{
    "document_id": 15629,
    "page": 35,
    "width_pt": 595.276,
    "height_pt": 841.89,
    "rotation": 0,
    "pipeline_version": "paddleocr-vl-1.6+paul-48",
    "engine": "paddleocr_vl",
    "source_run_id": 15746,
    "item_count": 27,
    "counts_by_type": {
        "header": 1,
        "heading": 4,
        "link": 1,
        "list": 1,
        "list_item": 5,
        "text": 14,
        "title": 1
    },
    "build_ms": 5,
    "items": [
        {
            "id": "p35.1",
            "order": 1,
            "type": "header",
            "bbox": {
                "l": 343.1055,
                "t": 815.7309,
                "r": 550.4084,
                "b": 804.6913
            },
            "text": "CÉIM NA TAIRISCEANA / LÁMHLEABHAR AN CAO 2027",
            "attrs": {
                "block_label": "header"
            },
            "level": 2
        },
        {
            "id": "p35.2",
            "order": 2,
            "type": "title",
            "bbox": {
                "l": 43.428,
                "t": 762.9328,
                "r": 212.5814,
                "b": 732.9339
            },
            "text": "RÍOMH POINTÍ LE hAGHAIDH\nSCRÚDUITHE EILE",
            "attrs": {
                "block_label": "doc_title"
            },
            "level": 2
        },
        {
            "id": "p35.3",
            "order": 3,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 42.4683,
                "t": 715.4145,
                "r": 284.3217,
                "b": 636.2173
            },
            "text": "Téigh chuig an rannán ‘larratasóiri’ ar láithreán gréasáin an CAO ar www.cao.ie/scoring agus téigh chuig 'Scóráil an larratasóra' chun faisnéis a fháil faoin dóigh a rómhtar pointí i gcás cháilíochtaí QQI FET/FETAC, Scrúduithe GCE (Sasana, an Bhreatain Bheag agus Tuaisceart Éireann) agus an treoir maidir le riachtanais iontrála le haghaidh iarratasóiri AE/CSTE."
        },
        {
            "id": "p35.4",
            "order": 4,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 52.3056,
                "t": 623.0178,
                "r": 245.2124,
                "b": 612.4582
            },
            "text": "Ríomh Pointí le hAghaidh Scrúduithe Eile: cao.ie/scoring",
            "children": [
                {
                    "id": "p35.4.1",
                    "order": 5,
                    "type": "link",
                    "bbox": {
                        "l": 54.008,
                        "t": 621.448,
                        "r": 244.818,
                        "b": 614.448
                    },
                    "text": "Ríomh Pointí le hAghaidh Scrúduithe Eile: cao.ie/scoring",
                    "attrs": {
                        "uri": "https://www.cao.ie/scoring",
                        "action_type": "/URI"
                    }
                }
            ]
        },
        {
            "id": "p35.5",
            "order": 6,
            "type": "heading",
            "bbox": {
                "l": 44.1478,
                "t": 597.8187,
                "r": 145.16,
                "b": 583.6592
            },
            "text": "ÁIT A CHUR SIAR",
            "attrs": {
                "block_label": "paragraph_title"
            },
            "level": 3
        },
        {
            "id": "p35.6",
            "order": 7,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 42.4683,
                "t": 566.1398,
                "r": 260.8081,
                "b": 540.9407
            },
            "text": "Más mian leat tairiscint áite a chur siar, ná glac leis an tairiscint a thugtar duit. Ina ionad sin, ní mór duit:"
        },
        {
            "id": "p35.7",
            "order": 8,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 43.1881,
                "t": 537.5808,
                "r": 283.8418,
                "b": 511.4218
            },
            "text": "• ríomhphost a sheoladh chuig an Oifig lontrála san Institúíd\nArdoideachais chuí láithreach"
        },
        {
            "id": "p35.8",
            "order": 9,
            "type": "list_item",
            "bbox": {
                "l": 43.428,
                "t": 507.8219,
                "r": 260.0883,
                "b": 481.1829
            },
            "text": "d'ainm a thabhairt mar atá sé ar an iarratas CAO atá déanta agat"
        },
        {
            "id": "p35.9",
            "order": 10,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 43.1881,
                "t": 477.583,
                "r": 274.4844,
                "b": 451.1839
            },
            "text": "• an uimhir iarratais CAO a fuair tú agus an cód cúrsa don\ntairiscint is mian leat a chur siar a lua"
        },
        {
            "id": "p35.10",
            "order": 11,
            "type": "list_item",
            "bbox": {
                "l": 43.1881,
                "t": 447.824,
                "r": 267.5263,
                "b": 435.5845
            },
            "text": "an chúis/na cuiseanna leis an iarraidh a leagan amach",
            "marker": "•"
        },
        {
            "id": "p35.11",
            "order": 12,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 43.428,
                "t": 432.4646,
                "r": 263.9273,
                "b": 406.3055
            },
            "text": "• “IONTRÁIL A CHUR SIAR” a mharcáil go soiléir i líne\nábhair an rómhphoist."
