2.5 Oiliúint Shinsearach Ceannaireachta

Tá raon oiliúna déanta ag baill den Fhoireann Shinsearach Ceannaireachta. Le cúnamh ó ETBI agus ó bhForas Riaracháin tá sé beartaithe go dtabharfar faoi oiliúint Ghníomhú ar son na hAeráide de chineál “LA CARO” faoi dheireadh R1 2025 do gach ball den Fhoireann Shinsearach Ceannaireachta.

2.6 Foirne Glasa

Tá struchtúr na bhfoirne Funnimh / Glas faoi athbhreithniú agus é mar aidhm cairt a chur ar bhonn foirmiúil a thacóidh le haidhmeanna an tSainordaithe um Ghníomhú ar son na hAeráide a chur i bhfeidhm. Díreofar an fócas tosaigh i dtreo clár uaillmhianach um Bainistíocht Funnimh ar fud na heagraíocha a bheidh mar bhunús do chinntí straitéiseacha amach anseo agus don infheistíocht a theastaíonn chun na sainspriocanna atá sainordaithe a bhaint amach

2.7 Ceardlanna Foirne

Eagrófar sraith cheardlann foirne le linn 2025 chun a chinntiú go scaipfear agus go dtuigfear impleachtaí spriocanna sonracha an tsainordaithe maidir le laghdú astaíochtaí agus feabhsú éifeachtúlachta fuinnimh ar fud na heagraíochta chomh maith lena chinntiú go mbeidh cuspóiri níos leithne an tsainordaithe neadaithe ar fud na heagraíochta.

3 Ár Modhanna Oibre

3.1 Córais Bhainistíocha Fuinnimh agus Comhshaoil agus Creidiúnú.

Ní thagann BOO Chathair Bhaile Átha Cliath faoin sainmhíniú ar Chomhlacht Mór Poiblí agus mar sin ní éilíonn sé deimhniú foirmiúil i gcórais bhainistíochta comhshaoil nó fuinnimh. Táimid i mbun córais bhainistíochta fuinnimh a neartú ar fud na heagraíochta, áfach, agus táimid ag obair ar leibhéal earnála le ETBI agus le páirtithe leasmhara níos leithne, chun acmhainní a ghiaráil agus a neartú chun cabhrú leis an tasc sin.

3.2 Próisis Pháipéarbhunaithe

Déanann BOO Chathair Bhaile Átha Cliath athbhreithniú leanúnach ar phróisis pháipéirbhunaithe.

Le dhá bhliain anuas d'éirigh le BOO Chathair Bhaile Átha Cliath ár bPárolla, n-Acmhainní Daonna agus gcórais bhainistóchta Ordaithe agus Sonraisc a aistriú, ó phróisis pháipéirbhunaithe go córais néalbhunaithe ar líne.

3.3 Soláthar Poiblí Glas

Áiríonn BOO Chathair Bhaile Átha Cliath critéir chomhshaoil i ngach mórthairiscint ar Earraí agus ar Sheirbhísí.

Tá roinnt Tionscadal Tógála ar mhórscála ag an gcéim forbartha ag BOO Chathair Bhaile Átha Cliath a chuirfear i gcrích sna blianta atá romhainn. Leanfar ceanglais an tSoláthair Phoiblí Ghlais mar a bhaineann sé le Tionscadail Tógála agus go háirithe le modhanna tógála ísealcharbóin agus cuimsió stroighin ísealcharbóin nuair is infheidhme.

3.4 Ár bhfeithiclí

Is ionann astaóchtaí iompair tuairiscithe BOO Chathair Bhaile Átha Cliath agus níos lú ná 1% dár n-astaóchtaí CO2 iomlána tuairiscithe. Tagann na hastaóchtaí ó roinnt feithiclí tacaíochta cothabhála agus mionbhusanna scoile. Sa leagan seo den treochlár rinneamar samhlú de laghdú 80% déanta ar na hastaóchtaí breosla iontaise a bhaineann leis an iompar seo.