Ó chainníochtú agus treochlár a chur i bhfoirm tábla go dtí an sprioc sainordaithe um laghdú Astaíochtaí CO2 agus an sprioc feabhsaithe Éifeachtúlachta Fuinnimh a bhaint amach, is léir gur dúsháin suntasach a bhí ann do Bhord Oideachais agus Oiliúna Chathair Bhaile Átha Cliath na spriocanna sin a bhaint amach. Is iomaí dúsháin atá ann agus ní bhaineann siad go sonrach le BOO Chathair Bhaile Átha Cliath agus aithnítear go forleathan iad sna hearnálacha poiblí agus priobháideacha araon.
Ní eagraíoch fhéinmhaoinithe é BOO Chathair Bhaile Átha Cliath. Beidh na hinfheistíochtaí caipitiúla a theastaíonn chun na spriocanna sainordaithe a bhaint amach suntasach agus ní mór na hinfheistíochtaí seo a mheas agus a threorú go straitéiseach. Oibreoidh BOO Chathair Bhaile Átha Cliath lenár bpáiritithe leasmhara chun sonraí agus dul chun cinn atá ar fáil a bheachtú agus a chomhroinnt agus chun straitéis fhadtéarmach eastáit a fhorbairt a thagann lenár misean a bheith mar cheannairí domhanda san oideachas agus lenár n-oibleagáid chun eastát tógtha idéalach a shainiú i gcomhthéacs “timpeallacht faoi shrianta carbóin”.
Tá dhá chuspóir ag an gcéad atriall seo de Threochlár BOO Chathair Bhaile Átha Cliath um Ghníomhú ar son na hAeráide.
Is é an chéad chuspóir ná oibleagáid dár bpáiritithe leasmhara a chomhlíonadh chun treochlár soiléir a leagan amach ina mbeidh cuspóiri Shainordaithe Ghníomhaíocha Aeráide na hEarnála Poiblí (SGAEP) leabaithe a thuilleadh ar fud ár n-eagraíocha.
Is é an dara cuspóir ná impleachtaí an dá shainsprioc uimhriúil atá leagtha amach sa sainordú a bhaineann le hAstaíochtaí Carbóin agus Éifeachtúlacht Fuinnimh araon a chainníochtú go soiléir dár n-eagraíocht féin. Is spriocanna uimhriúla iad agus is i gcomhthéacs chainníochtú soiléir ar an impleacht atá ar na huimhreacha sin amháin gur féidir léarscáil chun na spriocanna sin a bhaint amach a thuiscint go hiomlán.
Díríonn na dúsháin a eascraíonn as seo go háirithe ar na huimhreacha cainníochtaithe agus uaillmhianacha um Bainistíocht Fuinnimh a léiríonn beagnach 30% den bhóthar nach mór a thaisteal.
Cuirfidh BOO Chathair Bhaile Átha Cliath acmhainní ar fáil don oiliúint, d'Fhoirne Glasa agus do na struchtúir a theastaíonn chun a chinntiú go ndéanfar taisteal ar chuid den bhóthar. Tá sé beartaithe go mbeidh an clár inmheánach um Bainistíocht Fuinnimh seo mar bhunchloch do na cinntí agus na hinfheistíochtaí straitéiseacha a bheidh ag teastáil sna blianta atá le teacht.