{
    "document_id": 15629,
    "page": 12,
    "width_pt": 595.276,
    "height_pt": 841.89,
    "rotation": 0,
    "pipeline_version": "paddleocr-vl-1.6+paul-48",
    "engine": "paddleocr_vl",
    "source_run_id": 15746,
    "item_count": 18,
    "counts_by_type": {
        "header": 1,
        "heading": 4,
        "text": 13
    },
    "build_ms": 4,
    "items": [
        {
            "id": "p12.1",
            "order": 1,
            "type": "header",
            "bbox": {
                "l": 42.2284,
                "t": 815.9709,
                "r": 295.3586,
                "b": 804.9313
            },
            "text": "IARRATAS A CHUR CHUIG AN CAO / LÁMHLEABHAR AN CAO 2027",
            "attrs": {
                "block_label": "header"
            },
            "level": 2
        },
        {
            "id": "p12.2",
            "order": 2,
            "type": "heading",
            "bbox": {
                "l": 50.6261,
                "t": 754.5331,
                "r": 224.3382,
                "b": 742.0536
            },
            "text": "Cumarsáid thábhachtach ón CAO:",
            "attrs": {
                "block_label": "paragraph_title"
            },
            "level": 3
        },
        {
            "id": "p12.3",
            "order": 3,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 50.1462,
                "t": 735.5738,
                "r": 247.6118,
                "b": 682.7757
            },
            "text": "Ba cheart duit breathnú ar do róimhphoist go rialta mar d’fhéadfaimis cumarsáid thábhachtach a dhéanamh leat tríd an róimhphost maidir le d’iarratas."
        },
        {
            "id": "p12.4",
            "order": 4,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 49.9063,
                "t": 677.7358,
                "r": 249.0514,
                "b": 651.3368
            },
            "text": "Gheobhaidh gach iarratasóir róimhphost Seiceáil agus Dearbhaigh ón CAO í mí Bealtaine."
        },
        {
            "id": "p12.5",
            "order": 5,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 49.6663,
                "t": 646.057,
                "r": 249.0514,
                "b": 606.6984
            },
            "text": "I mí an Mheithimh, gheobhaidh gach iarratasóir a chuir QQI FET agus FETAC in iúl riomhphost ón CAO maidir lena dtortháin QQI."
        },
        {
            "id": "p12.6",
            "order": 6,
            "type": "heading",
            "bbox": {
                "l": 49.9063,
                "t": 581.7393,
                "r": 224.3382,
                "b": 555.5802
            },
            "text": "Cathain a chuirfear mé ar an eolas  \nmaidir le tairiscint?",
            "attrs": {
                "block_label": "paragraph_title"
            },
            "level": 3
        },
        {
            "id": "p12.7",
            "order": 7,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 49.9063,
                "t": 548.8604,
                "r": 245.4524,
                "b": 495.5823
            },
            "text": "Braitheann amanna tairiscintí d'iarratasóiri atá ag déanamh iarratais ar bhonn thorthai QQI FET/FETAC Leibhéal 5/6 ar an gcúrsa/na cúrsaí a bhfuil an t-iarratasóir ag cur isteach air/orthu."
        },
        {
            "id": "p12.8",
            "order": 8,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 49.4264,
                "t": 491.0225,
                "r": 248.5715,
                "b": 342.7078
            },
            "text": "Bíonn cuóta do líon na n-áiteanna atá curtha ar leataobh d'iarratasóiri QQI i gceist le roinnt cúrsaí. Sa chás seo, déanfar tú a mheas i mBabhta a Náid (go luath i mí Lúnasa) bunaithe ar do thorthaí QQI. Mura bhfaigheann tú tairiscint sa bhabhta tairisceana seo, agus má líontar cuóta na n-áiteanna atá ar fáil d'iarratasóiri QQI FET/FETAC, is féidir tú a mheas i mBabhta a hAon agus sna babhtaí ina dhiaidh sin bunaithe, mar shampla, ar do thorthaí Ardteistiméireachta nó ar cháilíochtaí fágála scoile eile."
        },
        {
            "id": "p12.9",
            "order": 9,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 49.6663,
                "t": 338.6279,
                "r": 242.5732,
                "b": 217.4323
            },
            "text": "Ní bhíonn cuótta maidir le líon na n-áiteanna atá curtha ar leataobh d'iarratasóiri QQI i gceist le roinnt cúrsaí. Sa chás seo, déanfar tú a mheas den chéad uair i mBabhta a hAon, bunaithe ar na torthaí is airde a fuair tú in aon iarracht amháin, is é sin, do thorthaí QQI nó cáilíochtaí eile má tá torthaí eile á gcur ar fáil agat, torthaí scrúduithe na hArdteistiméireachta, mar shampla."
