Bunaíodh BOO Chathair Bhaile Átha Cliath ar an 1 lúil 2013 faoin Acht um Boird Oideachais agus Oiliúna, 2013. Is muidne an t-údarás stáit um oideachas agus oliúint do Bhaile Átha Cliath le breis agus 3,000 ball foirne a chuireann deiseanna oideachais agus oliúna ar fáil do bhreis is 50,000 duine ar fud chathair Bhaile Átha Cliath.
Déanaimid é seo trí Phobalscoileanna Náisiúnta, Scoileanna Pobail Speisialta, Scoileanna Ospidéil Phobail agus 11 Choláiste Pobail a reáchtáil ar fud na cathrach. Feidhmíonn ár gColáiste BO i gCathair Bhaile Átha Cliath thar cheithre champas sa chathair ag soláthar lar-Ardteistiméireachta, printíseachtaí, cúrsaí oiliúna agus raon deiseanna breisoideachais agus oiliúna do dhaoine fásta.
Táimid freagrach freisin as SUSI, an t-údarás dámhachtana náisiúnta do dheontais mac léinn in Éirinn. Tacaíonn BOO Chathair Bhaile Átha Cliath le soláthar, comhordú, riarachán agus measúnú Seirbhísí Óige I gcathair Bhaile Átha Cliath agus is é an priomh-chomhpháirtí i Music Generation Chathair Bhaile Átha Cliath.
Faigheann an soláthar seo tacaíocht ó réimse seirbhísí, lena n-áirítear seirbhís shíceolaíochta, aonad forbartha curaclaim, aonad cothabhála foirgneamh agus foireann riaracháin na Príomhoifige i nDroichead na Dothra.
Léirítear thuas scaipeadh geografach na bhfoirgneamh roghnaithe laistigh de theorainneacha M50 Bhaile Átha Cliath. Foirgnimh BO
Foirgnimh BO
Foirgnimh Scoile Foirgnimh Riaracháin & Tacaíocha
Foirgnimh Riaracháin & Tacaíocha
Léirítear ar Dheis an t-athrú ar an Straitéis Eastát go samhail de sholáthar campais laistigh den Earnáil Breisoideachais
Campas Thiar Thuaidh Choláiste BOO Chathair Bhaile Átha Cliath Campas Thoir Thuaidh Choláiste BOO Chathair Bhaile Átha Cliath
Campas Thoir Thuaidh Choláiste BOO Chathair Bhaile Átha Cliath
Campas Thiar Theas Choláiste BOO Chathair Bhaile Átha Cliath Campas Lárnach Choláiste BOO Chathair Bhaile Átha Cliath
Campas Lárnach Choláiste BOO Chathair Bhaile Átha Cliath