{
    "document_id": 15892,
    "page": 36,
    "width_pt": 595.276,
    "height_pt": 841.89,
    "rotation": 0,
    "pipeline_version": "paddleocr-vl-1.6+paul-48",
    "engine": "paddleocr_vl",
    "source_run_id": 16000,
    "item_count": 36,
    "counts_by_type": {
        "caption": 1,
        "figure": 1,
        "header": 1,
        "heading": 5,
        "list": 2,
        "list_item": 7,
        "table": 1,
        "table_cell": 9,
        "text": 8,
        "title": 1
    },
    "build_ms": 8,
    "items": [
        {
            "id": "p36.1",
            "order": 1,
            "type": "header",
            "bbox": {
                "l": 42.9482,
                "t": 815.7309,
                "r": 253.6101,
                "b": 804.9313
            },
            "text": "IARRATAIS DHÍREACHA / LÁMHLEABHAR AN CAO 2027",
            "attrs": {
                "block_label": "header"
            },
            "level": 2
        },
        {
            "id": "p36.2",
            "order": 2,
            "type": "title",
            "bbox": {
                "l": 60.2234,
                "t": 760.2929,
                "r": 340.9461,
                "b": 735.3338
            },
            "text": "IARRATAIS DHÍREACHA",
            "attrs": {
                "block_label": "doc_title"
            },
            "level": 2
        },
        {
            "id": "p36.3",
            "order": 3,
            "type": "figure",
            "bbox": {
                "l": 384.3741,
                "t": 791.4918,
                "r": 549.6886,
                "b": 720.2143
            },
            "text": "",
            "attrs": {
                "block_label": "image"
            }
        },
        {
            "id": "p36.4",
            "order": 4,
            "type": "heading",
            "bbox": {
                "l": 43.428,
                "t": 702.455,
                "r": 266.8065,
                "b": 673.416
            },
            "text": "IARRATAIS LE SEOLADH DIREACH GO DTÍ NA hINSTITIÚIDÍ ARDOIDEACHAIS",
            "attrs": {
                "block_label": "paragraph_title"
            },
            "level": 3
        },
        {
            "id": "p36.5",
            "order": 5,
            "type": "heading",
            "bbox": {
                "l": 43.428,
                "t": 657.3366,
                "r": 107.9703,
                "b": 645.817
            },
            "text": "(A) Ginearálta:",
            "attrs": {
                "block_label": "paragraph_title"
            },
            "level": 3
        },
        {
            "id": "p36.6",
            "order": 6,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 42.9482,
                "t": 644.377,
                "r": 280.0029,
                "b": 617.738
            },
            "text": "Go ginearálta, is ceart iarratais a sheoladh direach chuig an institiúid chuí (Ní chuig an CAO) sna cásanna seo a leanas:"
        },
        {
            "id": "p36.7",
            "order": 7,
            "type": "list",
            "bbox": {
                "l": 43.428,
                "t": 619.4179,
                "r": 285.7613,
                "b": 546.2205
            },
            "text": "",
            "attrs": {
                "item_count": 3
            },
            "children": [
                {
                    "id": "p36.7.1",
                    "order": 8,
                    "type": "list_item",
                    "bbox": {
                        "l": 43.9079,
                        "t": 619.4179,
                        "r": 253.3702,
                        "b": 608.6183
                    },
                    "text": "Aon chúrsa nach bhfuil luaite sa lámhleabhar seo.",
                    "marker": "1."
                },
                {
                    "id": "p36.7.2",
                    "order": 9,
                    "type": "list_item",
                    "bbox": {
                        "l": 43.668,
                        "t": 607.1784,
                        "r": 285.7613,
                        "b": 571.1796
                    },
                    "text": "lontráil ar chúrsáí ag leibhéal iar-chéad bhliana. Ní mór duit ceist a chur ar Oifígí lontrála na nInstitiúidí Ardoideachais faoi nósanna iarratais.",
                    "marker": "2."
                },
                {
                    "id": "p36.7.3",
                    "order": 10,
                    "type": "list_item",
                    "bbox": {
                        "l": 43.428,
                        "t": 569.4997,
                        "r": 257.9289,
                        "b": 546.2205
                    },
                    "text": "Cúrsai gearra, aontéarmacha, páirtaimseartha agus\nócáideacha. Féach ar Rannán C thíos.",
                    "marker": "3."
                }
            ]
        },
        {
            "id": "p36.8",
            "order": 11,
            "type": "list",
            "bbox": {
                "l": 43.1881,
                "t": 544.5406,
                "r": 282.6421,
                "b": 420.945
            },
            "text": "",
            "attrs": {
                "item_count": 4
            },
            "children": [
                {
                    "id": "p36.8.1",
                    "order": 12,
                    "type": "list_item",
                    "bbox": {
                        "l": 43.1881,
                        "t": 544.5406,
                        "r": 269.6857,
                        "b": 520.7814
                    },
                    "text": "Athiontréal chuig Coláiste Oideachais Mhuire Gan Smál agus Ollscoil Luimnigh.",
                    "marker": "4."