        },
        {
            "id": "p35.12",
            "order": 13,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 42.2284,
                "t": 398.8658,
                "r": 277.8435,
                "b": 231.3518
            },
            "text": "Is féidir leat láithreán gréasáin na hInstitiúide Ardoideachais\nábhartha a sheiceáil chun a fháil amach an bhfuil beartas\ncuir siar ar fáil ar líne ar féidir leat amharc air.\nCaithfidh an róimhphost a bheith ag Oifig lontrála na hinstitiúide dhá lá ar a laghad roimh an dáta freagartha atá luaite ar an bhFógra Tairisceana. Cuirfidh an Institiúid Ardoideachais cibé cinneadh a dhéantar in iúl duit go díreach. Mura dtugtar cead duit an Tairiscint a chur siar, féadfaidh tú glacadh leis an tairiscint don bhliain reatha ar choinníoll go nglacann tú leis an tairiscint faoin dáta freagartha. Seol gach comfhfreagras maidir le hiontráil a chur siar chuig na hOifigi lontrála agus ní chuig an CAO."
        },
        {
            "id": "p35.13",
            "order": 14,
            "type": "heading",
            "bbox": {
                "l": 42.9482,
                "t": 218.3922,
                "r": 226.2577,
                "b": 188.6333
            },
            "text": "CONAS GLACADH LE CÚRSA A CUIREADH SIAR",
            "attrs": {
                "block_label": "paragraph_title"
            },
            "level": 3
        },
        {
            "id": "p35.14",
            "order": 15,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 43.428,
                "t": 171.5939,
                "r": 230.0966,
                "b": 160.3143
            },
            "text": "Má éiríonn leat cead a fháil iarratas a chur siar:"
        },
        {
            "id": "p35.15",
            "order": 16,
            "type": "list",
            "bbox": {
                "l": 42.9482,
                "t": 721.1743,
                "r": 550.8882,
                "b": 38.16
            },
            "text": "",
            "attrs": {
                "item_count": 3
            },
            "children": [
                {
                    "id": "p35.15.1",
                    "order": 17,
                    "type": "list_item",
                    "bbox": {
                        "l": 45.3543,
                        "t": 159.84140000000002,
                        "r": 548.0717,
                        "b": 147.60829999999999
                    },
                    "text": "Bí cinnte go seolann tú foirm iarratais chuig an CAO an bhliain dár gcionn agus go n-íocann tú an táille iarratais chuí. Ní mór duit an fhoirm iarratais a chomhlánú go hiomlán agus na treoracha go léir a chomhlionadh go cúramach. Moltar go láidir go guireann tú iarratas isteach faoin 1 Feabhra ag 5pm chun srianta ar bith a sheachaint. Más mian leat iarratas a chur isteach i ndiaidh an dáta seo, ba chóir duit seiceáil ar dtús leis an Institiúid Ardoideachais ábhartha;",
                    "marker": "1."
                },
                {
                    "id": "p35.15.2",
                    "order": 18,
                    "type": "list_item",
                    "bbox": {
                        "l": 42.9482,
                        "t": 98.04,
                        "r": 280.9626,
                        "b": 38.16
                    },
                    "text": "Cuir an cúrsa a chuir tú siar síos mar chéad rogha de do chuid agus ná roghnaigh aon chúrsa eile ar an bhfoirm iarratais;",
                    "marker": "2.",
                    "attrs": {
                        "bbox_estimated": true
                    }
                },
                {
                    "id": "p35.15.3",
                    "order": 19,
                    "type": "list_item",
                    "bbox": {
                        "l": 309.7547,
                        "t": 721.1743,
                        "r": 550.8882,
                        "b": 681.5757
                    },
                    "text": "Tabhair le fios gur chuir tú an cúrsa siar trí tic a chur leis an mbosca a léiríonn larratasóir Curtha Siar, sa rannán Rogha Cúrsáin ar d'iarratas.",
                    "marker": "3."
