{
    "document_id": 15629,
    "page": 19,
    "width_pt": 595.276,
    "height_pt": 841.89,
    "rotation": 0,
    "pipeline_version": "paddleocr-vl-1.6+paul-48",
    "engine": "paddleocr_vl",
    "source_run_id": 15746,
    "item_count": 19,
    "counts_by_type": {
        "figure": 1,
        "header": 1,
        "heading": 6,
        "link": 1,
        "text": 10
    },
    "build_ms": 3,
    "items": [
        {
            "id": "p19.1",
            "order": 1,
            "type": "header",
            "bbox": {
                "l": 298.2378,
                "t": 815.9709,
                "r": 550.6483,
                "b": 804.6913
            },
            "text": "IARRATAS A CHUR CHUIG AN CAO / LÁMHLEABHAR AN CAO 2027",
            "attrs": {
                "block_label": "header"
            },
            "level": 2
        },
        {
            "id": "p19.2",
            "order": 2,
            "type": "heading",
            "bbox": {
                "l": 42.9482,
                "t": 761.7329,
                "r": 330.149,
                "b": 740.8536
            },
            "text": "6. Ardoideachas Triú Leibhéal",
            "attrs": {
                "block_label": "paragraph_title"
            },
            "level": 3
        },
        {
            "id": "p19.3",
            "order": 3,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 42.7082,
                "t": 713.7346,
                "r": 527.3747,
                "b": 684.4556
            },
            "text": "TÁBHACHTACH: Is gá d'iarratasóiri a bhfuil cáilíochtaí Ardoideachais Triú Leibhéal á leagan isteach acu an méid seo a leanas a léamh go cúramach agus ina iomláine."
        },
        {
            "id": "p19.4",
            "order": 4,
            "type": "heading",
            "bbox": {
                "l": 51.8257,
                "t": 667.4162,
                "r": 294.6388,
                "b": 654.4567
            },
            "text": "Cé ar cheart dó tic a chur leis an gcatagóir seo?",
            "attrs": {
                "block_label": "paragraph_title"
            },
            "level": 3
        },
        {
            "id": "p19.5",
            "order": 5,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 51.3459,
                "t": 648.2169,
                "r": 297.0382,
                "b": 541.1807
            },
            "text": "Ba cheart duit an chatagóir seo a roghnú má d'fhreastail tú ar institiúid ardoideachais ag am ar bith, in áit ar bith, agus ar feadh tréimhse ar bith ama. Is gá an chatagóir seo a roghnú is cuma ar éirigh leat nó nár éirigh leat sna scrúduithe a rinne tú nó mura ndearna tú na scrúduithe. Mura guireann tú an fhaisnéis chuí ar fáil, d'fhéadfaí d'iarratas a chur ar ceal. Déantar rudai a sheiceáil lena chinntiú nach bhfuil an fhaisnéis sin fángtha ar lár."
        },
        {
            "id": "p19.6",
            "order": 6,
            "type": "heading",
            "bbox": {
                "l": 51.8257,
                "t": 513.1017,
                "r": 243.5329,
                "b": 486.4627
            },
            "text": "Na Chéad Chéimeanna Eile/Doiciméid Tacaíocha:",
            "attrs": {
                "block_label": "paragraph_title"
            },
            "level": 3
        },
        {
            "id": "p19.7",
            "order": 7,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 52.7855,
                "t": 481.6628,
                "r": 297.2781,
                "b": 456.4637
            },
            "text": "1. Má tá cúrsa críochnaithe agat, ansin ba chóir duit cóip de thuairisc acadúil a sholáthar."
        },
        {
            "id": "p19.8",
            "order": 8,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 52.3056,
                "t": 452.8639,
                "r": 286.2411,
                "b": 400.0657
            },
            "text": "2. Má tharraing tú amach as cúrsa sula raibh sé\ncríochnaithe agat, ansin ba cheart duit teastas tinrimh a sholáthar a thaispeánann na dátaí a thosaigh agus a tharraing tú amach as an gcúrsa."
        },
        {
            "id": "p19.9",
            "order": 9,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 51.1059,
                "t": 397.1858,
                "r": 296.3184,
                "b": 288.4697
            },
            "text": "3. Má tá tú fós ag freastal ar institiúid ardoideachais, tabhair sonraí iomlána (ar an bhfoirm ar líne) maidir leis an institiúid/na hinstitiúidí, cúrsa(í) a rinneadh, na dátaí freastail, stádas faoi láthair, agus torthaí a fuarthas (agus an t-iarratas á dhéanamh agat). Cuir cóipeanna de thorthaí scrúduithe atá faighte agat go dtí seo (más ann dóibh) ar fáil. Ní gá duit na doiciméid atá luaite i bpointí 1 agus 2 thuas a sholáthar."