                },
                {
                    "id": "p36.8.2",
                    "order": 13,
                    "type": "list_item",
                    "bbox": {
                        "l": 43.668,
                        "t": 519.5815,
                        "r": 282.6421,
                        "b": 471.1032
                    },
                    "text": "Cúrsai leantacha sna hOllscoileanna Teicneolaíochta agus sna hInstitiúidí Teicneolaíochta. Ní mór duit ceist a chur ar Oifigí lontrála na nInstitiúidí Ardoideachais faoi nósanna iarratais.",
                    "marker": "5."
                },
                {
                    "id": "p36.8.3",
                    "order": 14,
                    "type": "list_item",
                    "bbox": {
                        "l": 43.9079,
                        "t": 469.4233,
                        "r": 280.4827,
                        "b": 433.1846
                    },
                    "text": "larratasóirí lánfhásta áirithe – féach ar www.cao.ie/mature agus Rannán D thíos chun faisnéis a fháil faoi iarratasóirí lánfhásta.",
                    "marker": "6."
                },
                {
                    "id": "p36.8.4",
                    "order": 15,
                    "type": "list_item",
                    "bbox": {
                        "l": 43.9079,
                        "t": 432.2246,
                        "r": 124.0458,
                        "b": 420.945
                    },
                    "text": "Cúrsai larchéime.",
                    "marker": "7."
                }
            ]
        },
        {
            "id": "p36.9",
            "order": 16,
            "type": "heading",
            "bbox": {
                "l": 42.7082,
                "t": 414.4652,
                "r": 265.3669,
                "b": 390.4661
            },
            "text": "(B) Buanchónai lasmuigh den Aontas Eorpach: (faoi láthair nó san am a caitheadh)",
            "attrs": {
                "block_label": "paragraph_title"
            },
            "level": 3
        },
        {
            "id": "p36.10",
            "order": 17,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 42.7082,
                "t": 389.0261,
                "r": 287.2009,
                "b": 340.0679
            },
            "text": "D'fhéadfadh sé gur gá d'iarratasóirí atá ina gcónaí anois, nó a bhí ina gcónaí, lasmuigh den Aontas Eorpach, a gcuid iarratas a sheoladh díreach chuig na hInstitiúidí Ardoideachais."
        },
        {
            "id": "p36.11",
            "order": 18,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 42.4683,
                "t": 334.5481,
                "r": 283.3619,
                "b": 173.2738
            },
            "text": "I gcás na nInstitiúidí Ardoideachais eile, ní mór duit dul i dteagmháil le hOifig lontrála gach Institiúide Ardoideachais a bhfuil spéis agat freastal uirthi chun a fhiafraí ar chóir duit iarratas a dhéanamh tríd an CAO nó go díreach chuig an institiúid atá i gceist. D'fhéadfadh sé go bhfuil beartais éagsúla ag Institiúidí Ardoideachais éagsúla. Ba chóir duit fiosruithe den sórt sin a dhéanamh tamall maith roimh an dáta deiridh, mar atá an 1 Feabhra 2027 ag 5pm.\nD'fhéadfadh sé go mbeidh tú in ann polasaithe na nInstitiúidí Ardoideachais a sheiceáil ar a láithreáin ghréasáin.\nD'fhéadfadh impleachtaí tromchúiseacha a bheith ann sa chás nach ndéantar seiceáil faoin nós imeachta ceart maidir le hiarratas a dhéanamh."
        },
        {
            "id": "p36.12",
            "order": 19,
            "type": "heading",
            "bbox": {
                "l": 42.7082,
                "t": 166.7941,
                "r": 254.8098,
                "b": 154.7945
            },
            "text": "(C) Cúrsai páirtaimseartha agus cúrsaí tráthnóna:",
            "attrs": {
                "block_label": "paragraph_title"
            },
            "level": 3
        },
        {
            "id": "p36.13",
            "order": 20,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 42.4683,
                "t": 160.7943,
                "r": 257.9289,
                "b": 54.958
            },
            "text": "Ní féidir úsáid a bhaint as córas lárnach an CAO le hiarratas a dhéanamh ar roinnt cúrsaí páirtaimseartha agus cuid mhaith cúrsaí tráthnóra. Caithfear iarratas a sheoladh díreach chuig na coláistí atá i gceist. Cuireann na hInstitiúidí Ardoideachais réimse leathan den saghas seo cúrsa ar fáil, agus má tá suim agat in aon cheann de na cúrsaí sin, déan teagmháil díreach leis na hinstitiúidí féin."
