Tá an cur chuige a ghlactar chun uirlis Bearna go Sprioc an ÚFIÉ a líonadh amach sna tuaairiscí tionscadail seo a leanas agus tá na sonraí a bhaineann le gach cineál leagtha amach sna aguisiní. Tá blúire d'aguisin A san áireamh thíos.
Ag brath ar phróifil tomhaltais fuinnimh an fhoirgnimh atá folamh, is féidir le rannchuidió na laghduithe samhaltaithe i CO2 a bheith suntasach. Déan tagairt do na sonraí i bhfoirm tábla atá leagtha amach in aguisiní A & B.
Rinne BOO Chathair Bhaile Átha Cliath samhail, thar an tréimhse 2025-2027, de laghdú bliantúil 5% ar fhuinneamh breosla iontaise agus rinneadh samhail de laghdú 2.5% eile don bhliain 2028. Ag an am céanna, rinneadh samhail de laghdú bliantúil 2.5% in úsáid leictreachais do na blianta 2025-2028. Cuireann an rannchuidió a dhéanfadh sé seo le spriocanna 2030 nuair a chuirfi é in aice leis na laghduithe atá ar fáil trí infheistióchtaí a theastaíonn do thionscadail tógála nua agus iarfheistithe béim ar a thábhachtaí atá cur chuige struchtúrtha maidir le Bainistíocht Inmheánach Fuinnimh chun cur leis an dul chun cinn atá déanta cheana féin. Féach Aguisíní C le haghaidh an tacair sonrá a bhaineann le sonrá um Bainistíocht Fuinnimh Raon Feidhme 1 (UTG).
Is tionscadail ghníomhacha iad seo ag céimeanna éagsúla forbartha. Baineann siad le hoibreacha sainaitheanta ar ghnéithe creatlaí aonair nó comhcheangailte d'fhoirgneamh, ar nós iarfheistiuí dín agus gloiniú. Soláthróidh na bearta seo laghduithe tábhachtacha ach measartha CO2. Tá na tionscadail go léir giaráilte (infheistíocht bhreise ag teastáil) laistigh den tsamhail le tuilleadh bearta iarfheistithe agus aistrítear 80% den éileamh ar théamh iarmharach go téamh leictreach. Baineann siad go léir le samhaltú gaolmhar atá cosúil leis ar athruithe ar phróifíl ár n-astaíochtaí CO2 (leictreach) Raon Feidhme 2.
Chun críocha an treochláir seo rinneadh samhail de na tionscadail seo sa seicheamh 4 chéim seo a leanas agus tá tacar sonrái tipiciúil agus gaolmhar curtha san áireamh in aguisin D.
■ Laghduithe CO2 Raon feidhme 1 ó iarfheistiu 2 ghné creatlaí chomhcheangailte d'fhoirgneamh. (arna shamhlú mar laghdú 17-28% ar éileamh ar bhreosla iontaise).
■ Laghduithe CO2 Raon feidhme 1 atá ar fáil trí thionscadal gníomhach a ghiaráil le tuilleadh feabhsuithe ar chreatlach agus ar aerdhíionach chun laghdú 40-60% a bhaint amach ar an mbunéileamh ar théamh breosla iontaise.
■ Laghduithe CO2 Raon Feidhme 1 atá ar fáil tríd an éileamh ar théamh iarmharach a aistriú go roinnt 20/80% idir téamh breosla iontaise agus téamh leictreach ardéifeachtúlachta.
■ Déanann céim eile, ar thaobh Raon Feidhme 2 den tsamhail, na hastaíochtaí CO2 breise ó Raon Feidhme 2 ón leictreachas a thaifeadadh.