        },
        {
            "id": "p12.10",
            "order": 10,
            "type": "heading",
            "bbox": {
                "l": 281.9223,
                "t": 755.2531,
                "r": 531.4536,
                "b": 728.614
            },
            "text": "Céard is Cúrsa a bhfuil/nach bhfuil Cuóta i gceist leis ann?",
            "attrs": {
                "block_label": "paragraph_title"
            },
            "level": 3
        },
        {
            "id": "p12.11",
            "order": 11,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 281.9223,
                "t": 722.1343,
                "r": 530.9737,
                "b": 610.0583
            },
            "text": "Bíonn cuóta do líon na n-áiteanna atá curtha ar leataobh\nd'iarratasóiri QQI i gceist le roinnt cúrsaí. Déanfar iarratais ar\nchúrsaí QQI a bhfuil cuóta ag baint leo a mheas i mBabhta a\nNáid (go luath i mí Lúnasa). Déanfar iarratais ar chúrsaí nach\nbhfuil cuóta ag baint leo a mheas den chéad uair i mBabhta a\nhAon, in éineacht le fágálaithe scoile eile.\nIs féidir leat seiceáil an mbaineann cuóta QQI leis na cúrsaí a bhfuil tú ag cur isteach orthu ag baint úsáid as an nasc thíos:"
        },
        {
            "id": "p12.12",
            "order": 12,
            "type": "heading",
            "bbox": {
                "l": 293.1992,
                "t": 597.0987,
                "r": 390.1325,
                "b": 585.8191
            },
            "text": "www.cao.ie/qqisearch",
            "attrs": {
                "block_label": "paragraph_title"
            },
            "level": 3
        },
        {
            "id": "p12.13",
            "order": 13,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 282.1623,
                "t": 570.4597,
                "r": 541.2909,
                "b": 557.9801
            },
            "text": "Cuir isteach cód cuí an chúrsa agus brúigh ar Lean ar Aghaidh."
        },
        {
            "id": "p12.14",
            "order": 14,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 281.9223,
                "t": 551.7403,
                "r": 532.4133,
                "b": 444.9441
            },
            "text": "Tiocfaidh leathanach aníos ansin ina leagtar amach na Mórdhámhachtaini agus aon dámhachtaini comhpháirte riachtanacha a theastaíonn le go ndéanfar tú a mheas don chúrsa. Sa cholún deireanach a bhfuil ‘Nótaí’ mar theideal air, beidh cóid a léiríonn más cúrsa a bhfuil nó nach bhfuil cuóta i gceist atá ann (Beidh cóid ann freisin a bhaineann le cur le chéile dámhachtaini comhpháirte ó níos mó ná bliain acadúil amháin ar mhaithe le cuspóiri scórála):"
        },
        {
            "id": "p12.15",
            "order": 15,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 289.6002,
                "t": 432.7046,
                "r": 512.7387,
                "b": 391.4261
            },
            "text": "Std - An scór a úsáidtear le hiarratasóiri a rangú i measc fágálaithe scoile agus an dream a bhfuil QQI FET/FETAC á chur i láthair acu."
        },
        {
            "id": "p12.16",
            "order": 16,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 289.6002,
                "t": 384.9463,
                "r": 530.7338,
                "b": 172.3139
            },
            "text": "Qta - An scór a úsáidtear le hiarratasóiri QQI\nFET/FETAC a rangú lena gcur san áireamh le haghaidh\niontráil i gcúrsaí a bhfuil cuótaí i gceist iontu\nd'iarratasóiri QQI FET/FETAC.\nOne - Úsáidtear an scór is fearr i seisiún amháin measúnaithe QQI FET/FETAC ar mhaithe le cuspóiri rangaithe.\nCmb - Úsáidtear an scór is fearr i meascán ar bith de sheisiúin mheasúnaithe QQI FET/FETAC ar mhaithe le cuspóiri rangaithe.\nArt - Comhcheanglófar an measúnú QQI FET/FETAC le measúnú a chuir an Institiúid Ardoideachais a bhfuil an cúrsa á chur ar fáil aici i gcrích (m.sh., measúnú punann ealaíne nó éisteacht)."
        },
        {
            "id": "p12.17",
            "order": 17,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 63.8224,
                "t": 88.5568,
                "r": 73.4198,
                "b": 65.7577
            },
            "text": "！",
            "attrs": {
                "block_label": "number"
            }
        },
        {
            "id": "p12.18",
            "order": 18,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 87.096,
                "t": 95.2766,
                "r": 522.0962,
                "b": 45.1184
            },
            "text": "TABHAIR FAOI DEARA: rachaidh muid i dteagmháil le hiarratasóiri tríd an rómhphost. Nuair a sheolann muid rómhphoist, seolann muid iad chuig an seoladh rómhphoist a cláraíodh ar d'iarratas CAO. Cinntigh le do thoil go gcoimeádann tú súil ar an mbosca rómhphoist seo le haghaidh teachtaireachtaí ón CAO. D'fhéadfá a bheith siar go mór leis mura ndéanann tú amhlaidh."
        }
    ],
    "excluded_furniture": {
        "first": [],
        "last": [
            {
                "id": "p12.f1",
                "order": 19,
                "type": "footer",
                "bbox": {
                    "l": 293.6791,
                    "t": 21.3592,
                    "r": 301.117,
                    "b": 13.6795
                },
                "text": "9",
                "attrs": {
                    "block_label": "number"
                }
            }
        ]
    }
}