        },
        {
            "id": "p36.14",
            "order": 21,
            "type": "heading",
            "bbox": {
                "l": 307.3553,
                "t": 701.975,
                "r": 415.0856,
                "b": 690.6954
            },
            "text": "(D) larratasóiri lánfhásta:",
            "attrs": {
                "block_label": "paragraph_title"
            },
            "level": 3
        },
        {
            "id": "p36.15",
            "order": 22,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 307.5953,
                "t": 688.5355,
                "r": 537.6919,
                "b": 663.5764
            },
            "text": "1. D'fhéadfadh sé go bhfuil srianta áirithe i bhfeidhm i gcás iarratasóiri lánfhásta."
        },
        {
            "id": "p36.16",
            "order": 23,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 306.8755,
                "t": 661.4164,
                "r": 551.1282,
                "b": 528.7012
            },
            "text": "2. Go hiondúil, ba chóir go mbeadh iarratasóiri lánfhásta 23\nbliain d'aois faoin 1 Eanaír 2027 le hiontráil i gcúrsa i bhfómhar na bliana 2027, agus ní mór dóibh iarratas a dhéanamh faoin 1 Feabhra 2027 ag 5pm. D'fhéadfadh rialacha difriúla a bheith ag Institiúidí Ardoideachais ar leith, maidir le haois iarratasóra agus maidir leis an tslí a dtugann siad sainmhíniú ar \"iarratasóiri lánfhásta\", agus glacann cuid acu le hiarratais a thagann chucu tar éis an 1 Feabhra 2027, ach ní dhéantar amhlaidh i gcás iontráil ar chúrsaí bunmhúinteoireachta d'iarratasóiri lánfhásta."
        },
        {
            "id": "p36.17",
            "order": 24,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 306.1557,
                "t": 524.1413,
                "r": 550.1684,
                "b": 279.35
            },
            "text": "3. Sula nééantar iarratas is ceart duit tagairt do\nwww.cao.ie/mature agus súil a chaitheamh ar an bhfaisnéis\nd'iarratasóiri lánfhásta ar láithreáin ghréasáin na nInstitiúidí\nArdoideachais. Ba chóir duit, ach go háirithe, riachtanais na\nhInstitiúide Ardoideachais maidir le faisnéis bhreise ar\niarratasóir a sholáthar. Má bhíonn ceist ar bith agat, ní mór\nduit teagmháil a dhéanamh leis an Oifig lontrála nó leis an\nOifigeach do Mhic Léinn Lánfhásta san Institiúid\nArdoideachais atá i gceist tamall maith roimh na dátaí\ndeiridh.\n4. Má tá iarratas á dhéanamh agat ar bunmhúinteoireacht\nlánfhásta, caithfidh tú iarratas a dhéanamh ar na cúrsaí sin tríd an CAO faoin 1 Feabhra 2027, ag 5pm.\nCaithfidh iarratasóiri lánfhásta ar mian leo iad a mheas ar bhonn blianta aibóchta iarratas a sheoladh díreach chuig na hlnstitiúidí Ardoideachais seo a leanas (téigh i dteagmháil leis na hinstitiúidí díreach chun tuilleadh faisnéise a fháil agus na dátaí deiridh):"
        },
        {
            "id": "p36.18",
            "order": 25,
            "type": "caption",
            "bbox": {
                "l": 307.1154,
                "t": 269.0304,
                "r": 511.2991,
                "b": 242.1514
            },
            "text": "Tábla 1.8 Instituição Ardoideachais a iarrann\narratais dhíreacha ó iarratasóiri lánfhásta",
            "attrs": {
                "block_label": "figure_title"
            }
        },
        {
            "id": "p36.19",
            "order": 26,
            "type": "table",
            "bbox": {
                "l": 310.9543,
                "t": 236.1516,
                "r": 550.1684,
                "b": 88.7968
            },
            "text": "",
            "attrs": {
                "block_label": "table",
                "n_rows": 5,
                "n_cols": 2,
                "integrity": {
                    "cells_checked": 9,
                    "cells_flagged": 0
                }
            },
            "children": [
                {
                    "id": "p36.19.1",
                    "order": 27,
                    "type": "table_cell",
                    "bbox": {
                        "l": 310.9543,
                        "t": 236.1516,
                        "r": 550.1684,
                        "b": 206.6806
                    },
                    "text": "Iarratais Dhíreacha d'Iarratasóiri Lánfhásta",
                    "attrs": {
                        "row": 0,
                        "col": 0,
                        "rowspan": 1,
                        "colspan": 2
                    }
                },
                {
                    "id": "p36.19.2",
                    "order": 28,
                    "type": "table_cell",
                    "bbox": {
                        "l": 315.8109,
                        "t": 212.51549999999997,
                        "r": 418.1859,
                        "b": 191.0245
                    },
                    "text": "An Coláiste Meiriceánach, Baile Átha Cliath",
                    "attrs": {
                        "row": 1,
                        "col": 0,
                        "rowspan": 1,
                        "colspan": 1,
                        "bbox_refit": true
                    }
                },
                {
                    "id": "p36.19.3",
                    "order": 29,
                    "type": "table_cell",
                    "bbox": {
                        "l": 435.3661,
