2 Ár nDaoine – Ceannaireacht agus Rialachas
2.1 Tiomantas na Bainistiochta Sinsearaí
Cé go n-aithnítear na dúsháin shuntasacha atá romhainn, tá Foireann Bhainistóachta Shinsearach BOO Chathair Bhaile Átha Cliath tiomanta dá n-oibleagáidí a chomhlíonadh faoi Shainordú na hEarnála um Ghníomhú ar son na hAeráide (SEA).
Tá comhaontú comhpháirtíochaísaínthe ag BOO Chathair Bhaile Átha Cliath le hÚdarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (ÚFIÉ) a gheallann:
Oibriú le ÚFIÉ chun ár spriocanna dícharbónaithe fuinnimh 2030 agus 2050 a bhaint amach agus chun Sainordú níos leithne na hEarnála Poiblí a sheachadadh.
Clár bainistithe fuinnimh a neadú atá oiriúnach do mhéid ár n-eagraíocha
Píblíne tionscadail a fhorbairt i dtreo spriocanna dicharbónaithe fuinnimh 2030 agus pleanál go straitéiseach i dtreo glan-nialas a bhaint amach faoi 2050.
Tuairisiú a dhéanamh go bliantúil ar fheidhmíocht fuinnimh ár n-eagraíocha agus stoic tógála.
Oibriú leis an ÚFIÉ chun athbhreithniú bliantúil a dhéanamh ar ár ngníomhartha um bainistíocht fuinnimh agus dicharbónú fuinnimh.
Tuairisiú a dhéanamh ar dhul chun cinn bliantúil maidir lenár n-éifeachtúlacht fuinnimh agus laghduithe astaíochtaí gás ceaptha teasa don ÚFIÉ.
Éifeachtúlacht fuinnimh agus laghduithe ar astaóchtaí gás ceaptha teasa a bhreithniú agus trealamh agus áiseanna á soláthar agus á ndearadh.
Comhoibriú leis an ÚFIÉ chun tairbhí na gníomhaíocha taerde a thaineann le fuinneamh a chur in iúl.
2.2 Curadh Ainmnithe Aeráide agus Inbhuaaitheachta
Mar até sainordaithe, tá ball den Fhoireann Shinsearach Ceannaireachta ainmnithe ag BOO Chathair Bhaile Átha Cliath mar “Churadh Aeráide agus Inbhuaanaitheachta”. Tá an Stiúrthóir ar Thacaíocht agus Fhorbairt na hEagraíochta (TFE-riarachán), mar Churadh, ag obair go dlúth leis an bhFoireann Shinsearach Ceannaireachta, leis an bhFoireann Fhoirgnimh, agus leis an eagraíocht níos leithne, ag baint leasa as saineolas inmheánach agus seachtrach chun a chinntiú go scaiptear agus go dtuigtear na dúsháin shuntasacha a bhaineann leis an sainordú ar fud na heagraíochta agus chun a chinntiú go n-athraítear agus go bhforbraítear ár gcleachtais oibre de réir aidhmeanna leathana an tSainordaithe um Ghníomhú ar son na hAeráide.