De réir ár sonraí is déanaí a tuairiscódh, baineann breis is 99% d'astaíochtaí CO2 BOO Chathair Bhaile Átha Cliath go díreach lenár bhfoirgnimh agus leis an mbealach a ndéanaimid na foirgnimh seo a théamh agus a chumhachtú chun raon leathan seirbhísí oideachais agus pobail a sholáthar.
Thug BOO Chathair Bhaile Átha Cliath faoi chleachtadh mionsonraithe chun próifí reatha fuinnimh agus astaíochtaí ár n-eastát tógtha ilghnéitheach a chainníochtú agus a anailísú agus tá an cleachtadh anailíse seo mar bhonn faoin treochlár chun na spriocanna a chuirtear i láthair anseo a bhaint amach.
Níl an bóthar gan dúsháin atá aitheanta go forleathan. Beidh infheistióchtaí suntasacha ag teastáil agus ní mór na hinfheistióchtaí seo a mheas agus a threorú go straitéiseach.
Mar bhonn do na cinntí agus na hinfheistíochtaí straitéiseacha sin tá an treochlár a chuirtear
I láthair anseo bunaithe ar chlár uaillmhianach bainistithe / laghdaithe fuinnimh ar fud an eastáit
a léiríonn beagnach 30% den bhóthar. Cuirfidh BOO Chathair Bhaile Átha Cliath acmhainní ar fáil
don Oiliúint, do na Foirne Glasa agus do na Struchtúir a bheidh ag teastáil chun na laghduithe sin
a bhaint amach sna blianta atá le teacht agus chun cur leis an dul chun cinn atá déanta cheana féin.
Tá an 70% eile atá samhlaithe léiritheach go páirteach, ag brath mar atá sé ar mhaoinú páirtithe leasmhara seachtracha. Samhlaíodh tionscadail tógála/athchóirithe gníomhacha ar scála mór. Samhlaíodh miontionscadail tógála agus athchóirithe gníomhacha agus rinneadh na miontionscadail seo a ghiaráil tuilleadh laistigh den tsamhail chun laghduithe breise a léiriú.
Déantar na laghduithe suntasacha atá fágtha a shamhlú chun críocha an leibhéal suntasach
d'éileamh ar fhuinneamh breosla iontaise a shainaithint agus béim a chur air nach mór é a dhíothú
nó a aistriú chuig réimeas téimh in-athnuaite cuí.
Ó thaobh na Scoile de, atá faoi réir sainordú ar leith, sainaithnítear sa treochlár próiflí móra tomhaltais fuinnimh ina mbeidh gá le hinfheistióchtaí chun an t-éileamh ar fhuinneamh breosla iontaise a laghdú.
Ó thaobh an Bhreisoideachais de, is é rún an treochláir eolas a chur ar leagain bhreise de Straitéis Eastáit BO BOO Chathair Bhaile Átha Cliath atá á forbairt agus é ag iarraidh an straitéis sin a bheachtú, i gcomhpháirtíocht leis na páirtithe leasmhara go léir, chun eastát tógtha idéalach a shainiú a thagann leis an uaillmhian chun fanacht mar cheannairí domhanda san earnáil seo, agus ag an am céanna aitheantas á thabhairt d'fhírinní maidir le “timpeallacht faoi shrianta carbóin”.
Bord Oideachais agus Oiliúna Education and Training Board