                        "t": 212.51549999999997,
                        "r": 525.8467,
                        "b": 203.5245
                    },
                    "text": "CCT Bhaile Átha Cliath",
                    "attrs": {
                        "row": 1,
                        "col": 1,
                        "rowspan": 1,
                        "colspan": 1,
                        "bbox_refit": true
                    }
                },
                {
                    "id": "p36.19.4",
                    "order": 30,
                    "type": "table_cell",
                    "bbox": {
                        "l": 315.8109,
                        "t": 180.01549999999997,
                        "r": 421.0119,
                        "b": 158.5245
                    },
                    "text": "Coláiste Dorset, Baile Átha Cliath",
                    "attrs": {
                        "row": 2,
                        "col": 0,
                        "rowspan": 1,
                        "colspan": 1,
                        "bbox_refit": true
                    }
                },
                {
                    "id": "p36.19.5",
                    "order": 31,
                    "type": "table_cell",
                    "bbox": {
                        "l": 435.3661,
                        "t": 180.01549999999997,
                        "r": 526.0231,
                        "b": 158.5245
                    },
                    "text": "Scoil Ghnó Bhaile Átha Cliath",
                    "attrs": {
                        "row": 2,
                        "col": 1,
                        "rowspan": 1,
                        "colspan": 1,
                        "bbox_refit": true
                    }
                },
                {
                    "id": "p36.19.6",
                    "order": 32,
                    "type": "table_cell",
                    "bbox": {
                        "l": 315.8109,
                        "t": 147.5154,
                        "r": 390.7179,
                        "b": 138.5244
                    },
                    "text": "Coláiste Uí Ghríofa",
                    "attrs": {
                        "row": 3,
                        "col": 0,
                        "rowspan": 1,
                        "colspan": 1,
                        "bbox_refit": true
                    }
                },
                {
                    "id": "p36.19.7",
                    "order": 33,
                    "type": "table_cell",
                    "bbox": {
                        "l": 435.3661,
                        "t": 147.5154,
                        "r": 535.9294,
                        "b": 126.02449999999999
                    },
                    "text": "Coláiste IBAT Bhaile Átha Cliath",
                    "attrs": {
                        "row": 3,
                        "col": 1,
                        "rowspan": 1,
                        "colspan": 1,
                        "bbox_refit": true
                    }
                },
                {
                    "id": "p36.19.8",
                    "order": 34,
                    "type": "table_cell",
                    "bbox": {
                        "l": 315.8109,
                        "t": 115.01549999999997,
                        "r": 421.6059,
                        "b": 93.52440000000001
                    },
                    "text": "Scoil Ghnó ICD, Baile Átha Cliath",
                    "attrs": {
                        "row": 4,
                        "col": 0,
                        "rowspan": 1,
                        "colspan": 1,
                        "bbox_refit": true
                    }
                },
                {
                    "id": "p36.19.9",
                    "order": 35,
                    "type": "table_cell",
                    "bbox": {
                        "l": 435.3661,
                        "t": 115.01549999999997,
                        "r": 518.5981,
                        "b": 93.52440000000001
                    },
                    "text": "Coláiste Náisiúnta na hÉireann",
                    "attrs": {
                        "row": 4,
                        "col": 1,
                        "rowspan": 1,
                        "colspan": 1,
                        "bbox_refit": true
                    }
                }
            ]
        },
        {
            "id": "p36.20",
            "order": 36,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 306.6355,
                "t": 74.6373,
                "r": 543.9301,
                "b": 46.7983
            },
            "text": "Téigh chuig www.cao.ie/mature chun tuilleadh faisnéise\na fháil faoi iarratais dhíreacha d'iarratasóiri lánfhásta."
        }
    ],
    "excluded_furniture": {
        "first": [],
        "last": [
            {
                "id": "p36.f1",
                "order": 37,
                "type": "footer",
                "bbox": {
                    "l": 291.5197,
                    "t": 21.8392,
                    "r": 302.7966,
                    "b": 13.4395
                },
                "text": "33",
                "attrs": {
                    "block_label": "number"
                }
            }
        ]
    }
}