Cuireann BOO Chathair Bhaile Átha Cliath bearta méadracha maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh i láthair chomh maith le hÚsáid fuinnimh (kWh) in aghaidh an mhéadair chearnaigh (m2) d'achar urláin ár bhfoirgnimh (kWh/m2). Tá sé bainte as Riachtanas Iomlán an Fhuinnimh Phríomha (RIFP) mar a tuairiscíodh do Bhunachar Sonraí Monatóireachta agus Tuairiscithe (M&T) an ÚFIÉ.
Tá ár sonraí bonnlíne agus na sonraí is déanaí atá ar fáil faoi Éifeachtúlacht Fuinnimh leagtha amach sa tábla thíos. Leagtar amach ar an líne dheireanach an feabhas sainordaithe 50% ar Éifeachtúlacht Fuinnimh a theastaíonn faoi 2030.
| kWh/m2 | normalaithe % |
|---|
| Éifeachtúlacht Fuinnimh 2009 (Bonnlíne): | 156.13 | 100 |
|---|
| Éifeachtúlacht Fuinnimh 2022 (Sonraí M&T is déanaí): | 131.53 | 84.24 |
|---|
| Sprioc & Cás Samhaltaithe 2030 | 78.01 | 50 |
|---|
Samhaltaíodh an laghdú ar éileamh atá riachtanach chun an feabhsú seo a bhaint amach laistigh d'uirlis "bearna go sprioc" an ÚFIÉ agus léirítear sa sliocht grafach thíos (normalaithe) gur baineadh amach an sprioc (líne phoncaithe) dhearg).
Leanann an cáis samhaltaithe um Éifeachtúlacht Fuinnimh a léirítear thuas an conair díreach céanna leis an gceann a samhaltaíodh do na laghduithe riachtanacha CO2. Tá na bearta seo tughaí bhfoirm tábla in Aguisín A maidir le hastaíochtaí Raon Feidhme 1 agus in aguisin B le haghaidh astuithe Raon Feidhme 2.
Ba chóir a thabhairt faoi deara, tar éis na cáanna a leagadh amach go soiléir sa 2 aguisin a shamhaltú, go raibh bearna shuntasach fós le líonadh sa sprioc éifeachtúlachta. Rinneadh an bhearna seo a chainníochtú agus a shamhaltú mar phacáiste de laghdú ar éileamh breise agus tá an cás éifeachtúlachta cainníochtaithe agus samhaltaithe leagtha amach in aguisin E.