{
    "document_id": 15892,
    "page": 16,
    "width_pt": 595.276,
    "height_pt": 841.89,
    "rotation": 0,
    "pipeline_version": "paddleocr-vl-1.6+paul-48",
    "engine": "paddleocr_vl",
    "source_run_id": 16000,
    "item_count": 22,
    "counts_by_type": {
        "figure": 2,
        "header": 1,
        "heading": 7,
        "link": 3,
        "text": 9
    },
    "build_ms": 3,
    "items": [
        {
            "id": "p16.1",
            "order": 1,
            "type": "header",
            "bbox": {
                "l": 42.2284,
                "t": 815.9709,
                "r": 295.3586,
                "b": 804.6913
            },
            "text": "IARRATAS A CHUR CHUIG AN CAO / LÁMHLEABHAR AN CAO 2027",
            "attrs": {
                "block_label": "header"
            },
            "level": 2
        },
        {
            "id": "p16.2",
            "order": 2,
            "type": "heading",
            "bbox": {
                "l": 51.5858,
                "t": 752.3732,
                "r": 274.0045,
                "b": 726.2141
            },
            "text": "Cén cruthúnas d'inniúlacht sa Bhéarla nach mór dom a leagan isteach?",
            "attrs": {
                "block_label": "paragraph_title"
            },
            "level": 3
        },
        {
            "id": "p16.3",
            "order": 3,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 51.8257,
                "t": 719.9743,
                "r": 275.4441,
                "b": 640.0572
            },
            "text": "D'fhéadfadh sé go n-iarrfáí ar iarratasóiri chomh maith cruthúnas a chur ar fáil ar inniúlacht sa Bhéarla. Le haghaidh breis eolais maidir le hinniúlacht sa Bhéarla féach le do thoil an cháipéis atá ar fáil ag an nasc thíos nó téigh i dteagmháil le hOifig lontrála na hinstitiúide ar mhaith leat iarratas a chur isteach uirthi:"
        },
        {
            "id": "p16.4",
            "order": 4,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 66.9416,
                "t": 623.4978,
                "r": 130.0442,
                "b": 611.7382
            },
            "text": "cao.ie/euefta",
            "children": [
                {
                    "id": "p16.4.1",
                    "order": 5,
                    "type": "link",
                    "bbox": {
                        "l": 67.213,
                        "t": 623.865,
                        "r": 129.794,
                        "b": 613.865
                    },
                    "text": "cao.ie/euefta",
                    "attrs": {
                        "uri": "https://www.cao.ie/euefta",
                        "action_type": "/URI"
                    }
                }
            ]
        },
        {
            "id": "p16.5",
            "order": 6,
            "type": "heading",
            "bbox": {
                "l": 318.3923,
                "t": 752.8532,
                "r": 540.811,
                "b": 726.4541
            },
            "text": "Cén chaoí a ndéanfar mo chuid cáilíochtaí a mheas?",
            "attrs": {
                "block_label": "paragraph_title"
            },
            "level": 3
        },
        {
            "id": "p16.6",
            "order": 7,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 318.6322,
                "t": 719.9743,
                "r": 540.5711,
                "b": 622.7778
            },
            "text": "Déanann na hInstitiúidí Ardoideachais cáillóchtaí\nFágála Scoile Eile a mheas. Beidh ort teagmháil a dhéanamh le hOifígí lontrála na nInstitiúidí\nArdoideachais éagsúla chun eolas a fháil ar an gcaoi a ndéanfar do cháilíochtaí a mheas.\nTiocfaidh tú ar shonraí teagmhála na nInstitiúidí\nArdoideachais ag an nasc thíos:"
        },
        {
            "id": "p16.7",
            "order": 8,
            "type": "heading",
            "bbox": {
                "l": 333.2682,
                "t": 607.6583,
                "r": 380.5352,
                "b": 595.6588
            },
            "text": "cao.ie/hei",
            "attrs": {
                "block_label": "paragraph_title"
            },
            "children": [
                {
                    "id": "p16.7.1",
                    "order": 9,
                    "type": "link",
                    "bbox": {
                        "l": 333.442,
                        "t": 608.123,
                        "r": 381.018,
                        "b": 598.123
                    },
                    "text": "cao.ie/hei",
                    "attrs": {
                        "uri": "https://www.cao.ie/hei",
                        "action_type": "/URI"
                    }
                }
            ],
            "level": 3
        },
        {
            "id": "p16.8",
            "order": 10,
            "type": "figure",
            "bbox": {
                "l": 52.5455,
                "t": 566.3798,
                "r": 87.096,
                "b": 533.021
            },
            "text": "",
            "attrs": {
                "block_label": "image"
            }
        },
        {
            "id": "p16.9",
            "order": 11,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 91.6547,
                "t": 569.2597,
                "r": 275.2042,
                "b": 488.3826
            },
            "text": "Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi\ndhoiciméid a leagan isteach, téigh chuig\nleathanaigh 99 & 100 de Lámhleabhar an\nCAO. Is féidir doiciméid a uaslódáil chuig\ndo chuntas nó a sheoladh sa phost chuig\nan CAO. ná déan an dá rud."
        },
        {
            "id": "p16.10",
            "order": 12,
            "type": "heading",
            "bbox": {
                "l": 51.5858,
                "t": 458.6237,
                "r": 272.5649,
                "b": 432.7046
            },
            "text": "Cathain a chuirfear mé ar an eolas maidir le tairiscint?",
            "attrs": {
                "block_label": "paragraph_title"
            },
            "level": 3
        },
        {
            "id": "p16.11",
            "order": 13,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 52.0657,
                "t": 426.4648,
                "r": 264.6471,
                "b": 372.9467
            },
            "text": "Meastar iarratasóirí a leag iarratas isteach ar bhonn cáilíochtaí Fágála Scoile Eile (in ainneoin bhliain a gcríochnaithe) do thairiscintí i mBabhta a hAon agus sna babhtaí ina dhiaidh sin."
