{
    "document_id": 15892,
    "page": 20,
    "width_pt": 595.276,
    "height_pt": 841.89,
    "rotation": 0,
    "pipeline_version": "paddleocr-vl-1.6+paul-48",
    "engine": "paddleocr_vl",
    "source_run_id": 16000,
    "item_count": 15,
    "counts_by_type": {
        "header": 1,
        "heading": 5,
        "text": 9
    },
    "build_ms": 4,
    "items": [
        {
            "id": "p20.1",
            "order": 1,
            "type": "header",
            "bbox": {
                "l": 41.9884,
                "t": 816.2109,
                "r": 295.3586,
                "b": 804.6913
            },
            "text": "IARRATAS A CHUR CHUIG AN CAO / LÁMHLEABHAR AN CAO 2027",
            "attrs": {
                "block_label": "header"
            },
            "level": 2
        },
        {
            "id": "p20.2",
            "order": 2,
            "type": "heading",
            "bbox": {
                "l": 42.4683,
                "t": 761.7329,
                "r": 273.0448,
                "b": 741.0936
            },
            "text": "7. Iarratasóiri Lánfhásta",
            "attrs": {
                "block_label": "paragraph_title"
            },
            "level": 3
        },
        {
            "id": "p20.3",
            "order": 3,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 42.2284,
                "t": 713.9746,
                "r": 547.2892,
                "b": 669.5761
            },
            "text": "TÁBHACHTACH: Is gá d'iarratasóiri a bhfuil larratas d'larratasóirií Lánfhásta á dhéanamh acu an méid seo a leanas a léamh go cúramach agus ina iomláine. Ba cheart d'iarratasóiri féachaint freisin ar cao.ie/mature chun tuilleadh eolais a fháil."
        },
        {
            "id": "p20.4",
            "order": 4,
            "type": "heading",
            "bbox": {
                "l": 51.3459,
                "t": 654.4567,
                "r": 232.256,
                "b": 642.2171
            },
            "text": "Céard is larratasóir Lánfhásta ann?",
            "attrs": {
                "block_label": "paragraph_title"
            },
            "level": 3
        },
        {
            "id": "p20.5",
            "order": 5,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 51.5858,
                "t": 635.4974,
                "r": 243.293,
                "b": 595.8988
            },
            "text": "Go hiondúil, ba cheart d'iarratasóiri lánfhásta a bheith 23 bliana d'aois ar an 1 Eanaír nó roimhe sa bhliain iontrála."
        },
        {
            "id": "p20.6",
            "order": 6,
            "type": "heading",
            "bbox": {
                "l": 51.3459,
                "t": 570.4597,
                "r": 224.3382,
                "b": 544.0606
            },
            "text": "Cathain is ceart d'larratasóir\nLánfhásta cur isteach ar an CAO?",
            "attrs": {
                "block_label": "paragraph_title"
            },
            "level": 3
        },
        {
            "id": "p20.7",
            "order": 7,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 51.5858,
                "t": 537.5808,
                "r": 244.2527,
                "b": 390.2261
            },
            "text": "Tá sé fiorthábhachtach go mbeadh larratasóiri Lánfhásta cláraithe ar chóras an CAO faoin 1 Feabhra ag 5pm. Ní mheasfaidh formhór na nInstitiúidí Ardoideachais iarratasóiri atá ag cur iarratas isteach ar bhonn aibóchta agus a dhéanann iarratas i ndiaidh 1 Feabhra. Ní mór an Fhoirm d'Iarratasóiri Lánfhásta (cuid den fhoirm iarratais CAO) a chomhlánú faoin 1 Márta 2027, ag 5pm (léigh na treoracha ar www.cao.ie/mature sula gcomhlánaíonn tú an rannán seo.)"
        },
        {
            "id": "p20.8",
            "order": 8,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 51.5858,
                "t": 385.4263,
                "r": 246.4121,
                "b": 304.3092
            },
            "text": "Tabhair faoi deara: Tá rialacha difriúla ag roinnt institiúidí ardoideachais maidir le haois iarratasóiri agus freisin maidir leis an tslí ina dtugann siad sainmhíniú ar ‘iarratasóiri lánfhásta’, etc., agus glacann cuid acu le hiarratais a thagann chucu tar éis an 1 Feabhra."
        },
        {
            "id": "p20.9",
            "order": 9,
            "type": "heading",
            "bbox": {
                "l": 51.8257,
                "t": 279.59,
                "r": 217.62,
                "b": 253.671
            },
            "text": "Céard iad na riachtanais ionrála d'iarratasóiri lánfhásta?",
            "attrs": {
                "block_label": "paragraph_title"
            },
            "level": 3
        },
        {
            "id": "p20.10",
            "order": 10,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 51.5858,
                "t": 247.4312,
                "r": 245.9322,
                "b": 126.2355
            },
            "text": "Sula guireann tú tús le d'iarratas CAO ba cheart duit roinnt ama a ghlacadh le hathbhreithniú a dhéanamh ar réamheolairí agus láithreáin ghréasáin na n-institiúidí a bhfuil spéis agat cur isteach orthu le tuilleadh eolais a fháil. Má tá ceisteanna agat, déan teagmháil le hOifigigh lontrála na n-institiúidí éagsúla agus iarr orthu na riachtanais iontrála a mhíniú agus a chur in íul má tá cuóta áiteanna i gceist."