        },
        {
            "id": "p19.10",
            "order": 10,
            "type": "heading",
            "bbox": {
                "l": 326.79,
                "t": 667.4162,
                "r": 507.7001,
                "b": 641.0172
            },
            "text": "Céard é an spriocdháta le mo chuid doiciméad a leagan isteach?",
            "attrs": {
                "block_label": "paragraph_title"
            },
            "level": 3
        },
        {
            "id": "p19.11",
            "order": 11,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 326.0702,
                "t": 635.2574,
                "r": 539.3714,
                "b": 500.6222
            },
            "text": "Moltar duit do dhoiciméid thacaíochta a leagan isteach chuig an CAO a luaithe agus is féidir. Maidir le scrúduithe a rinneadh cheana féin, ba cheart cruthúnas a chur chuig an CAO taobh istigh de 10 lá ó chláraigh tú leis an CAO. Is gá cruthúnas a bhaineann le torthaí scrúduithe a bheidh á ndéanamh sa bhliain reatha a chur chuig an CAO a luaithe agus a bhíonn siad ar fáil, agus is gá go mbeidh siad ag an CAO 12 lá ar a laghad roimh an mbabhta ábhartha tairiscintí."
        },
        {
            "id": "p19.12",
            "order": 12,
            "type": "heading",
            "bbox": {
                "l": 326.55,
                "t": 473.5031,
                "r": 541.2909,
                "b": 446.3841
            },
            "text": "Cén chaoí a ndéanfar mo chuid cáilíochtaí a mheas?",
            "attrs": {
                "block_label": "paragraph_title"
            },
            "level": 3
        },
        {
            "id": "p19.13",
            "order": 13,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 326.55,
                "t": 440.8643,
                "r": 537.212,
                "b": 346.5477
            },
            "text": "Déanann na hInstitiúidí Ardoideachais cáiliúchtaí Ardoideachais Tríú Leibhéal a mheas. Beidh ort teagmháil a dhéanamh le hOifigí lontrála na nInstitiúidí Ardoideachais éagsúla chun eolas a fháilar an gcaoi a ndéanfar do cháilióchtaí a mheas. Tiocfaidh tú ar shonraí teagmhála na nInstitiúidí Ardoideachais ag an nasc thíos:"
        },
        {
            "id": "p19.14",
            "order": 14,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 342.3857,
                "t": 329.7482,
                "r": 390.3725,
                "b": 317.7487
            },
            "text": "cao.ie/hei",
            "children": [
                {
                    "id": "p19.14.1",
                    "order": 15,
                    "type": "link",
                    "bbox": {
                        "l": 342.383,
                        "t": 329.576,
                        "r": 389.959,
                        "b": 319.576
                    },
                    "text": "cao.ie/hei",
                    "attrs": {
                        "uri": "https://www.cao.ie/hei",
                        "action_type": "/URI"
                    }
                }
            ]
        },
        {
            "id": "p19.15",
            "order": 16,
            "type": "figure",
            "bbox": {
                "l": 51.3459,
                "t": 260.1507,
                "r": 86.8561,
                "b": 224.152
            },
            "text": "",
            "attrs": {
                "block_label": "image"
            }
        },
        {
            "id": "p19.16",
            "order": 17,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 91.6547,
                "t": 260.8707,
                "r": 294.6388,
                "b": 180.2336
            },
            "text": "Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi dhoiciméid a leagan isteach, téigh chuig leathanaigh 99 & 100 de Lámhleabhar an CAO. Is féidir doiciméid a uaslóádail chuig do chuntas nó a sheoladh sa phost chuig an CAO. ná déan an dá rud."
        },
        {
            "id": "p19.17",
            "order": 18,
            "type": "heading",
            "bbox": {
                "l": 63.5825,
                "t": 100.5564,
                "r": 73.4198,
                "b": 77.2772
            },
            "text": "！",
            "attrs": {
                "block_label": "paragraph_title"
            },
            "level": 3
        },
        {
            "id": "p19.18",
            "order": 19,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 85.1765,
                "t": 107.0362,
                "r": 542.0107,
                "b": 44.3984
            },
            "text": "TABHAIR FAOI DEARA: rachaidh muid i dteagmháil le hiarratasóiri tríd an rómhphost. Nuair a sheolann muid rómhphoist, seolann muid iad chuig an seoladh rómhphoist a cláraíodh ar d'iarratas CAO. Cinntigh le do thoil go gcoimeádann tú súil ar an mbosca rómhphoist seo le haghaidh teachtaireachtaí ón CAO. D'fhéadfá a bheith siar go mór leis mura ndéanann tú amhlaidh. Is féidir cóip de gach rómhphost a seoladh ón CAO a fheiceáil sa rannán Comfhfreagrais i do chuntas CAO."
        }
    ],
    "excluded_furniture": {
        "first": [],
        "last": [
            {
                "id": "p19.f1",
                "order": 20,
                "type": "footer",
                "bbox": {
                    "l": 292.4794,
                    "t": 21.8392,
                    "r": 303.2764,
                    "b": 13.1995
                },
                "text": "16",
                "attrs": {
                    "block_label": "number"
                }
            }
        ]
    }
}