        },
        {
            "id": "p16.12",
            "order": 14,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 318.3923,
                "t": 579.0994,
                "r": 534.8127,
                "b": 539.0208
            },
            "text": "Is féidir teacht ar eolas maidir leis an gcaoi a dtugann\nInstitiúidí Ardoideachais faoin a measúnú agus scóráil\nsa cháipéis atá ag an nasc thíos:"
        },
        {
            "id": "p16.13",
            "order": 15,
            "type": "heading",
            "bbox": {
                "l": 333.2682,
                "t": 525.1013,
                "r": 396.3708,
                "b": 512.8617
            },
            "text": "cao.ie/euefta",
            "attrs": {
                "block_label": "paragraph_title"
            },
            "children": [
                {
                    "id": "p16.13.1",
                    "order": 16,
                    "type": "link",
                    "bbox": {
                        "l": 333.669,
                        "t": 525.142,
                        "r": 396.25,
                        "b": 515.142
                    },
                    "text": "cao.ie/euefta",
                    "attrs": {
                        "uri": "https://www.cao.ie/euefta",
                        "action_type": "/URI"
                    }
                }
            ],
            "level": 3
        },
        {
            "id": "p16.14",
            "order": 17,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 318.1523,
                "t": 495.5823,
                "r": 537.212,
                "b": 401.5057
            },
            "text": "Tabhair faoi deara: I gcás iarrthóiir a rugadh lasmuigh de Phoblacht na hÉireann, a fuair a gcuid scolaíochta iomláine lasmuigh de Phoblacht na hÉireann, agus a bhfuil cáilíochtaí seachas an Ardteistiméireacht á gcur isteach acu chun máithreánú, déantar iad sin a dhíolmhú go huathoibríoch ó Ghaeilge agus ní gá dóibh iarratas a dhéanamh ar Ollscoil na hÉireann."
        },
        {
            "id": "p16.15",
            "order": 18,
            "type": "heading",
            "bbox": {
                "l": 51.8257,
                "t": 345.1077,
                "r": 232.0161,
                "b": 317.9887
            },
            "text": "Céard é an spriocdháta le mo chuid doiciméad a leagan isteach?",
            "attrs": {
                "block_label": "paragraph_title"
            },
            "level": 3
        },
        {
            "id": "p16.16",
            "order": 19,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 51.3459,
                "t": 311.9889,
                "r": 275.2042,
                "b": 137.5151
            },
            "text": "Moltar duit do dhoiciméid thacaíochta a leagan isteach chuig an CAO a luaithe agus is féidir. Maidir le scrúduithe a rinneadh cheana féin, ba cheart cruthúnas a chur chuig an CAO taobh istigh de 10 lá ó chláraigh tú leis an CAO. Is gá cruthúnas a bhaineann le torthaí scrúduithe a bheidh á ndéanamh sa bhliain reatha a chur chuig an CAO a luaithe agus a bhíonn siad ar fáil, agus is gá go mbeidh siad ag an CAO 12 lá ar a laghad roimh an mbabhta ábhartha tairiscintí. Féadfaidh sé go measfaidh Institiúidí Ardoideachais doiciméid a fhaightear i ndiaidh an dáta seo, ach tá baol ann nach measfar iad go dtí an chéad bhabhta eile."
        },
        {
            "id": "p16.17",
            "order": 20,
            "type": "figure",
            "bbox": {
                "l": 48.9465,
                "t": 108.9561,
                "r": 81.8175,
                "b": 73.9174
            },
            "text": "",
            "attrs": {
                "block_label": "image"
            },
            "children": [
                {
                    "id": "p16.17.1",
                    "order": 21,
                    "type": "heading",
                    "bbox": {
                        "l": 64.0624,
                        "t": 100.3164,
                        "r": 73.1798,
                        "b": 77.5172
                    },
                    "text": "！",
                    "attrs": {
                        "block_label": "paragraph_title"
                    },
                    "level": 3
                }
            ]
        },
        {
            "id": "p16.18",
            "order": 22,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 85.6564,
                "t": 107.2762,
                "r": 542.0107,
                "b": 44.6384
            },
            "text": "TABHAIR FAOI DEARA: rachaidh muid i dteagmháil le hiarratasóiri tríd an rómhphost. Nuair a sheolann muid rómhphoist, seolann muid iad chuig an seoladh rómhphoist a cláraíodh ar d'iarratas CAO. Cinntigh le do thoil go gcoimeádann tú súil ar an mbosca rómhphoist seo le haghaidh teachtaireachtaí ón CAO. D'fhéadfá a bheith siar go mór leis mura ndéanann tú amhlaidh. Is féidir cóip de gach rómhphost a seoladh ón CAO a fheiceáil sa rannán Comfhfreagrais i do chuntas CAO."
        }
    ],
    "excluded_furniture": {
        "first": [],
        "last": [
            {
                "id": "p16.f1",
                "order": 23,
                "type": "footer",
                "bbox": {
                    "l": 292.2395,
                    "t": 22.0792,
                    "r": 303.2764,
                    "b": 13.1995
                },
                "text": "13",
                "attrs": {
                    "block_label": "number"
                }
            }
        ]
    }
}