                }
            ]
        },
        {
            "id": "p35.16",
            "order": 20,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 309.2748,
                "t": 674.856,
                "r": 547.5292,
                "b": 568.0598
            },
            "text": "Tá sé tábhachtach go léann tú an litir a thug cead duit cúrsa a chur siar chun tuilleadh treoracha a fháil. Níl tú ag comhlionadh na gcoinníollacha a ghabhann le cúrsa a chur siar má roghnaíonn tú aon chúrsa eile seachas an ceann a chuir tú siar. Ach má roghnaíonn tú aon chúrsa eile seachas an ceann a chuir tú siar, ansin cuirfear as an áireamh tú don chúrsa a cuireadh siar agus beidh ort dul sa choimhlint d'áiteanna sa ghnáthshlí."
        },
        {
            "id": "p35.17",
            "order": 21,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 309.2748,
                "t": 561.34,
                "r": 548.9688,
                "b": 481.4228
            },
            "text": "Nuair a bheidh tú ag seoladh isteach d'iarratas an bhliain dár gcionn, caithfidh tú an fhoirm iarratais a chomhlánú go hiomlán. I bhfocail eile, ní mór duit aon fhaisnéis phearsanta agus aon doiciméid, etc. a sheol tú isteach le d'iarratas bunaidh a áireamh (mura ndeir an institiúid atá ag tairiscint na háite a mhalairt)."
        },
        {
            "id": "p35.18",
            "order": 22,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 309.2748,
                "t": 474.9431,
                "r": 538.1717,
                "b": 449.024
            },
            "text": "Ba cheart d'iarratasóiri a bhí incháilithe do DARE agus/nó HEAR in 2026 leathanaigh 21 agus 23 a léamh."
        },
        {
            "id": "p35.19",
            "order": 23,
            "type": "heading",
            "bbox": {
                "l": 309.9946,
                "t": 434.3845,
                "r": 475.7889,
                "b": 405.5855
            },
            "text": "PRÓISEAS ACHOMHARC NA hARDTEISTIMÉIREACHTA",
            "attrs": {
                "block_label": "paragraph_title"
            },
            "level": 3
        },
        {
            "id": "p35.20",
            "order": 24,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 309.2748,
                "t": 388.5462,
                "r": 545.1298,
                "b": 322.3085
            },
            "text": "Más rud é gur iarr tú achomharc a dhéanamh in aghaidh roinnt de do scrúduithe Ardteistiméireachta agus go n-athraítear do chuid torthaí de bharr an achomhairc sin, athrófar d'áit sa liosta ‘Ord Fiúntais’ chun do scór pointí nua a léiriú."
        },
        {
            "id": "p35.21",
            "order": 25,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 309.0349,
                "t": 315.8287,
                "r": 550.1684,
                "b": 221.7521
            },
            "text": "Gheobhaidh tú tairiscint má mheastar thú a bheith i dteideal áit ar chúrsa bunaithe ar do thorthai Ardteistiméireachta uasghrádaithe. Más rud é gur leithdháileadh na háiteanna go léir le haghaidh an chúrsa sin cheana féin, cuirfear an tairiscint siar duit don bhliain acadúil ina dhiaidh sin. Is í an Institiúid Ardoideachais agus ní an CAO a dhéanann an cinneadh ar áit a thairiscint."
        },
        {
            "id": "p35.22",
            "order": 26,
            "type": "heading",
            "bbox": {
                "l": 309.2748,
                "t": 208.0726,
                "r": 526.6549,
                "b": 179.0336
            },
            "text": "CLÁRÚ AR AN gCÚRSA A nGLACANN TÚ LEIS",
            "attrs": {
                "block_label": "paragraph_title"
            },
            "level": 3
        },
        {
            "id": "p35.23",
            "order": 27,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 308.7949,
                "t": 162.4742,
                "r": 549.4486,
                "b": 95.2766
            },
            "text": "Tar éis áit a thairiscint dó/di agus tar éis dó/di glacadh leis an tairiscint sin, ní bheidh iarratasóir chuig an CAO ina m(h)ac léinn de chuid na hInstitiúide Ardoideachais ach amháin tar éis dó/di próiseas cláraithe na hinstitiúide Ardoideachais a chróichnú."
        }
    ],
    "excluded_furniture": {
        "first": [],
        "last": [
            {
                "id": "p35.f1",
                "order": 28,
                "type": "footer",
                "bbox": {
                    "l": 291.5197,
                    "t": 22.0792,
                    "r": 303.0365,
                    "b": 13.1995
                },
                "text": "32",
                "attrs": {
                    "block_label": "number"
                }
            }
        ]
    }
}