2.3 Struchtür rialachais

2.4 Oiliúint agus Rannpháirtíocht Foirne

Tá raon leathan oiliúna curtha ar fáil agus déanta ag baill foirne ar fud na heagraíocha. Áirítear le hoiliúint, Fuinneamh san Oideachas, Léarscáil Fuinnimh, Deimhniú um Ghníomhú ar son na hAeráide, Nithe bunúsacha NZEB, Iniúchtaí IR 426...

D’fhorbair BOO Chathair Bhaile Átha Cliath clár ag leibhéal 3 i gceartas agus gníomhú ar son na haeráide. Tá sé seo curtha ar fáil do gach BOO chun cur chuige náisiúnta a spreagadh. D’fhorbair BOO Chathair Bhaile Átha Cliath an lámhleabhar don chlár chun tacú leis na teagascóiri a sholáthraíonn an clár.

In 2022 chuaigh baill foirne ar shoghluaisteacht Erasmus chun an dóigh a bhfuil SDGanna leabaithe sna hionaid agus sa churaclam BO a fheiceáil. Bunaíodh coiste chun cur chuige comhtháite a fhorbairt ar fud na heagraíocha.