raon feidhme 2 ann lasmuigh den láthair ag na stáisiún chumhachta ina ngintear an leictreachas.
Tá an t-idirdhealú idir Astaíochtaí Raon Feidhme 1 agus Raon Feidhme 2 tábhachtach.
4.1.2 Astaíochtaí Raon Feidhme 2 - Toimhíd agus Gnó mar is Gnách (GMG)
Tá barúil fite fuaite in uirlis Bearna go Sprioc an ÚFIÉ (GTT) go mbainfidh ár n-astaíochtaí RAON FEIDHME 2 (leictreacha) leas go mór as dícharbónú leanúnach eangach Soláthair Leictreachais na hÉireann.
Tá an leas measta agus samhaltaithe ó dhícharbónú ó thaobh an tsoláthair de ar eangaí Leictreachais na hÉireann leagtha amach sa tábla thíos agus bheadh sé comhionann le laghdú thart ar 78% ar ár raon feidhme 2 astaóchtaí CO2.