        },
        {
            "id": "p20.11",
            "order": 11,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 51.5858,
                "t": 121.4357,
                "r": 244.2527,
                "b": 68.3976
            },
            "text": "Féach rannán Iarratais Dhíreacha Lámhleabhar an CAO (leathanach 32) le comhairle maidir le cé cu ar choir iarratas a dhéanamh tríd an CAO nó go díreach."
        },
        {
            "id": "p20.12",
            "order": 12,
            "type": "heading",
            "bbox": {
                "l": 274.9642,
                "t": 656.1366,
                "r": 535.2925,
                "b": 629.4976
            },
            "text": "Cén fhaisnéis a theastaíonn ar an bhFoirm larratais d'larratasóiri Lánfhásta?",
            "attrs": {
                "block_label": "paragraph_title"
            },
            "level": 3
        },
        {
            "id": "p20.13",
            "order": 13,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 275.4441,
                "t": 623.0178,
                "r": 538.1717,
                "b": 408.9454
            },
            "text": "Teastaíonn ó na hinstitiúidí ardoideachais iarratais ó iarratasóiri\nlánfhásta a mheas go han-chúramach agus, mar sin, caithfear\nfaisnéis ar leith a chur ar fáil leis an bhFoirm Iarratais\nd'Iarratasóiri Lánfhásta (féach www.cao.ie/mature chun níos mó\neolais a fháil maidir le rannáin 1-11 a chomhlánú):\n1. An Cháilíocht is Airde go dtí seo.\n2. Staidéar Reatha\n3. Oideachas lar-bhunoideachais\n4. Oideachas Dara Leibhéal\n5. Cúrsai Neamhtheastais\n6. Fostaíocht nó Obair Dheonach\n7. Cumas sa Bhéarla (má bhaineann sé le hábhar)\n8. Teistiméireachtaí\n9. Ráiteas Spéise\n10. Caitheamh Aimsire/Suimeanna\n11. Faisnéis Bhreise"
        },
        {
            "id": "p20.14",
            "order": 14,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 275.2042,
                "t": 403.1856,
                "r": 540.5711,
                "b": 182.8735
            },
            "text": "Tabhair faoi deara: Cuirtear scrúduithe fágála scoile agus torthaí\nQQI FET/FETAC a chuireann iarratasóiri lánfhásta ar fáil san\náireamh sa ghnáthiomáiocht d'áiteanna. Is gá duit a chinntiú go\ngcuireann tú seo in iúl trí thic a chur sna ranná(i)n c(h)uí in\nAchoimre na gCáilíochtaí agus na Measúnuithe agus an t-eolas\natá ag teastáil sna rannáin sin a chur ar fáil.\nlarratasóiri lánfhásta ar:\nAltranas/Cnáimhseachas\nBunmhúinteoireacht\nCúrsai iontrála do chéimithe\nní gá duit Rannáin 1-11 d'larratasóiri Lánfhásta a chomhlánú ACH AMHÁIN má tá tú ag cur isteach ar chúrsáin eile agus más mian leat a bheith san áireamh ar bhonn lánfhásta do na cúrsaí sin. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi chláir altranais/ chnáimhseachais/ chéimithe, téigh chuig rannán Agallamh agus Measúnuithe de Lámhleabhar an CAO (leathanach 23)."
        },
        {
            "id": "p20.15",
            "order": 15,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 274.9642,
                "t": 178.3136,
                "r": 533.8529,
                "b": 57.358
            },
            "text": "Má tá iarratas á dhéanamh agat ar iontráil mar iarratasóir\nlánfhásta chuig bunmhúinteoireacht in Ollscoil Chathair Bhaile\nÁtha Cliath, Institióid Oideachais Marino, Coláiste Mhuire Gan\nSmál, Luimneach nó Ollscoil Mhá Nuad, ní mór duit iarratas a\ndhéanamh ar an CAO faoin 1 Feabhra, ag 5pm. I mí an Mhárta,\ngheobhaidh na daoine a chomhlíonann na critéir cháilitheachta\nríomhphost (chuig an gcuntas róimhphoist atá cláraithe lena\ngcuntas CAO) le treoracha maidir leis an bhfoirm fhorlíontach a\nchomhlánú agus a chur isteach."
        }
    ],
    "excluded_furniture": {
        "first": [],
        "last": [
            {
                "id": "p20.f1",
                "order": 16,
                "type": "footer",
                "bbox": {
                    "l": 291.9996,
                    "t": 21.8392,
                    "r": 303.5164,
                    "b": 12.9595
                },
                "text": "17",
                "attrs": {
                    "block_label": "number"
                }
            }
        ]
    }
}